mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Fáilte « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rí Antaine
Posted on Saturday, August 12, 2000 - 11:32 pm:   Edit Post Print Post

Dia daoibh!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

OMurchu ()
Posted on Monday, August 14, 2000 - 12:28 pm:   Edit Post Print Post

Dia is Muire duit!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Tuesday, August 15, 2000 - 03:28 am:   Edit Post Print Post

's padráig

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

OMurchu ()
Posted on Tuesday, August 15, 2000 - 11:52 am:   Edit Post Print Post

Maith thú, Rí Antaine. Agus maith thú Aonghus. Tháinig sibh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Tuesday, August 15, 2000 - 09:39 pm:   Edit Post Print Post

Níor luaigh sibh Colm Cille fós!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Wednesday, August 16, 2000 - 03:31 am:   Edit Post Print Post

Ná Brighid (Muire na nGael) ná.....

Bhfuil aon scéal agaibh?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

OMurchu ()
Posted on Wednesday, August 16, 2000 - 12:22 pm:   Edit Post Print Post

Tá sé fiosracht agam. Cén fáth cad níl mórán scéalaí as Gaeilge anseo le déanaí.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Wednesday, August 16, 2000 - 01:14 pm:   Edit Post Print Post

Is fearr linn Gaeilge a scríobh ar an taobh eile, General Discussion, le mearbhall a chur ar na Béarlóirí uilig ansin! ;-) Ach, déanta na fírinne, ní raibh a lán comhrá as Gaeilge anseo riamh, agus níl a fhios agam cén fáth. Bíonn Clár Plé Chumasc i bhfad níos beoga i gcónaí. Téann daoine atá ar lorg craic go dtí an teach tábhairne atá plódaithe cheana féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Thursday, August 17, 2000 - 03:53 am:   Edit Post Print Post

Sin nó na liostaí riomhphoist.
Go bfeictear dom tá an clár seo á usaid 99% den am mar seirbhis aistriúcháin! Ach is maith ann é, feictear dom go gcuireann sé ar súile a lán Mheiricánaigh go bhfuil an Gaeilge agus lucht a labhartha fós ann.

Conas tá an aimsir thall? Tá sé measartha anseo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Thursday, August 17, 2000 - 12:03 pm:   Edit Post Print Post

An aimsir? Thar barr faoi láthair, buíochas le Dia! Bíonn sé geal agus tirim de ghnáth ag an am seo bliana anseo sa Phacific Northwest. Ní raibh aon cheo ná aon scamaill ísle (tionchar na mara) ann ar maidin ach oiread! :-) Agus thall ansin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Thursday, August 17, 2000 - 08:23 pm:   Edit Post Print Post

Seo an dara lá iontach againne i gCathair Nua-Eabhraic. Geal, grianmhar. Tá na dathanna éadroma an-gheal agus na dathanna dorcha an-dorcha. Loinnir ar na carranna agus fiú ar na sráideanna sular thriomaigh siad amach. Bhí aimsir fhliuch bháistiúil againn le déanaí, go mór mhór Dé Sathairn. Cha raibh ach orlach nó dhó againne ach bhí 12 orlach thiar i Nua Jersey, 14 orlach in áiteanna. Nach raibh picnic Dhaltaí na Gaeilge le bheith ann an Satharn céanna ag an ráschúrsa i gCo. Monmouth?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Friday, August 18, 2000 - 03:26 am:   Edit Post Print Post

Tá sé anois a 8:30 ar maidin, agus tá an grian ag taitneamh ar BÁC. Ach bhí fearthainn trom tráthnóna inné, agus is cinnte go mbeidh inniu!

Cad é bhur barúil: Gore & Liebermann nó mo dhuine Bush (agus cé tá aige mar leathbhadóir?)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Friday, August 18, 2000 - 03:27 am:   Edit Post Print Post

Dála an scéal, ná bí ag súil le freagra uaim roimh an Lúan. Bíonn saol saor ó riomhairí agam i rith an deireadh seachtaine....

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Friday, August 18, 2000 - 03:15 pm:   Edit Post Print Post

Bhuel, cé go raibh an ghrian ag taitneamh go tréan anseo inné, tá sé ag cur báistí ar Seattle inniu, agus ag cur go trom freisin. Is maith sin, áfach. Bhí sé an-tirim le déanaí agus tá an t-uisce ag teastáil ó na plandaí.

Maidir le leathbhadóir Dubya (mar a thugtar ar George W. Bush go minic), Dick Cheney an t-ainm atá air, agus tá sé níos coimeádaí (níos báine, níos fireannaí, níos protastúnaí, níos rachmasaí, níos cúngaigeantaí, etc.) ná an teaghlach Bush féin. Saghas old family retainer atá ann. Rud eile: is rídhócha go bfhuil sé níos cliste ná Dubya freisin!

Tá súil agam go mbainfidh tú sult as an deireadh seachtaine!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Friday, August 18, 2000 - 07:12 pm:   Edit Post Print Post

Lá báistí arís i Nua Eabhrac agus i Nua Jersey na dtuillte.

Tá an dá pháirtí anseo ag iarraidh cur ina luí go bhfuil siad i lár an speictrim pholaitiúil. Is eagal liom gur an mhacántacht atá thíos leis sin.

I gcás na bPoblachtach, níl ann ach seó, go litriúil, go dtí seo. Seasamh coimeádach atá ina gclár oifigiúil faoi achan cheist dá bhfuil ann ach níor labhair siad faoi sin ag a gcruinniú mór i bhPhiladelphia. Bhí an stáitse ag cur thar maoil le daoine gorma ag canadh gí nach raibh mórán díobh sa halla ná nach mbeidh ag tabhairt a vótaí don GOP. Ní hionann a n-aighaidh agus a gclár.

I gcás na nDaonlaithe, níl an oiread sin coimhlinte ann. Meascán de chlaonadh liobrálach Daonlathach agus polasaithe níos coimeádacha. Tá súil agam nach bhfuil siad ag dul ró-fhada ach ceart nó mícheart tá Gore agus Lieberman réasúnta macánta faoina dtuairimí. Tá siad ar son cead na mban chun ginmhillte agus dúirt siad sin.

"Stones Thrown at Area Jews" an ceannteideal ar an nuachtán áitiúil anseo i mBrooklyn an tseachtain chéanna a roghnaíodh Lieberman. Roghnaigh Bush cuid de mo chomharsanacht féin le fógra teilifíse a dhéanamh ag ceiliúradh "idyllic diversity" mar a dúradh duine ar an teilifís (ach ní insan chomharsanacht seo a caitheadh na clocha).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Saturday, August 19, 2000 - 11:29 am:   Edit Post Print Post

Agus lá gréine.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Monday, August 21, 2000 - 03:45 am:   Edit Post Print Post

Cad as a dtáinig an leasainm sin "Dubya"? (Fuaimníonn sé cosuil le masla a caithfí le Jaicín cosúil liom fhéin - "Gwan outta dat, ya Dub ya")

Bhaineas sult as an deire seachtaine, go raibh maith agat!
Bhí fleadh ag mo chomhlucht de Satharn a bhain na paistí an taitneamh as, agus baisteadh mo neacht inné.

Grian amuigh arís inniu, ach scamall ag bagairt orainn fós.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Monday, August 21, 2000 - 12:12 pm:   Edit Post Print Post

Mar "dubya" a fhuaimníonn a lán daoine i dTexas ainm na litreach "w": George Dubya Bush. Úsáidtear an "W" len é a idirdhealú óna a athair, George Bush, an t-iar-uachtarán. Níl a fhios agam beo céard dó a seasann an "W" sin. George Washington Bush??

Grian anseo freisin ar maidin!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Monday, August 21, 2000 - 12:23 pm:   Edit Post Print Post

'S é 'Dubya' an bhealach a bhfuaimníonn daoine sa deisceart (agus seisean féin, is dócha) céad litir an dara ainm atá aige: George W. Bush. Le idirdhealú a dhéanamh idir eisean agus a athair, George H. Bush. Tá cáil fosta ar a dheartháir, Jeb, atá ina ghobharnóir ar Florida. Ríora. Dynasty.

Bhíodh cáil fosta ar athair Albert Gore. Bhí sé ina sheanadóir, go láidir i gcoinne Nixon agus an chogaidh in Vietnam.

An bhfuil tú i do chónaí i mBAC anois?

Lá iontach eile anseo i Nua Eabhrac. Grianmhar, tirim, 75F. Bíonn an samhradh cruaidh brothallach orainn de ghnáth. Níos fuaire agus fiú níos fluiche i mbliana. Deacair an staid atá ar an Mhol Thuaidh a chreidbheáil agus samhradh chomh fuar seo againne.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Tuesday, August 22, 2000 - 03:33 am:   Edit Post Print Post

Táim. D'fhill mé ar Éirinn í mí Aibréan.

Maidir le Dubya, is eagal liom go mbeidh an bua aige, toisc tuirse a bheith ar dhaoine tar éis 8 bhliain Clinton.

Tá an aimsir mar a bhí inné.

Feicim go bhfuil an plé ar ainm máthair seachas athair fós ar siúl thuas:
ceist agam oraibh mar sin: Cén Rí sna sean scéalta a thóg ainm a mháthair seachas ainm a athair? (Breis pointí don iarrthóir a thugann scéal baint amach a ríocht!)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Tuesday, August 22, 2000 - 01:41 pm:   Edit Post Print Post

Chan fheil 'fhios agam. Beidh 'fhios ag Donncha. An bhfaca tú an leabhar _2,000+ Ceist_? Mioneolas as cuimse faoi Éirinn atá ann. Cleachtadh maith don duine ar suim leis Who Wants to Be a Millionaire?, leagan RTÉ.

Mioncheist: In cén tír a bhfuil an t-ainm seo ar an chlár: Who Wants to Be a Crorepati? (Beidh a fhios sin ag Donncha fosta.)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Tuesday, August 22, 2000 - 02:27 pm:   Edit Post Print Post

Sloinneadh Cairbre Mac Étne (uaireanta Mac Étaine) óna mháthair, Étan, iníon Dhian Chéacht (lia diaga na SeanGhael), ach aorthóir a bhí ann, ní rí. An dtabharfaidh tú leid dúinn?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Tuesday, August 22, 2000 - 02:40 pm:   Edit Post Print Post

"Who Wants to Be a Crorepati?" India, ar ndóigh! Is ionann "crore" /karoR/ agus deich milliún, agus ciallaíonn "pati" tiarna.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Tuesday, August 22, 2000 - 08:16 pm:   Edit Post Print Post

Bhí 'fhios ag Donncha. Deich milliún rúpaí an phríomhdhuais ar an chlár teilifíse sin (= US$218,000). Ach an mbeadh seans ar bith agat an duais úd a bhaint amach? Is dócha go bhfuil teideal an tseó dátheangach. Tá an leagan Béarla (Indiach) thuas. 'S é an teideal Hiondúise ná 'Kaun Banega Crorepati?'

An mbeidh teideal i nGaeilge chomh maith le Béarla ar an leagan Éireannach den tseó? Agus an mbeidh áit chomh mór ann do chultúr na hÉireann agus atá i ngach tír eile? Mar shampla den chlár Indiach: Cuir ainmneacha mac Kunti (bean insan eipic Indiach, an Mahabarata) in ord a n-aoiseanna ag tosnú leis an té is sine:

A. Bhima
B. Yudhishtra
C. Arjuna
D. Karna

A Dhonncha? A hÉamoinn? (Má tá tú ann?)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Tuesday, August 22, 2000 - 10:17 pm:   Edit Post Print Post

Tá sé agam anois!!! Conchobar Mac Nessa, rí Uladh! Deir cuid gurbh é Cathbhadh Draoi a athair.

Maidir le mic Kuntî, in ord aoise:

Karna (mac Kuntî le Sûrya, An Ghrian)
Yudhisthira (Dharma, an Dlí, a athair)
Bhima (Vâyu, an Ghaoth, a athair)
Arjuna (Indra, Rí na nDéithe, a athair)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Wednesday, August 23, 2000 - 04:24 am:   Edit Post Print Post

Scríobh Seosamh:
>An mbeidh teideal i nGaeilge chomh maith le Béarla ar an leagan Éireannach den tseó?

Ní dóigh liom é! (Bheadh ionadh orm) Agus ní dóigh liom go gceapfaidh lucht a dhéanta gurbh "General knowledge" iad na sean scéalta.

Scríobh Dennis
>Tá sé agam anois!!! Conchobar Mac Nessa, rí Uladh! Deir cuid gurbh é Cathbhadh Draoi a athair.

'Sé go direach. Bhíos chun Cathbad a thabhairt mar nod; Maidir leis an scéal:-
Bhí Fergus mac Roigh Rí Uladh go mór i ngrá le Nessa, agus thoiligh sé an Ríocht a thabhairt do Conchobar ar feadh bliana i dtreo is go luifidh Neassa leis.
Ag deireadh na bliana bhí fir Uladh chomh sásta le riail Conchobar (nó riail Nessa tríd Conchobar) gur fágadh aige an ríocht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Wednesday, August 23, 2000 - 12:49 pm:   Edit Post Print Post

Maith thú, a Dhonncha. An ceart agat. (Glacaim nach bhfuil an fhoinse chéanna -- leis na freagraí -- agatsa fosta.) 2,500,000 rúpaí agat dá mbeifeá ar 'Crorepati' le Raj Philbin i Nua Delhi. Ach i ndáiríribh tá an chuma ar an cheist gur réamhcheist cháilithe í, 's é sin le rá nach bhfuil R100 féin agat go fóill, d'ainneoin do stór iontach eolais.

'S ea, a hAongus, tá eagla orm nach mbeidh an áit chéanna do thraidisiúin na hÉireann ann agus atá le feiceáil ó na ceisteanna a chuirtear ar na leaganacha eile den seó. Iorónta go bhfuil a mhalairt de chlú ar na hÉireannaigh anseo - náisiúntóirí ceanndána neamhthuisceanacha aineolacha. (Ioróin eile fós go gceapann daoine áirithe gur a leithéid de dhuine thú má tá tú eolasach ar theanga, thraidisiúin agus stair na tíre.) Ó bhail.

Tá an spéir scamallach inniu agus stoirmeacha toirní a bagairt orainn. De ghnáth déanann siad a ndíobháil ar Nua Jersey agus Co. Ulster agus Sullivan i stát NY laistiar den Hudson. Ní anseo i mBrooklyn, níl 'fhios agam cén fáth.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Posted on Wednesday, August 23, 2000 - 02:53 pm:   Edit Post Print Post

Cruthaíonn cathracha móra ar nós Nua-Eabhrac a n-aimsir féin, stoirmeacha toirní ach go háirithe, ós rud é go mbíonn siad níos teo ná an tír máguaird i gcónaí. Is minic a tharlaíonn na stoirmeacha san áit chéanna, uaireanta ar an imeall, ó tá na cathracha seasmhach -- éiríonn an teas uathu sa dóigh chéanna ó lá go lá. Bhí alt faoi seo agus faoi staidéar a rinneadh ar aimsir loganta Atlanta ar an NY Times le déanaí. Eolaíocht abú!

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge