Author |
Message |
Richard Knight
| Posted on Sunday, January 07, 2001 - 09:36 pm: |
|
I was wondering if you could help me translate the following english sentence into irish "Made In Ireland 1979". Thanks for your help. |
|
Lúcas
| Posted on Sunday, January 07, 2001 - 10:37 pm: |
|
Nach bhfuil sé seo Béarlachas? "Déaneadh in Éireann 1979." |
|
Máire Ní Ógáin ()
| Posted on Monday, January 08, 2001 - 08:22 am: |
|
"Déanta in Éirinn, 1979." Sorry, Lúcas - there are a couple of misspellings in your version. |
|
Seosamh
| Posted on Monday, January 08, 2001 - 05:13 pm: |
|
Purists look down on "Déanta in Éirinn" considering it as based on English, therefore, Béarlachas. They recommend "de dhéantús na hÉireann" or simply "déantús na hÉireann". That's very true to the language although I don't object to Máire's. (People get carried away with trying to be authentic and wind up sounding like bad imitations of early nineteenth-century Irish peasants. Ironic when the strongest languages in the world borrow vocabulary, expressions, and style from each other. But that's a pet grievance of mine.) "Déaneadh in Éireann 1979" needs to be put into the independent form and given an object: "Rinneadh é seo in Éireann in 1979." ("This was made in Ireland in 1979.") I think that's correct and get's the basic idea across. |
|
Dennis
| Posted on Tuesday, January 09, 2001 - 12:09 am: |
|
Someone I can't remember mentioned a treasured coathanger dating from way back that is stamped: "An tSualainn Tír a Dhéanta" Wow. Ginideach an ainmfhocail bhriathartha. Pretty spiffy. Níl aon bhéarlachas ann, bedad. Ach sa bhliain 2001, braithim go bhfuil "Déanta sa tSualainn" níos nádúrtha. Mea culpa, I guess, but "Sweden (is) the country of its making" seems just too quaint and long-winded. |
|
Laighneach
| Posted on Tuesday, January 09, 2001 - 09:21 am: |
|
Wow, Dennis, I know! I still have one of those coathangers hanging in my wardrobe! My, my, it's a small world. |
|
Seosamh
| Posted on Tuesday, January 09, 2001 - 02:02 pm: |
|
Collector's item, a Laighnigh. Ná caith amach é :-) |
|
Máire Ní Ógáin ()
| Posted on Wednesday, January 10, 2001 - 07:09 am: |
|
God, yes, I'd forgotten that one; we had one of those coathangers, too! Can we trace some sort of inspiration from the presence of a single wooden coathanger in one's home and later-day interest in an teanga mhilis? |
|
Laighneach
| Posted on Wednesday, January 10, 2001 - 12:04 pm: |
|
Ó nach aoibhinn an crochadán as gaeilge! |
|
Dennis
| Posted on Wednesday, January 10, 2001 - 12:40 pm: |
|
Dá mba mise thusa, bheinn ag dul thart ag an deireadh seachtaine ag bailiú seanrudaí mar sin a bhfuil Gaeilge scríofa orthu le haghaidh mhargadh na memorabilia collectors! Tá daoine gorma abhus anseo sna Stáit a bhfuil bailiúcháin acu de memorabilia a bhfuil black mammies ("Aunt Jemima" etc.) agus mar sin orthu: fógraí, boscaí le lipéid orthu, deilbhíní, bábógaí - rud ar bith atá sean agus a bhfuil íomhá de dhuine gorm air. Tá airgead mór sa leithéid, creid é nó ná creid! |
|
Seosamh
| Posted on Wednesday, January 10, 2001 - 04:25 pm: |
|
