Author |
Message |
padraig ()
| Posted on Wednesday, January 03, 2001 - 12:24 pm: |
|
tháinig mé trasna an án áit seo cupla nóiméad ó shin. chonas atá sibh go léir? |
|
Seosamh
| Posted on Wednesday, January 03, 2001 - 01:49 pm: |
|
Go maith atáimid i Nua Eabhrac, go raibh maith agat. Tá an chathair faoi bhrat trom sneachta go fóill. Tá sé fuar le cupla seachtain anois -- bhí sé iontach fuar aréir. Ach tá an ghrian ag taitneamh agus an pháirc go hálainn. |
|
Dennis
| Posted on Wednesday, January 03, 2001 - 02:12 pm: |
|
Tá sé ag bagairt báistí in Seattle i láthair na huaire, agus is maith an rud é sin. Bhí sé an-tirim -- dúinne -- le cúpla mí anuas. Báisteach abú! |
|
Seosamh
| Posted on Wednesday, January 03, 2001 - 02:34 pm: |
|
'Bhfuil Seattle tirim? Tá an domhan bunoscionn i gceart ag an téamh domhanda, de réir chosúlachta. |
|
Dennis
| Posted on Wednesday, January 03, 2001 - 03:37 pm: |
|
Is téarma coibhneasta "tirim" ar ndóigh! I gcóimheas le Phoenix, níl muid tirim fós. Ach tá chuile dhuine ag tabhairt faoi deara go bhfuil an geimhreadh seo an-séimh, agus beagán níos grianmhaire ná mar is gnách. |
|
Po/l Ferris ()
| Posted on Wednesday, January 03, 2001 - 06:15 pm: |
|
Halo/, a chairde. D'fhan mise i nGaillimh ar feadh tamaill, 's ni fhaca me/ aimsir chomh tais a riamh... (Is brea/ liom an fo/gra sin ar TG4: 'An mbeidh se/ fliuch?') A/dh mo/r oraibh, Po/l |
|
Pádraig ()
| Posted on Saturday, January 06, 2001 - 07:20 am: |
|
Dheara, ná bac leis an aimsire a cháirde. Dá mbeadh sé tirim gach lá beidh míd go léir ag gearán fós faoi. Tá sé Dé Satharn anseo in Éireann agus táim ag dul i gcomhair 'cúpla' deoch anocht tar éis obair. Cad tá sibhse go léir ag déanamh???? |
|
|