mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Logainmneacha « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitríona Ní Bhaoill
Posted on Monday, June 26, 2000 - 07:29 am:   Edit Post Print Post

Dia Dhaoibh

Táim ag lorg eolas ar logainmneacha Éireannach atá le fáil i Meiricea chomh maith -m.sh Baltimore. Ta fhios agam go bhfuil roinnt Dublin's ann leis. Bhéinn buíoch d'aon duine a bhfeadfadh eolas a thabhairt dom ar an t-ábhar seo. Níl uaim i ndáiríre ach roinnt ainmneacha d'áiteanna.

Ag tnúth le eolas
Caitríona

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Monday, June 26, 2000 - 01:49 pm:   Edit Post Print Post

Dia 's Muire duit, a Chaitríona,

Tá mé i mo chónaí i gcomharsanacht i Seattle ar a dtugtar Ballard. Cathair ar leith a bhí inti ar dtús, thiar sa naoú haois déag. Ainmníodh as Captain Ballard í. Níl a fhios agam, áfach, an bhfuil baint dá laghad ag sloinne an chaptaein leis an logainm "Ballard / Baile Ard" i gCo. Uíbh Fhailí.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Monday, June 26, 2000 - 06:39 pm:   Edit Post Print Post

Tá roinnt áiteanna anseo i Meiriceá atá ainmnithe i ndiaidh áiteanna eile in Éirinn -- ar an chúis chéanna go bhfuil a Stockholms, Moscows, etc. ann chomh maith. Tá ar an laghad Belfast amháin againn (i Maine), Derry agus Londonderry (Nua Hampshire -- Lonnaigh daoine as Doire insan dá áit agus cionn'as go raibh an t-ainm Derry cheana ag an chéad dream, roghnaigh an dara dream L'derry. Nó vice versa, b'fhéidir.) Ní féidir liom smaointiú ar oiread is sampla amháin de logainm a tháinig go díreach ón Ghaeilge. Tá samplaí ann ón Bhreatnais i bPennsylvania thoir: Bala Cynwyd agus Bryn Mawr, m. sh. Má smaoiním ar cheann ón Ghaeilge cuirfidh mé suas anseo é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Monday, June 26, 2000 - 11:34 pm:   Edit Post Print Post

Tá Dublin amháin i gCalifornia, sa Bhay Area, agus maidir le ainmneacha Breatnaise, tá Penryn (recte Penrhyn) in aice le Sacramento.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Tuesday, June 27, 2000 - 11:07 am:   Edit Post Print Post

Tá Dublin in Ohio chomh maith, an t-aon Dublin taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath féin ina mbíonn ranganna Gaeilge ar siúl.

B'iad na chéad daoine Eorpacha a lonnaíodh in áit a chumadh ainm na háite. Ghlac na Sasanaigh a lán ainmneacha Indiacha, agus roinnt mhaith ainmneacha Ollainnise agus Fraincise, cé gur athbhaisteadh le Béarla an chuid is mó díobh.

Ainmneacha neamhoifigiúla a d'fhág na himircí de ghnáth: Bhíodh a leithéid Little Belgium, Little Tokyo agus Finn Town insna bailte móra agus, go deimhin, in áit ar bith ina raibh dream as tír amháin ina gcónaí ann. Little Dublin a thugtaí ar an chomharsanacht Éireannach thart timpeall ar an ardeaglais i bPaterson, NJ, baile dúchais mo thuismitheoirí. Dublin Gulch a tugadh ar chomharsanacht Éireannach amháin (bhí cupla ceann eile ann) i mButte, Montana.

Tá McCluskey (mo shloinne féin, beagnach) in North Dakota. Suíomh chúirt an chontae atá ann.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

bocstaí
Posted on Friday, March 16, 2001 - 12:42 pm:   Edit Post Print Post

Nach bhfuil a leithéid agus Ulster County gar do Nua Eabhrach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Tomás
Posted on Monday, November 05, 2001 - 05:08 pm:   Edit Post Print Post

Tá bailte thart timpeall anseo (Albany) darab ainmneacha Wexford, Waterford agus Galway.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge