mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2000 (July-December) » Montanan in need of translation « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Charlene Sichta
Posted on Saturday, July 29, 2000 - 01:26 am:   Edit Post Print Post

Hello all,

In trying to come up with a name for the dance group I teach I decided the most suitable would be 'the two left feet' irish dancers. Is it A dó clé chosa? Let me know.

Thanks
Charlene

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Laigheanach
Posted on Saturday, July 29, 2000 - 01:14 pm:   Edit Post Print Post

"An dá cho(i)s chlé"

The "i" that I put in brackets, is optional, depending on dialect.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Saturday, July 29, 2000 - 01:28 pm:   Edit Post Print Post

You pretty much have all the right words. They just need to be choreographed. First off, "a dó" is what you say when you use the number all by itself, as in "leathanach a dó" (= page number two). When saying how many objects, you use the related word "dhá": "dhá leathanach" (= two pages), and this changes still a bit more when you put the article in front of it: "an dá leathanach" (= the two pages). So, I'd say "An Dá Chois Chlé". (Note for the grammatical: I change "cos" to "cois" after "dhá" or "an dá" just because it sounds right, but maybe some people would prefer "An Dá Chos Chlé". I have a vague notion that using "cois" instead of "cos" after the word for "two" has something to do with a vestigial survival of the dual number in Irish. In Conamara, at least, "cois" has completely ousted "cos" in all usages, so the question would be moot there. Also, the treatment of adjectives after counted items continues to confuse me. I just checked "dhá" in Ó Dónaill and found "dhá, an dá, chrann mhóra": níl a fhios agam beo cén fáth an bhfuil an 'm' sin séimhithe. Is dócha go bhfuil an míniú le fáil áit éigin i nGraiméar na mBráithre, ach níl sé de mhisneach agam anois é a cheadú!)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Saturday, July 29, 2000 - 01:34 pm:   Edit Post Print Post

Ah, a Laighnigh, bhí tú ann romham! freagra gonta tugtha agat le linn dom ceann fada a scríobh. Ach an féidir leatsa an "mh" in "dhá chrann mhóra" a mhíniú dom?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Saturday, July 29, 2000 - 06:54 pm:   Edit Post Print Post

Bhí mise ag smaoineadh ar fhreagra a thabhairt timpeall an am céanna ach bhí tuairim agam go mbeadh duine eile ann á dhéanamh chomh maith. B'fhíor domh. Aontaím libh fán fhreagra. Ní thuigim an séimhiú ar an 'm' ach oiread, ach tá sin feicthe agam go minic agus b'fhéidir go ndéarfainn nó scríobhfainn mar sin é. Achan rath ar an Laighneach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Laigheanach
Posted on Sunday, July 30, 2000 - 12:02 pm:   Edit Post Print Post

Mar a tharlaíonn sé a dhaoine uaisle, cheannaigh mé cóip den chéad chaighdeán cuimsitheach a rinnneadh ar an ngaeilge i 1958, ar athlámh, i "gCathach Books" ar Shráid Diúic i mBÁC le déanaí.
Séard a deir sé sin faoi sin ná:

Aidiachtaí leis na huimhireacha

Ar lorg aon, nó uimhir is iolrú ar deich(e.g. fiche, tríocha…nócha, céad, míle, milliún) bíonn an aidiacht san uimhir uatha agus ar aon-inscne leis an ainmfhocal, e.g., an fear mór, an bhean mhór; an fiche capall dubh; an céad bó dhubh, an míle leabhar gorm; trí chéad fear mór; seacht míle bó dhubh; an naoi milliún déag ticéad dearg.
Ar lorg na n-uimhreacha ó dhá go naoi déag (gan iolrú ar deich ina ndiaidh) bíonn an aidiacht san uimhir iolra agus í seimhithe, e.g. dhá(trí…sé) chapall mhóra; seacht (ocht…deich) mbó bhána; aon chat déag dhubha; dhá(trí…sé) theach tábhairne dhéag shalacha; seacht(ocht, naoi) bpáirc déag ghlasa.
Is é is gnáthaí, áfach, leis na déaga an leagan seo a úsáid -aon(dhá etc.) cheann déag de bháid mhóra.Is féidir feidhm a bhaint as an leagan sin freisin i gcás uimhreacha eile, e.g., seacht gcinn de bháid mhóra, ceithre cinn is fiche de bháid mhóra.------

Tuigim go dtagann sé seo ó leabhar a cuireadh i gcló i 1958, ach ní dóigh liom gur athraigh údaráis na gramadaí a n-aigne faoi ó shin.Ta súil agam go gcabhraíonn sé sin libh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Sunday, July 30, 2000 - 12:30 pm:   Edit Post Print Post

Cabhraíonn, go raibh maith agat. "Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil" atá i gceist agat, nach bhfuil? Mar foisíodh den chéad uair é i 1958. Tá sé agamsa -- ach an leisce, tá 'fhios agat.

Molaim leabhar eile chomh maith: Gráiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí" nach ionann leis an "New Grammar of the Irish Language" atá ag chuile dhuine nach mór. Tá an graiméar seo bunaithe ar an cheann i mBéarla agus ar an ghraiméar a d'fhoilsigh siad i 1960. 345 leathanach ann. Níl sé agam go fóill, faraor.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge