Author |
Message |
Katie Hanson
| Posted on Sunday, May 28, 2000 - 10:16 pm: |
|
A friend asked me how to say "Break a Leg" for a card for her son who is joining Rivedance in New York. (These Butte guys do get around!) Should this be the wishing mood? Is "Go briseadh cos agat!" way off the mark? Thanks for the help. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Monday, May 29, 2000 - 02:00 pm: |
|
Faoi do chois é, a bhuachaill! |
|
Dennis King
| Posted on Tuesday, May 30, 2000 - 12:52 pm: |
|
An bhfuil a fhios agat, a Sheosaimh, cad é an bunús atá leis an abairt sin? |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Thursday, June 01, 2000 - 11:10 am: |
|
Bail ó Dhia oraibh, a Dennis agus a Katie, Ghlacas leis i gcónaí gurbh é an t-urlár a bhí i gceist. Mheasfainn gur ar aon dul lena leathbhreac Béarla é : 'Take the floor!' (mar a deireadh 'Dingo' ar 'Céilí House' Raidió Éireann fadó) Is dóigh liom go bhfuil ceann eile sin an Bhéarla agus ceann Katie - 'Break a leg' - gar go maith dá chéile. Is cinnte gur chuala daoine cinn eile go leor mar iad : 'Make room quick or he'll kill you' - gar don tseanscairt - 'Fág an bealach' (aige nó is measa duit). Arís ar ais, bheadh sé de chéill ag ceann na Gaeilge sin thuas - 'Faoi do chois é!' - amhail is gur : ' You know where the floor is : go for it' a bheith i gceist. Is é mo mheas go bhfuil cuspóir Katie cuimsithe go maith i gceann na Gaeilge, nó táimid gar dó. |
|
Dennis King
| Posted on Thursday, June 01, 2000 - 04:54 pm: |
|
Go raibh maith agat as do fhreagra, a Sheosaimh. Níl mé cinnte faoi ionannas nó inmhalartacht na n-abairtí sin anois. Ciallaíonn "bris cos / break a leg" i measc lucht showbiz "ádh mór ort", rud nach ndéarfaidh siad amach go neamhbhalbh toisc go gcreideann siad go mbeadh aon tagairt do "good luck" an-mhí-ámharach! Tá siad chomh piseogach le mairnéalaigh! |
|
Katie Hanson
| Posted on Thursday, June 01, 2000 - 05:23 pm: |
|
A Chairde, My foclóir Póca just went up in flames! GRMA! Katie |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Friday, June 02, 2000 - 07:15 pm: |
|
Dia Daoibh Beirt, Coinnigh leis a Katie - Stick with it. Tógann mionchlocha caisleán - Small stones build a castle - it all adds up. tCím a Dennis. Is fíor duit. Tá pisreog ag baint le hobair an ardáin, ceart go leor. Is dóigh go bhfuil leath an tsaoil Adhaimh faoi fhaitíos roimh na soilse agus an leath eile mar a chéile roimh an dorchadas. Níor chuimhnigh mé ar cheachtar acu a bheith amhlaidh. Dá dtiocfadh linn an leath cúbach a scaoileadh amach istoíche agus an leath scanraithe a scaoileadh amach isló, bhéarfadh sinn leigheas barrúil ar an scéal. |
|
|