Author |
Message |
imnedkelly
| Posted on Friday, November 17, 2000 - 01:56 pm: |
|
I have searched on a number of Irish language web sites including this one but I cannot find the words "grossly insensitive" Can anyone help? |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Friday, November 24, 2000 - 01:00 pm: |
|
an-ghairgeach, millteanach ilbhéasach, thar a bheith ilbhéasach, uafásach míchéadfach, srl. Beir bua. |
|
Dennis
| Posted on Friday, November 24, 2000 - 01:43 pm: |
|
Ilbhéasach? Wouldn't that mean something like "multiply-mannered"? Did the "ill" of "ill-mannered" sneak across by accident? Isn't "míbhéasach" what we want here? Tá súil agam nach bhfuil na ceisteanna seo míbhéasach ná grossly insensitive. :-) |
|
Laighneach
| Posted on Sunday, November 26, 2000 - 11:58 am: |
|
Ceapaim go bhfuil pointe ag Dennis."Míbhéasach" nó "anbhéasach", a cheapfainn féin. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Monday, November 27, 2000 - 01:38 pm: |
|
'Oilbhéas'a bheadh agam dá mbeinn ar mo bhuille ceart agus gabhaim leithscéal libh go léir as cibé cén smál nó néal a bhuail mé. Lena cheartú mar sin : millteanach oilbhéasach thar a bheith oilbhéasach Ní bheadh a dhath agam in éadan 'míbhéasach'. Tá sé thar cinn agus go deimhin, a Dhonncha, is riachtanach an tsoiléire a sholáthar i gcás freagra ar cheist den chineál sin thuas. Nuair a bhíos codlatán mar mé féin ag greadadh freagra míchruinn isteach, ná bíodh aon drogall ort faoin mbeachtú, mar is gá, ar ndóigh. Go raibh maith agaibh. Níor dhearc mé go fóill ar DIL i dtaca leis an réimír agus an < 'ill', ach is spéisiúil é sin, go deimhin. |
|
Dennis
| Posted on Monday, November 27, 2000 - 02:14 pm: |
|
Go raibh míle maith agat as an míniú seo, a Sheosaimh. D'fhoghlaim mé focal nua uait! Maidir leis an "oil" sa chomhfhocal, fuair mé "ail" in DIL agus "oil" in Ó Dónaill leis an gciall "disgrace; reproach, insult, abuse". Caithfidh gurb é sin atá i gceist anseo, agus in "oilbheart" agus "oilbhéim". GRMA aríst - tá mo chuid Gaeilge níos saibhre anois ná mar a bhí sí cúpla nóiméad ó shin! |
|
|