mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Snáth nua « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Wednesday, September 13, 2000 - 08:58 am:   Edit Post Print Post

Tá sé in am againn snáth nua a chuir ar bun anseo chun cuir ar aird daoine go bhfuil usáid eile ann don Ghaeilge seachas chun ainm deas a chuir ar do mhadra/leanbh/teach, nó mar ornáid ar do fháinne pósta/leac cuimhneacháin!

Fágfaimid Eircom 7rl faoi Chumasc.

Ní fiú caint a thuilleadh ar Dubya ná an aimsir.

Aon scéal ag éinne?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Posted on Wednesday, September 13, 2000 - 12:03 pm:   Edit Post Print Post

Tá meas mór agam féin ar an aimsir mar ábhar comhrá! :-) Athraíonn sí gan stad gan staonadh, téann sí i bhfeidhm ar chuile dhuine, bíonn sí dramatúil go maith go minic, agus tá ceist mhór chonspóideach ar chúl an iomláin, mar atá an Téamh Domhanda (nó, an mbeidh fíonghort i gCo. Bhaile Átha Cliath san aois seo, má bhíonn acra amháin de fágtha gan phábháil?).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Wednesday, September 13, 2000 - 12:17 pm:   Edit Post Print Post

Má bhíonn teamh domhanda ann mar a deirtear is cinnte go mbeidh Áth Cliath fliuich go maith. Ach ní dóigh liom go mbeidh fíonghort ann, ós rud é nach bhfuil cnoc ann go bhfuil taobh ó dheas aige.
Ní leor teas!

Maidir leis an aimsir anseo, bhí báisteach bagartha ag na heolaithe, ach níl rian di go fóill.

Maidir leis an fíon fhéin, an rud a thiománnain as mo mheabhar anseo mé ná nach bhfuil lipéidú maith ann. Ní instear dom an bhfuil fíon tirim nó milis; dá bhrí sin ní mór bheith i do shaineolaí an an bhfíon no airgead a chuir amú. (Agus seachas sin, níl aon fíon geal gearmánach fiúntach ar fáil anseo, ach sin scéal eile)

beir bua
Aonghus

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Posted on Wednesday, September 13, 2000 - 12:32 pm:   Edit Post Print Post

Deir na saineolaithe an rud céann faoin réigiún seo, Seattle agus Puget Sound, go mbeidh sé níos fliche fós (más féidir!) nuair a bheas téamh domhanda faoi lánseol.

Maidir le fíon geal sna bólaí seo, tá rudaí maithe ag teacht as an Willamette Valley in Oregon, agus as Oirthear Washington State, ach is maith liom fíon geal as Alsace chomh maith, é a bheith tirim gan a bheith ró-thirim ar fad. Táim bréan de na chardonnays móra le blas na daire agus an ime a dhéantar i gCalifornia.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Thursday, September 14, 2000 - 09:40 pm:   Edit Post Print Post

Léigh mé an rud céanna i Foinse le déanaí agus a léigh mé cupla uair roimhe seo, mar atá, go bhfuil achan seans ann go mbeadh Éirinn agus iarthuaisceart na hEorpa níos fuaire mar gheall ar an téamh domhanda. Dúradh fada siar go bhfuil athruithe eile seachas téamh i gceist.

Seo a scríobh Uinsionn Mac Dubhghaill ar Foinse, 27 Lúnasa:

"Má leánn an leac oighir ar fad san Artach, seans go mbeidh tionchar an-mhór aige sin ar Éirinn agus ar thuaisceart na hEorpa i gcoitinne. D'fhéadfadh sé tarlú go gcuirfí tús le mórsruthlú uisce aduaidh, rud a chuirfeadh Sruth na Murascaille dá threo. Sa chás sin, bheadh an aimsir i bhad níos fuaire in Éirinn ná mar atá anois."

Déanaigí dearmad mar sin ar fhíonghoirt agus bígí ag smaoineadh ar ionaid sciála ar na Beanna Chonamara agus Cruacha Thír Chonaill. Tá mise ag súil crainn phailme anseo i mBrooklyn agus, ar ndóigh, beidh teach mo thuismitheoirí i bhFlorida faoin fharraige.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Thursday, September 14, 2000 - 09:41 pm:   Edit Post Print Post

. . . ar Bheanna Chonamara agus Chruacha ...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Friday, September 15, 2000 - 08:20 am:   Edit Post Print Post

Bheadh sciál i gConamara sách dainséireach!

Ní mé cad a tharlódh dá mbeadh geimhreadh fuaire anseo, go hairithe ós rud é go bhfuil an caighdéan tithíochta ag titim i gconaí toisc go bhfuil oiread san brú ar an margadh. Bheinn ag súil leis an t-uafás piopaí uisce pleasctha.

B'fhearr liom smaoineamh ar chursaí fíona, agus na gheimhreadh a chuir ar an mear is faide gurb fhéidir.

Beidh orm fhéin is cosúil cuairt a thabhairt ar Chalifornia go luath. Ós rud é go raibh me a cuairt ghairid chuig Pittsburgh anuraidh, tuigtear dom go bhfuil fadhb bunúsach agam (nach fadhb í in aon chor sa Eoraip). Sé sin, nach bhfuil tiomáint gluaistéan agam. Feictear dom gurbh ionann sin sná Stáit agus bheith gan luth na gcos anseo.

B'fhearr liom iarracht a dhéanamh sciál ar na Beanna Beola nó ar Airegal seachas bheith i mo chosaí i San Jose!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Friday, September 15, 2000 - 08:22 am:   Edit Post Print Post

PS: nach bhfuil ann ach an Tríonóid Dennis/Seosamh/Aonghus?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Friday, September 15, 2000 - 11:31 am:   Edit Post Print Post

Beidh dream ard Dhaltaí na Gaeilge ag teacht le chéile anocht le haghaidh deireadh seachtaine insan áit rúnda sa choill cois abhann. Déanfaidh mé iarracht iad a spreagadh bheith páirteach anseo. Bheadh fáilte is céad roimh dhaoine in Éirinn comh maith -- Máire Ó mar shampla.

Ach ceist faoi sin: An mbíonn oraibh fós íoc as táillí arda idirnáisiúnta le dul isteach i láithreáin Idirlín atá suite thar lear? Glao gutháin áitiúil é seo domhsa chomh fada is atá mé ar líne. Thig liom dul isteach i láithreán i Zimbabwe nó Mongóilia, dar leis an comhlucht teileafóin anseo, is le huimhir i Nua Eabhrac atá mé ceangailte.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Friday, September 15, 2000 - 11:36 am:   Edit Post Print Post

Seosamh
go bhfios dom ní raibh sin riamh fíor.
Ar fadhb anseo san Eoraip ná go bhfuil taille de réir ama ar ghlaoch _aitiúl_ agus dá bhrí sin go mbaineann costas leis an Idirlíon. Seachas, dar ndó, do rogairí cosúil liom fhéin a chaitheann cuplá bomaite anseo nuair ba cheart dóibh bheith ag obair....

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Posted on Friday, September 15, 2000 - 06:11 pm:   Edit Post Print Post

Físeán ar líon

A chairde,

Is féidir físeán as Gaeilge a fheiceáil ar líon ag http://www.coislife.ie/

Tá a lán rudaí suimiúla ann eile chomh maith.
Kay.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Tuesday, September 19, 2000 - 08:25 am:   Edit Post Print Post

Is cosúil nar éirigh le Seosamh aon duine a spreagadh.
'Bhfuil aon duine ann?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brien Hoye
Posted on Tuesday, September 19, 2000 - 08:29 pm:   Edit Post Print Post

bheul, seo duine éigin dia. dhuit a Aonghus.Tá réasúnta gaeilge agam.Tá mé ag cuart duine ar bith ag caint i ngaeilge.Ba mhaith liom cait leat-sa má is maith leat-sa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Wednesday, September 20, 2000 - 12:36 pm:   Edit Post Print Post

Aongus, spreag mé roinnt daoine scríobh chuig Eircom ach níor labhair mé faraor le héinne faoin fóram seo. An iomarca ag tarlú le linn an deireadh seachtaine.

A Bhriain, carb as duit? Cén sórt aimsire agaibh inniu? (Tosnaíonn comhrá leis an aimsir, a hAongus). Grianmhar anseo i Nua Eabhrac inniu ach bhí sé ag cur báistí go trom inné.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brien Hoye
Posted on Wednesday, September 20, 2000 - 02:27 pm:   Edit Post Print Post

Bhuel,tá sé geal anois, ach bhí sé scammalacht maidin inniu.caithfidh mé ar críochníathe anois.Beidh mé ag caint leat ar baill. slán ó Phortland, Maine
Brien

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Wednesday, September 20, 2000 - 03:43 pm:   Edit Post Print Post

An bhfuil ranganna Gaeilge ar siúl i bPortland nó áit eile i Maine? Is cuimhin liom go bhfuil seanchainteoirí dúchais fágtha anseo is ansiúd i mbailte móra Maine. (Corrdhuine ón Ghaeltacht a tháinig insna 80idí freisin, b'fhéidir.) Tá scoláire darb'ainm Ken Nielsen ag déanamh fístéipeanna dena seanchainteoirí le fada an lá -- ó bhí siad féin óg, is dócha.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brien Hoye
Posted on Wednesday, September 20, 2000 - 09:15 pm:   Edit Post Print Post

Tá rang gaelige i South Portland.Tá cainteorí as gaillmhe freisin. Is fidleor Ken, tá fhios a'am go bhfuil aithne orm
é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Thursday, September 21, 2000 - 04:43 am:   Edit Post Print Post

Dia dhaoibh
Tá sé fliuch mar is dual do BhÁC faoi láthair, agus táimse muchta le slaghdán.
Mar sin, is beag ata le rá agam faoi láthair.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Posted on Thursday, September 21, 2000 - 01:54 pm:   Edit Post Print Post

Anraith sicín, a Aonghuis, agus a lán de!! Guím biseach ort go luath! Maidir leis an aimsir sa chearn seo den domhan, tá sé leathscamallach agus fionnuar i Seattle na gcrann giúise.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Thursday, September 21, 2000 - 04:11 pm:   Edit Post Print Post

Níor chuala mé Ken ag fidleoireacht ariamh. Ní fhaca mé le roinnt blianta é ach oiread. Is cuimhin liom fístéip ina raibh sé ag caint i nGaeilge i Maine le seanfhear as Gaillimh.

Cuir beagán gairleoige san anraith chéanna, a Aongus. Bíonn sí sa chistin agamsa i gcónaí. Is maith an rud é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Posted on Thursday, September 21, 2000 - 08:29 pm:   Edit Post Print Post

"Tá gairleog níos fearr ná deich máthair." Cé a dúirt é sin? Ach le fírinne, is fearr liom mo chuid anraith sicín gan é. Saghas nursery food domsa é, an-chompordach, agus ní chuirtear spíosraí i mbia na naíolainne.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Thursday, September 21, 2000 - 11:21 pm:   Edit Post Print Post

Rinne mé anraith sicín ríse ar na mallaibh a raibh cuma an-deas air ach a bhí leamh. Bia naíolainne, cinnte.

Scríobh duine ar na liostaí Gaeilge (an tusa a bhí ann?) gur baineadh na hÉireannaigh úsáid as gairleog i leigheasanna ach go hannamh i mbia. Creamh a thugtar ar an tsaghas a fhásann in Éirinn, go fiáin sílim.

In _Irish Country Cooking_ le Malachi McCormick, an leabhar cócaireachta Éireannaí is ansa liom, tugann an t-údar gairleog i rudaí dála cál ceannann (dhá ionga di).

Ba mhaith liom ceist a shocrú. Nuair a bhímid ag cur cainte ar Aongus cad é an foirm cheart den ainm sa tuiseal gairmtheach? Níor bhac mé leis an t. ga. uair amháin thuas (drochnós a fuair mé ó chainteoir dúchais nó dhó). 'A Aongus' a scríobh mé an uair dheireanach. Dar leis na Bráithre Críostaí is ainmfhocal den tríú díochlaonadh é, dála 'Liam', agus mar sin ní dhéantar aon rud air sa t. ga. Cén bhealach is fearr leatsa, (a) (h)Aongu(i)s?

Agus mar fhocal scoir, chuidigh mé le mac léinn anocht Gaeilge a chur ar óráid adhlactha. Beidh gobharnóir Nua Jersey ann agus cuireann sé áthas orm go mbeidh uirthi fanacht ina suí trí óráid fhada Gaeilge. Is Poblachtach í(.i. de GOP Mheireacá) agus -- i measc rudaí eile -- scríobh mo mhac léinn faoin duine a d'éag: Bhí dílseacht ariamh aici don Pháirtí Phoblachtach, gí go raibh fios a mhalairte aici. Caithfidh sí an méid sin a rá i mBéarla fosta.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Friday, September 22, 2000 - 05:08 am:   Edit Post Print Post

Bhí an anraith sicín agam agus táim níos fearr inniu. Níl fhios agam ar chuir mo bhean gairleog ann, nó nar dhein
ach ta sé againn sa chistin pé scéal é. Bia na Gearmáine a chleachtann muide!

Maidir leis an dtuiseal gairmtheach, níl mo chuidse gramadaí thar moladh beirte. Ach is "A Aonghuis" a deir na saoithe.


Chuir an méid a bhí le rá ag Seosamh faoi Poblachtaigh giota ó "For whom the bell tolls" i gcuimhne dhom. An Daonlathach Mheiricánach a bhí ina Phoblachtach sa Spáinn.
Is iomaí brí is féidir faisceadh as an bhfocal céanna.

Bheidh leisce orm Poblachtach a thabhairt orm fhéin san tír seo, ós rud é go bhfuil brí an cúng leis, i. duine a thaobhaíonn leis an IRA. Tá athrú ag teacht ar bhrí an fhocal leis an dul chun chinn daonlachtach ó thuaidh.
Ní Poblachtach mé san ciall Mheiricánach ach oiread.

Ach creidim gurbh poblacht an coras is fearr rialtais (ós rud e nach n-oibríonn ainrialachas, toisc gurbh beag duine atá sastá freagracht a ghlacadh dá ghníomhartha fhéin.)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Friday, September 22, 2000 - 02:21 pm:   Edit Post Print Post

Déarfainn féin gur daonlathas an córas is fearr, mar ní poblacht ríocht bhunreachtúil, agus is beag difear eatarthu agus gan fíorchumhacht ag rí ná ríon. Pointe an-mhaith agat faoin fheagracht.

Blas Gearmánach sa chistin againne fosta uaireanta nuair a bhí mé óg. Ba de shliocht Gearmánach mo mháthair. Bhíodh spaetzle againn agus cál dearg, knockwurst, usw. Ach bhí an bua ag na Gaeil go hiomlán ar achan tslí eile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brien Hoye
Posted on Saturday, September 23, 2000 - 09:43 am:   Edit Post Print Post

a Aonghuis, bhí ag rínce i bPortland aréir, agus bhí mé ag caint le Micael Connely.Is múinteoir stair é.Dúirt sé liom go bhfuil Ken Nielsen múinteoir teangacha i Nua albain.Fuair sé taifeaid ó gaeileoirí sa cheantar seo.Tá sé níos fuar i bPortland inniu. Bhí mise agus mo mhadra ag siúl cois an chuain maidin inniu.Bhí sé scamallach, ach bhí sé tirim, buíochas le Dia.Chonacmar lachan ag snamh ar an gcuan.Rachaidh mise agus mo bhean go iartharacht na Maine inniu. Slán go foill. Brían

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Monday, September 25, 2000 - 04:21 am:   Edit Post Print Post

Is fíor go bhfuil cuma maith ar roinnt des na ríocht bhunreachtiúla, go hairithe iad siúd i Críocha Lochlainn agus sna hÍsiltíortha. Agus is fiú rí nó banríon a bheith agat chun na polaiteoirí a choiméad as an oifig airithe san.

Daonlathas mar sin.

PS: Dia's Muire dhuit Brian. Coinnigh ort ag scríobh, ach diabhail rud atá le cuir agam leis an méid a scríobh tú. Seosamh an fear a raibh aithne aige ar mo dhuine Nielsen. Táimse ar an dtaobh mí cheart den loch!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Monday, September 25, 2000 - 11:20 am:   Edit Post Print Post

Tusa atá i lár an aonaigh, a Aonguis. Bíonn daoine de bhunús nó de chúlra Éireannach i gcumarsáid lena chéile go minic anseo -- má's spéis leo cúrsaí Éireannacha. Ach sin rogha agus fiú má ghlactar leis an rogha féin, ní féidir a bheith i measc na nGael ach ar ócáidí faoi leith.

É sin ráite, tá seanbhunús na comharsanachta seo, mar shampla, de shliocht Éireannach. Iadsan a bhí in sé árasán as naoi gcinn ar an urlár seo nuair a bhog mé isteach anseo 13 bliana ó shin (rugadh beirt díobh in Éirinn). Seandaoine a bhí ann agus fuair a leath díobh bás nó bhog siad go baile pinsinéirí.

B'fhéidir go bhfuil sé cinn againn go fóill mar tá máta a bhfuil 'Fáilte' scríofa air ag tairseach na mná nua béal dorais liom (tá sloinne Gearmánach uirthi -- 50/50 dála liomsa?). Ach i gcoitinne, bíonn Meireacánach Éireannach amháin in árasán a mbíodh beirt ann.

Ní raibh mise i Maine ó bhí mé i mo pháiste. Is áit álainn é. Bheadh na duilleoga iompaithe faoin am seo den bhliain. Maidir le iarthar an stáit, an bhfuil aon rud ann seachas coillte agus loch anseo is ansiúd, a Bhriain? A raibh sibh ag campáil?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Tuesday, September 26, 2000 - 04:19 am:   Edit Post Print Post

Tabhair aonach air!
Cinnte, táim ar maos in Éireannaigh, cé go bhfuil i bhfad níos mó eachtrannaigh ar na sráideanna ná mar a bhí agus me ag dul ar imirce deich bliain ó shin.

Ach tá an meon "Ní dhíolfaidh Gaeilge an Bó" laidir fós, agus is beag Gaeilge atá le clos anseo seachas ag na ocaidí speisialta céanna.

Cinnte, tá i bhfad níos mó deiseanna agam ná mar atá agaibhse, agus mé buíoch de sin.

Slán go fóill

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Tuesday, September 26, 2000 - 01:03 pm:   Edit Post Print Post

Ag cur go fras inniu agus an lá dorcha gruama. Éad agam libh ar phanc an aonaigh gí gur b'fhéidir gur sideshow í Baile Átha Cliath. Nó b'fhéidir gur lárionad siopadóireachta í a tógadh taobh leis an aonach agus atá ag cur an aonaigh as gnó.

Rith sé liom go bhfuil an Ghaeilge i mBÁC giota beag cosúil leis an Ghiúdais anseo i mBrooklyn. Ach amháin níl aon stádas oifigiúil aici seo agus ní fheictear ar fhógraí agus chomharthaí í. Cá bhfuil Donncha?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Wednesday, September 27, 2000 - 09:14 am:   Edit Post Print Post

>>Ag cur go fras inniu agus an lá dorcha gruama
ditto anseo, bhíos amuigh don lón is táim báite.
>>Nó b'fhéidir gur lárionad siopadóireachta í a tógadh taobh leis an aonach agus atá ag cur an aonaigh as gnó.

Is cuimhin liom gur scríobh Terry Pratchett (fear Discworld) urscéal ag úsaid an smaoineamh san. Murbh eol duit cé hé fhéin, na bac leis an abairt seo. ;-)

De réir mar a thuigim tá ceantracha Ghiúdaise ina bhfuil pobal sách mór a labhrann an teanga ar bhonn laethiúl i mBrooklyn. Ní hamhalidh don Ghaeilge i mBÁC - is beag duine lasmuigh de mo chlann a mbíonn deis agamsa Gaeilge a labhairt leo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Wednesday, September 27, 2000 - 11:17 am:   Edit Post Print Post

An ceart agat fán Ghiúdais. Ach (go híorónta ó thaobh na staire de)is i nghetto dá ndéantús féin a chónaíonn siad. Níl mórán tóir ar ghnáthlitríocht sa teanga sin, mar shampla, agus ní chluintear go minic insna sráideanna í. B'fhéidir go bhfuil sí ag fás. Chonaic mé teaghlach ag an ghairdín Seapánach insna Gairdíní Luibheolaíochta anseo. Trí ghlúin: na seandaoine ag caint as Béarla, na tuismitheoirí ag caint as Giúdais líofa agus na páistí ag caint Giúdaise nádúrtha. Dála chainteoirí na Gaeilge, bhí siad ag meascadh focail Béarla isteach: 'turtles' a bhí siad a rá.

Tá gluaiseacht Giúdaise fosta i measc na nGiúdach 'neamhsheicteach' ach tá an teanga i bhfad níos laige i measc na nGiúdach nach den bhunchreidimh iad. Bhíodh Carad Ó Brien ag foghlaim Gaeilge liom. Duine sách tábhachtach í i ngluaiseacht na Giúdaise anseo. Rugadh in Éirinn í agus Gaeilge ag a lán dá muintir. Múineann sí Giúdais ag Ollscoil Nua Eabhraic, aistríonn sí idir an dá theanga agus oibríonn sí sa téatar Giúdach, idir Ghiúdais agus Bhéarla.

Tá eolas maith ag mac léinn eile a bhí agam ó na laethe a bhí sé ag teagasc i meánscoil Ghiúdach i mBrooklyn. An Ghiúdais gnáththeanga na scoile -- mhúin seisean Béarla dóibh i ndiaidh an ghnáthlá scoile le riachtanais an stáit a chomhlíonadh. B'fhearr leo 'goy' é a mhúineadh leis an bhlas Giúdaise a laghdú i measc na mac léinn. (Blas ceart Nua Eabhraic atá ag mo chara.)

Bhí sé an-fhuar thar oíche, grianmhar inniu.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Thursday, September 28, 2000 - 03:56 am:   Edit Post Print Post

B'fhéidir go bhfuil ghetto /gaeltacht /reservation de saghas éigin riachtanach chun cultur (agus i gcás na Giúdaise, baineann creideamh leis freisin) a chaomhnú.

Sin ráite, níor mhaith liom fhéin conaí i nghetto.

>>Múineann sí Giúdais ag Ollscoil Nua Eabhraic, aistríonn sí idir an dá theanga

Cén dá teanga: ní hí Gaeilge an dara teanga, an ea?

Is cosúil go bhfuil aimsir Nua Eabhrac mar an gcéanna le haimsir BhÁC i láthair!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Brien Hoye
Posted on Thursday, September 28, 2000 - 04:11 pm:   Edit Post Print Post

a Aonghuis, ní raibh mé ag campáil mar ní maith mo bhean codlata ar an talmh, ach chuamar go Livermore Falls cén áit a bhíonn sean teach mór a thugtar "Nor'lands."Is musaem anois é agus bhí feis fómhar ann an deiridh seachtain seo caite.Chonacmar feirm mar a bhí sé ar na 18iú aois.Bhí dráma le cogadh idir na stáit.Thaitin go mór linn an áit sin. Tá sé geal agus tirim i bPortland anois, buíochas le Dia. Slán go foill.Brien

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Thursday, September 28, 2000 - 09:15 pm:   Edit Post Print Post

Is dócha go bhfuil Maine go hálainn anois, a Bhriain. Ba chóir dráma faoi Chogadh na Saoirse a bheith ar siúl acu. Bhí cogaíocht ar siúl ansin i Maine féin.

Aistríonn Carad ó Ghiúdais go Béarla agus ar ais, a Aonguis. Chonaic mé dráma níos luaithe sa bhliain dar theideal 'Vengeance of an Angry God'. Scríobhadh i nGiúdais é insna 1920idí. D'aistrigh Carad é, stiúr sí ar an stáitse é, agus bhí páirt aici ann.

Tá an aimsir deas anseo ach fuar.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge