Author |
Message |
Aonghus
| Posted on Monday, November 06, 2000 - 08:23 am: |
|
Bí ag caint ar aimsir! Thit 3 orlach baistí inné i mBÁC, agus tá chuile rud ina cíor tuathail inniu. Bhí uisce ag sileadh isteach trí doras na cistine sa tigh atá ar chíos agam fhéin, ach tá trí Eastáit tithíochta i Leamhcán faoi uisce. Agus cursaí iompair poiblí níos measa na riamh. |
|
Seosamh Mac Bhl.
| Posted on Monday, November 06, 2000 - 01:52 pm: |
|
Tá na tuillte i Sasain feicthe againn ar an teilifís anseo i Meireacá ach ní an dochar atá déanta ag na stoirmeacha in Éirinn. Tá pracar ceart agaibh. Bhí tuillte i dTexas fosta, áit a raibh triomach uafásach ann an samhradh seo. Tá an aimsir fuar anseo agus tá achan dath ar na crainn. Ach amháin gorm ach tá an spéir gorm le tamall anois. Tá an ghrian ann inniu arís. Bíonn sé go hálainn sa pháirc mhór (Prospect Park) trasna na sráide uaim. Cad é an Béarla ar Leamhcán, a Aonguis? |
|
Aonghus
| Posted on Monday, November 06, 2000 - 03:29 pm: |
|
Lucan. Baile fearainn i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Tá cursaí níos measa i Sasana, ní raibh an ghaoth chomh laidir anseo. Buiochas le Dia! Tá an toghchán ag druidim libh. An mbeidh an lá ag Dubya? |
|
Dennis
| Posted on Monday, November 06, 2000 - 06:08 pm: |
|
Féach ar scríobh mé ar Gaeilge-A inniu. Beidh deis agat do vóta féin a chaitheamh ansin! |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, November 07, 2000 - 03:30 pm: |
|
Níl mé san oifig go dtí an Déardaoin. Bíodh foighne agat! Táim ar cursa bainistíochta! |
|
|