Bhí mé ag inse daoibh tamall siar faoin bhailiúchán atá ag duine anseo de Irish kitsch. Achan sort rud a bhfuil leipreacháin agus seamróga air. B'fhéidir go mbeadh tóir lá éigin ar a leithéidse chomh maith. (Chualathas anseo é den chéad uair.) Rud ar fiú a bhailiú ná seanleabhartha Gaeilge. Nuair a thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge ní raibh ach fíorbheagán orthu (4-5 phunta, b'fhéidir). Cluinm go mbíonn 50-70 orthu na laethe seo. Maidir leis na crochadáin, ní fios cad é diabhal rud a spreagfaidh suim sa teanga. Ach rachfaidh an tsuim i méid de réir mar a bhíonn an teanga ann. Go gcuire na milliúin síolta. Fásfaidh cuid díobh le beagán cúnaimh. |
|
Aonghus
| Posted on Thursday, January 11, 2001 - 04:00 am: |
|
Céard faoi "Solas Teoranta" ar bhleibín! Anois nuair atáim im chonaí i mBrí Chualann, tá radharc agam ar túr uisce an chomhlucht úd. |
|
Seosamh
| Posted on Thursday, January 11, 2001 - 02:37 pm: |
|
B'fhéidir gur chóir dúinn cur ina luí ar na comhlachtaí móra go mbeadh sé cliste Gaeilge a chur ar na liostaí comhábhair taois fiacla agus a gcuid táirgí eile, na liostaí i litreacha beaga bídeacha a bhíos le feiceáil ar na pacáistí. Ní bheadh an oiread sin fadhbanna mar sin le daoine ag gearán faoi na ceimicí agus na nimheanna atá iontu: sodium fluoride, FD&C Red. no. 40, caffeine, acetaminophen, srl. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Monday, January 15, 2001 - 10:12 am: |
|
Is spéisiúil bhur gcuid cainte abhus. Is é mo mheas chomh maith le sin, gur an-tábhachtach an t-ábhar comhrá agaibh. tCím gnólacht eile, dála an scéil, in aice leat, a Aonguis, Fiacla Limited, i mBrí Cualann. Pointí ar an ábhar céanna : (A) Is í an spéis a spreagann gníomhartha go leor. Is fánach an rud tinfeadh an athraithe teangan. Ní féidir lámh a leagan air. Spreagann an chomharthaíocht spéis an duine i dteanga go minic agus cothaíonn sí breis spéise, scaití. Is í an spéis mhúscailte ghníomhach seo inneall an-tábhachtach an athraithe. (B) Ní tábhacht go dtí comharthaíocht sna cúrsaí seo, mar gur slítheánta fochomhfheasach í. Baineann an chomharthaíocht le dearcadh. (C) Bunaítear an dearcadh teangan i réimsí an fhochomhfheasa. Is suaithinsí urlabhra ná comharthaí, ar ndóigh. Más ea, is féidir gur tábhachtaí an ghné bhunúsach. Is é sin, an chomharthaíocht. Níor mhiste, a chairde, scéal seo na comharthaíochta a chíoradh. D'fhéadfaí cuimheamh ar ghnéithe éagsúla na sochaí a aicmiú ina bhfargáin éagsúla tábhachta teangan. Chuirfí nithe na bailbhe agus an fhochomhfheasa ar dtús in íochtar fargán agus d'fhéadfaí nithe na gníomhaíochta agus an chomhfheasa a lua faoi na huachtair. Is é croí an scéil, áfach, an tír a bhfuil anchaoi teangan uirthi - tír a luíos faoi smál 'the Irelandization process' - is tábhachtaí i bhfad, sa gcás sin, gnéithe na bhfargán íochtair. Mar chur síos de chineál air : > labhairt (an-ghníomhach) > éisteacht/cloisteáil (an spéis spreagtha) > comharthaíocht > (tús na spéise) Is í an spéis a shnaidhmeann na fargáin ar fad dá chéile. Dá bhféadfadh lucht na Gaeilge aird a dhíriú ar an dream a dhéanfas iarracht éigin, cúrsaí na comharthaíochta Gaeilge de, níor mhiste. Dhéanfadh sé leas mór. |
|
|