mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » An Ghaeilge i gCondae an Chabháin « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Bocstaí
Posted on Thursday, November 30, 2000 - 04:56 am:   Edit Post Print Post

Bocstaí anseo,
Tá mé ag bailiú eolais i dtaobh na Gaeilge i gCo. an Chabháin. Mhair an Ghaeilge mar theanga labhartha sa chondae go dtí tuairim is 1960. Tá seo fíor ach go háirithe i gcás ceantar Ghleann Ghaibhleán(Glangevlin) san iarthuaisceart den chondae. Maireann cuimhne ann i measc seandhaoine ar chainteoirí Gaeilge a bheith ann. Teastaíonn uaim fáil amach cerbh iad na cainteoirí agus cá raibh conaí orthu. Tá mé den bharúil go mbeadh seandhaoine de bhunadh Chondae an Chabháin ar an eolas seo agus bfhiú duit dul chun cainte le duine ar bith a bhfuil aithne agat orthu arbh as an Chabhán/Ghleann Ghaibhleán dóibh. Go raibh maith agat.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Thursday, November 30, 2000 - 09:49 am:   Edit Post Print Post

Spéisiúil is ea é seo, Bocstaí, mar ní raibh mórán eolais agam fén dteanga i gCo. an Chabháin. Tá na leabhair Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects le Heinrich Wagner agam, áfach, agus tá beagán eolais ann. Bhailigh Wagner eolas fé gach canúint a bhí beo in Éirinn 1950, ach scríobh sé nach raibh an teanga beo i gCabhán ansin. Fuair sé samplaí den chanúint ann, áfach, ach scríobh sé nár féidir leis na daoine a bhuail sé leo an teanga a labhairt cé go raibh cúpla focal acu.

Cá bhfuair tú an cuid eolais atá agat fén gcanúint, agus an bhfuil tú cinnte gur mhair sí 1960? Má bhí sí beo ansin, is mór an trua ná fuair Wagner cainteóirí maith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Thursday, November 30, 2000 - 01:38 pm:   Edit Post Print Post

Anois, tá na rudaí a scríobh wagner léite agam. Bhí 1173 phrasaí aige, agus nuair atá tú tar éis na 1173 phrasaí sin a léamh, tá eolas maith agat fén gcanúint a leigh tú. Fuair sé na phrasaí i gach áit seachas cúpla áit, ach nach fuair sé iad i nGleann Gaibhleán; is mór an trua.

Bhí sé i nGleann Gaibhleán (1954) agus i Sliabh na Cille (1950) in aice leis.
Seo cad a scríobh sé fé Sliabh na Cille.

"In this mountain district, east of Lough Allen, I met two old men who were able to remember some words and phrases of their native dialect, which they must have spoken in their childhood, probably to their grandparents, who knew Irish only. Apart from single words, proverbs, and some little phrases, it was impossible to get morphological material. Only a small portion of our questions were answered. I also contacted a person near Glenfarm (North Leitrim) who knew some little native Irish.
Informant:
Hubert Forde, age: 84, claims to have picked up his Irish from his grandfather who was a poet (file)."

Is docha nach raibh Gaeilge mhaith ag Hubert Forde, mar níl mórán eolais féna chanúint sa leabhar ach cúpla leathanach le foclaí. Bhí stád na teanga níos measa i GLANGEVLIN, is docha, mar níl aon eolas de na daoine na háite sa leabhar in aon chor.


Seo cad a scríobh Wagner fé Ghleann Gaibhleán


"This district belongs geographically and partly also linguistically to Ulster. Our material obtained in this area is extremely scanty, too.
Informants:
a) Bríd Magavern, age: over 90
b) Owen Magavern, age: over 90

Leitrim and Cavan Irish died before they were studied systematically. This is a considerable loss to Irish studies, as it must have been here that East Ulster Irish and Connaught Irish clashed. T.F.O'Rahilly writes 1932 ("Irish dialects past and present", p. 100): "further investigation of the Irish of these areas (Lough Allen, Co. Leitrim, S.E. Sligo, North Roscommon) would be highly desirable before the last native speaker is dead and gone".

(Is cuimhin liom go bhfuil beagán (fíor-bheagán) eolas fé chanúint Cho. an Chabháin sa leabhar "An Teanga Bheo: Uladh. Tá an leabhar sin nua, 1999-2000 is dóigh liom)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Friday, December 01, 2000 - 04:59 am:   Edit Post Print Post

Bhuel, níl an scéal chomh dona mar a cheapas! Rinne an t-ollamh Wilhelm Dögen ceirníní de na canúintí sna háiteanna seo 1931, níos mó na 20 blian sula rinne Wagner a leabhair

Aontroim:
áit: Glenariff
cainteoir Brian Mac Amhlaoibh (76)

Doire:
áit: Ballinascreen
cainteoir Éilis Ní Chleircín (74)

Tír Eoghain:
áit: Creggan
cainteoir Eóin O Cianáin (74)
áit Glenlark
cainteoir Jane Nic Ruaidhrí (??)
áit Cill Litre
cainteoir Pádraig O Gallchobhair (??)
áit Mín na Bláithche
cainteoir Máire Nic Dháibhidhl (??)

An Lú
áit: Ardagh
cainteoir Brian Mac Cuarta (84)
áit Drumulagh
cainteoir Brighid Ní Chaslaigh (70)

Ard Mhacha
áit Clonalig
cainteoir Máire Ní Arbhasaigh (75)

AGUS:

Co. an Chabháin:
áit: Gleann Gaibhleann
cainteoir Seán Éamuinn Ruaidhrí Mhag Uidhir (??)

Sna lasid, tá eolas ar na háiteanna seo in Uladh (seachas Dún na nGall, dár ndóigh):

Tír Eoghain
Creggan: "In 1950, I collected in a few mountain valleys of County Tyrone (between Creggan and the Sperrin mountains) a considerable amount of material from about twelve native speakers. Only one of them could speak Irish as fluent as English […]"

Aontroim:
Oileán Reachlainn "Informants: Dónall and John Mac Curdy, age: between 50 and 60 […] Both could converse freely in their native language

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Posted on Saturday, December 02, 2000 - 02:13 pm:   Edit Post Print Post

Iontach ar fad!

Go raibh maith agat a Jonas, cá bhfuil tú ag fáil an t-eolas seo go léir.
Ba mhaith liom a fháil amach cén faoi Ghaeilge Chontae Lú an féidir leat níos mó a insint dúinn.

Kay.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Sunday, December 03, 2000 - 10:49 am:   Edit Post Print Post

A Kay

Tá beagán eolais agam fén gcanúint Chontae Lú, ach níl sé agam anois; scríobhad isteach é amárach. Tá a fhios agam go raibh Gaeilge beo i gContae Lú nios fuide ná áit ar bith eile i Laighean.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Máire Ní Ógáin ()
Posted on Monday, December 04, 2000 - 10:40 am:   Edit Post Print Post

Tá neart foinsí ann faoi Ghaeilge Chontae Lú ach is doiligh teacht orthu.Tá cur síos air i leabhar Wagner, más buan mo chuimhne, agus tá téipeanna den chanúint san Acadamh Ríoga (agus cóipeanna agamsa...) An-spéisiúil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Monday, December 04, 2000 - 11:52 am:   Edit Post Print Post

Tá taighde críochnaithe te bruite ag fear ar m'aithne as Baile na nEach ar Ghaeilg Teallaigh Eachach/ceantar Ghleann Gaibhleann.
Cuirfead ar an eolas é faoin spéis a léiríodh sa chanúint ar an tsuíomh seo. I measc roinnt scéalta a d'tug Seán Éamuinn Ruaidhrí bhí ceann barrúil darb ainm 'Siúd thall é! Siúd thall é!' Táid thar a bheith doiléir i ngeall ar an tseanchóras taifeadta, an t-eideafón.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Monday, December 04, 2000 - 12:06 pm:   Edit Post Print Post

Anois, tá an leabhar Wagner léite agam aríst, agus seo mar a scríobh sé fén dteanga i Lú:

"Unfortunately, Irish had disappeared from East Ulster […] In Omeath, (Louth), which was undoubtedly the last stronghold of South East Ulster Irish, one native speaker had survived

Omeath, County Louth
1950 I was able to collect a considerable amount of material from a person who is considered the last native speaker of Omeath Irish.
Informant: Anna O’Hanlon (maiden name Dobbin), age 78 [..] could not converse freely in the language anymore. She had been brought up by an old aunt (Alice Dobbin) who had no English. Mrs. O’Hanlon’s mother did not speak Irish to her daughter."

Agus seo mar a scrítear fén obair a rinne Dönigen i Lú 1931

"The first three texts were given by Brian Mac Cuarta, who was aged 84 when recorded; his address is given as Ardagh, Omeath. The remaining four texts were provided by Brighid Ní Chaslaigh of Drumuöagh, Omeath, who was aged 70 at the time."

Tá na teacstaí sin léite agam, agus níl aon dabht ach gur canúint Uladh a b'ea í an teanga i gCo. na Lú, cé go bhfuil an chontae suite i Laighean

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam OBriain
Posted on Wednesday, January 17, 2001 - 03:52 am:   Edit Post Print Post

An bhfuil a fhios ag éinne faoin chainteoir deireadh duchais
i gContae Luimnigh mar as Luimneach mise.
Míle buíochas,
Liam

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Máire Ní Ógáin ()
Posted on Wednesday, January 17, 2001 - 06:11 am:   Edit Post Print Post

Ní shílim go bhfuil an Ghaeilge marbh le fada i Luimneach. Cara liomsa, ba chainteoir dúchais Gaeilge as Luimneach a mháthair mhór agus bhí sí fós beo cúig bliana ó shin, ach go raibh cónaí uirthi in Albain faoin am sin. B'fhéidir go bhfuil go fóill...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

T. Devine ()
Posted on Wednesday, January 17, 2001 - 02:23 pm:   Edit Post Print Post

An bhfuil móran scríofta faoin nGaeilge i Sleagach (insan iarthar den gContae go hairithe)? Chomh maith, caide an scéal faoina cainteoirí ó Oileann Acla agus an t-iarthar Mhaigh Eo a bhiodh ag taisteal go Albainn chuile bhlain sa 19ú cead le haghaidh obair. An bhfuil scéal ar bith ann faoina tathaí idir iad -na cainteoirí dhucas as Connacht- agus na cainteoirí dhúcas Gaeilge na Albann. An raibh siad in ann caint le cheile insan dteanga?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

liam o briain
Posted on Friday, January 19, 2001 - 12:10 am:   Edit Post Print Post

Sna fichidí in irishtown,halifax,Nova Scotia an Cheanada bhí cupla teaghlaigh agus an Ghaeilge mar príomhtheanga acu.Sé sin suimiúil ar fhad,nach bhfuil?Fuair mé an t-eolas seo as suiomh idirlíne Comhairle Gaedhlig na hAlban Nua.
Liam

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam O Briain
Posted on Friday, January 19, 2001 - 04:32 am:   Edit Post Print Post

Ba chóir leis an Rialtas suirbhé nua a dhéanamh cosúil le Wagner sna Caogaidí maidir le staid an Ghaeilge sa Ghalltacht sa lá atá inniú. Bheadh Jonas,Kay,Bocstaí,Seosamh,Máire agus mé féin abálta taisteal fríd an tír ag bailiú eolas.Is brionglóid é gan amhras.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Saturday, January 20, 2001 - 01:03 pm:   Edit Post Print Post

A Chairde,

Tá an oiread contaethe faoi thrácht againn an an bpointe seo gur cheart an comhrá a scaradh amach dá réir. Crochfadsa giota eolais ar Shligeach, faoina ainm féin, ina dhiaidh seo ar an liosta thíos. Níor mhiste nóta faoi Bhréifne Thoir - An Cabhán, a fhágáil abhus, sula n-imí mé. Fágfad faoi fhear Bhaile na nEach a ladar a chur sa scéal am éigin amach anseo, má fhaigheann sé an deis chuige.

Alt fada san iris 'Béaloideas' is ea an sliocht is faide dá bhfaca ar chanúint sin an Chabháin. Tá thart faoi leathchéad leathanach, más buan mo chuimhbne, de théacsanna agus de chur síos ann. Tá sé agam féin i measc an chnaip sa mbaile.
Is fiú go mór súil a scinneadh tríd an alt 'Glangevlin's Irish College - Ardscoil Bhréifne' le Séamas P. Ó Mórdha, i mBréifne, irisleabhar an chumainn staire, imleabhar viii, uimhir 1, 1989 - 90, lch. 80 - 117. Is é sin, BREIFNE. Idir ghrafanna gréine agus roinnt an eolais, is mór is fiú é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Sunday, January 21, 2001 - 12:25 pm:   Edit Post Print Post

Tá an ceart agat, a Liam, ba cheart suirbhé nua a dhéanamh.
Is ana-mhór an trua nach rinne duine éigint suirbhe timpeall 1890-1910. Bhí daoine ann fós a raibh Gaeilge maith acu ar fud na tíre. (m.sh. gach contae in Uladh, Connacht agus Mumhan)

Jonas

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam Ó Briain
Posted on Wednesday, January 24, 2001 - 12:22 am:   Edit Post Print Post

An bhfuil eolas ag éinne faoin Gaeilge i gContae an Chláir nó i Thiobraid Árainn?Míle buíochas,
Liam

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Wednesday, January 24, 2001 - 06:27 am:   Edit Post Print Post

Tá leabhar ann, The Dialects of Co. Clare, le Nils Holmér. Níl an leabhar san agam, ach tá cúpla leabhar eile le Holmér léite agam agus tá siad ana-mhaith.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge