mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2000 (July-December) » Bas no an Bua or Bas no am Bua ? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Shannon OConner
Posted on Monday, November 20, 2000 - 06:03 pm:   Edit Post Print Post

Which is the proper way to spell Victory or Death?

Bas no AN Bua or Bas no AM Bua?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Monday, November 20, 2000 - 11:19 pm:   Edit Post Print Post

Bua nó bás. The article would be 'an' with either noun: an bua, an bás. But you don't need it here.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Tuesday, November 21, 2000 - 04:19 am:   Edit Post Print Post

Táim amhrasach faoin saghas sin mana.
Is fearr liom fhéin "rith maith ná drochsheasamh" nó mar atá luaite leis an gCadhnach, "is fearr suí ar muc na seasamh ar mhadra" (Agus tá súil le dia agam nar dhéanas praiseach gramadaí den ráiteas deiridh san nó bedh Aos gramadaí ar mo thóir arís).

Aon scéal agatsa, 'Sheosamh? 'Bhfuil uachtarán agaibh fós?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Tuesday, November 21, 2000 - 12:38 pm:   Edit Post Print Post

Réimse eile de theanga na manaí, srl. Tig le duine gnáthGhaeilge a fhoghlaim go maith gan a bheith ábalta an teanga a úsáid i gceart agus réimsí eile i gceist. Cumann cainteoirí dúchais de theanga ar bith rudaí atá ciotach -- stíl, comhréir, etc. atá i gceist. Ar 'beir bua agus beannacht' a bhí mé ag smaoineadh.

Níl ná scéala maidir le huachtarán nua.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Posted on Tuesday, November 21, 2000 - 01:37 pm:   Edit Post Print Post

Agus níl a fhios againn fós, abhus anseo i Stát Washington, an mbeidh "Slick" Slade Gorton nó Maria Cantwell againn mar shéanadóir. Táid ag comhaireamh na na mballóidí absentee fós, ach is léir go bhfuil siad chomh gar sin dá chéile go mbeidh recount riachtanach de réir an dlí. Faigheann foighne fortacht? Dála an scéil, is maith liom an seanfhocal a thug tú dúinn, ceann nua domsa: Is fearr suí etc.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Wednesday, November 22, 2000 - 04:05 am:   Edit Post Print Post

Bheul, ní thabharfainn seanfhoca air. Bon mot.
Tá scéal a ghabhann leis, a léigh mé san beathaisnéis "Iomramh Aonar" ar Bhreandán Ó hEithir atá díreach foilsithe.

Is cosúil go raibh Mairtín Ó Cadhain ar Inis Mhéain fadó, agus lá amháin nuair a bhí sé ag dul isteach sa tabhairne bhí madra sa tslí air. Tháinig sé isteach sa teach go tobann dá bhrí sin, agus duirt fear a bhí istigh cheana "is fear rith maith ná ..." agus a náth thuas a thug an Cadhnach mar fhreagra air.

Maidir leis an Bás nó Bua thuas, níl aon fadhb teangain agam leis, is leis an coincheap atá fadhb agam! Táim ró daonlathach le glacadh leis go bhfuil a léithéid de mheon sasúil sa chomhluadar.

Is cuimhin liom uair amháin duine ag rá faoi "Dulce et decorum est pro patria mori" nach luáitear ann go bhfuil sé maith agus milis marú ar son do thír....cé go nglactar leis go minic gurbh san cuid de manaí den tsort san.

Agus is rogha an dá díghe atá agibh thall, mar sin. An raibh Seoirse III chomh holc? ;-).

Bainigí taitneamh as comoradh an Bhuíochais an tseachtain seo, a chuimhnigí más é bhur dtoil é ar na duchasaigh a chothaigh ná Púratáinigh san chéad gheimhridh! (Tá súil agam nach ró dhána an mhaise é Eorpach a bheith ag iarraidh ceacht staire a thabhairt díobh, tá súil agam go nglacfár leis san spiioraid inar tugadh é).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Posted on Wednesday, November 22, 2000 - 02:18 pm:   Edit Post Print Post

Rogha an dá dhíogha? Is dócha go bhfuil an ceart agat. Beidh uachtarán nua againn faoi dheireadh thiar thall, ach ní bheidh aon bhuaiteoir ann. Tá mé féin réasúnta cinnte anois gurb é Dubya a bheas san Oval Office an bhliain seo chugainn. Ar an láimh eile, is féidir go mbeidh an bua ag Cantwell abhus anseo in Washington State. Bheadh scoilt 50-50 sa Seanad ansin! Uachtarán gan mandate. Seanad gan tromlach. Suimiúil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Thursday, November 23, 2000 - 02:37 pm:   Edit Post Print Post

Maidir le beirt na hiomaíochta, Ó Dáire/Gore agus Ó/Mac Sceacháin/Ó Draighneáin/Ó Muineacháin/Bush, is cosúil 'go mbeidh lá eile ag an' bpéire acu!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Saturday, November 25, 2000 - 03:16 pm:   Edit Post Print Post

'S é mo bharúil le tamall anois go dtabharfar an bhuaidh do Mhac Dhraighean Texas. Ciallaigheann sin Seanad gan tromlach (agus Joe Lieberman agus Hillary Clinton ann :-) De réir pobalbhreithe áirid ceapann an tríú cuid den phobal nach mbeidh uachtaránacht an duine dlisteanach (an barúil chéanna ag daoine eile i leith Gore, ach glacaim nach mbeidh an bhuaidh aige).

Tá an méid sin dona go leor ach tá an barúil ag fás i measc cuid de lucht na polaitíochta go bhfuil lucht na heite deise sa GOP ag tógáil boladh chonablaigh ghonta na huachtaránachta seo fosta agus go mbeidh siadsan ag dul as smacht ar Mhac an Draighneáin. Má's amhlaidh, beidh an Seanad agus 'Teach na dTeachtaí' ag na Daonlathaí arís i gcionn dá bhliain.

Níor leag siad cos insan Teach Bán go fóill gur bhris neascóid amach ar aghaidh Mhac an Draighneáin agus bhuail taom beag croí ar a 'ghiolla'. Ag strus nach mbeidh ag dul i laghad. Nach orthusan a bhéas in aiféala.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Bhl.
Posted on Tuesday, November 28, 2000 - 01:12 pm:   Edit Post Print Post

Gabhaim buíochas as fóram nach mbeadh cupla céad teachtaireacht ar mo mhullach orm as rud a rá faoin toghchán.

Má cheapann daoine nárbh'fhéidir le cúrsaí polaitíochta Mheiriceá a bheith níos aistí ná mar atá, bíodh 'fhios acu go bhfuil ráfla ag dul thart anseo i Nua Eabhrac inniu gur mhaith leis an Uachtarán Bill Clinton 'bheith ina mhéara ar an chathair. Tá sé á shéanadh. Tá seisean agus Hillary ar lorg árasáin sa chathair.

D'athraigh mé an abairt dheireannach sa tcht thuas leath bealaigh fríd gan dul ar ais agus an chéad leath a réitiú: Nach orthusan a bhéas in aiféala. 'Nach iadsan a bhéas in aiféala', a bhí ar intinn agam.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge