Author |
Message |
Pete
| Posted on Thursday, May 25, 2000 - 11:34 pm: |
|
Some hifi geek on a list I read has this in his signature line: Gaeleg beroriaeth reolau! Can anyone tell me whether this is Irish and what is means? Thanks |
|
Máire Ní Ógáin
| Posted on Monday, May 29, 2000 - 06:12 am: |
|
It isn't Irish, anyway. I can't even make out what it would be if it were misspelt Irish, apart from the first word being "Gaeilge." It doesn't look like Welsh, Scottish Gaelic or Manx, either. Have you mailed the geek to ask about it??? |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Monday, May 29, 2000 - 06:25 pm: |
|
Is cosúil gur ag tarraingt as eolas a sholáthair cainteoir Breatnaise dó a bhí mo dhuine seo. Chum sé a rogha rud féin as : 'iaith' = 'teanga' faoi ualach dhá réimír : 'per' = 'binn' + 'gor' = 'for' na Gaeilge agus 'rheolau' - iolra an ainmfhocail 'riail,' .i. rialacha. Cuirtear ar mo shúile dom é, más Modh Foshuite atá i gceist, óir níl leabhar mo fhuascailte in aice láimhe agam anseo. 'Dw i ddim yn berffaith iawn yng Ghymraeg - fel ryddych chi'n gweld ar dreigliad enw yr wlad yna - ' rhaid imi dweud. An briathar 'rules' a bhí i gceist aige féin, cinnte. Leathbhreac natha ar nós 'An Ghaeilg bhinnsártheanga abú', nó rud éicin mar é, ba chuspóir dó. Tá athruithe tosaithe na hinscne agus an chumaisc ar eolas aige ar aon nós. Is duine é atá ag déanamh iarrachta, bail ó Dhia air. Yr Wyddeleg am byth! An Ghaeilg um bith! - go brách! |
|
Dennis King
| Posted on Tuesday, May 30, 2000 - 11:09 pm: |
|
An bhfuil suim agat sa tSean-Ghaeilge freisin? Má tá, tabhair súil ar http://listserv.heanet.ie/cgi-bin/wa?A1=ind0005&L=old-irish-l le fáil amach céard atá ar siúl ar an liosta Old-Irish-L. Tá sé an-bheoga faoi láthair. Cé go mbíonn an mhórchuid de na teachtaireachtaí i mBéarla, tá fáilte roimh an nGaeilge agus roimh an nGàidhlig chomh maith. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Thursday, June 01, 2000 - 12:18 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Dennis. Dearcaim isteach ar na biastanna Sean-Ghaeilge ó am go chéile chomh maith, d'ainneoin róghalar an Bhéarla! Is deas a fheiceáil go mbíonn a oiread chur is cúiteamh ar bun ag daoine, as gach aird ar domhan, i dtaobh ghnóthaí na Gaeilge. Mhisneodh sé an lag agus threiseodh sé an láidir, ar nós scéal na maidine, ráchairt a bheith ar Chré na Cille faoi Chríocha Lochlann. Bhéarfad aghaidh anonn arís anois ó luaigh tú é mar Shean-L. |
|
|