mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Ag Cuartú Focal den Amhrán "Éistigh Liomsa Sealad" « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Áine Cooke
Posted on Saturday, May 20, 2000 - 02:21 pm:   Edit Post Print Post

A chairde,

B'fheidir go dtiocfadh libh cuidiú liom. Tá mé ag cuartú na focal den amhrán "Éistigh Liomsa Sealad". An bhfuil eolas ar bith ag duine agaibh ar an amhrán seo? Chuala mé an t-amhrán seo ar an CD 'Volume 1 Sound Magic' ag an Afro Celt Sound System. Tá sé líostailte ar an ceirnín mar amhrán traidisiúnta. Níl a fhios agam cén Ghaeltacht a bheadh sé as. Aon chuidiú ar bith liom go dtiocfadh libh, beidh iontach buíochas daoibh agam.

Le gach dea-ghuí, Áine

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Friday, June 02, 2000 - 05:55 pm:   Edit Post Print Post

A Bhean Chlainne Dhabhóic,

Is éard atá uait, bunleagan, nó athleagan, an amhráin 'Seán Ó Duibhir an Ghleanna' faoina ainm coiteann. Tá scéal an ainm agus an amhráin ríofa ag Tomás Ó Concheanainn, NUA-DHUANAIRE III a d'fhoilsigh Institiúid Ard-Léinn Átha Cliath sa mbliain 1981. Tá 112 líne sa leagan atá curtha i gcló ag an Uasal Ó Concheanainn. Luann sé Béaloideas uimhir 11 mar fhoinse. Luann sé chomh maith 'Amhráin Chlainne Gaedheal' Thomáis Uí Mháille.
(- mairg an té nach a bhfuil a chuid leabhar in aice láimhe -)

Tá an-duifear idir leagan an Nua-Dhuanaire thuas agus leagan an dá leabhar seo a leanas.

Ceolta Gael II, Ó Baoill, Mánus 1986 : dhá bhéarsa de 'Seán Ó Duibhir an Ghleanna'

Filidheacht na nGaedheal, Ó Canainn, Pádraig 1940, lch. 39 : ceithre bhéarsa de 'Seán Ó Duibhir an Ghleanna'

Beir bua is croch suas é!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Saturday, June 03, 2000 - 06:26 am:   Edit Post Print Post

(Tá 'a' breise a sciorr isteach thuas idir na lúibíní. Sciorrtar thairis, le do thoil!)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Áine Cooke
Posted on Saturday, June 03, 2000 - 09:39 pm:   Edit Post Print Post

A Sheosaimh,

Go raibh céad míle maith agatsa as do fhreagairt. Ar an dea-uair tá cóip an leabhair 'Traditional Music in Ireland' ag Tomás Ó Canainn agam agus tá an chéad rann an leagain seo as Gaeilge agus i mBéarla (fán teideal 'Éistidh Liomsa Sealad') ann. Ach ar an drochuair ní bheidh mé ábalta le gabháil go dtí an leabharlann agus na leabhair eile a chuir tú in eol domh a fháil mar tá mé i mo chónaí i dTexas sna SA (is mór an trua é leoga). Dá bhrí sin, níl ach aon rann amháin agam is sin a bhfuil.

'Mise agus cara liom san Ioruaidh atá ag cuartú na bhfocal seo. Dá mb'fhéidir leat cóip den amhrán a dhéanamh agus a chuir sa phost domh bheadh sé sin go hiontach ar fad agus nach mbeadh seacht mbeannacht ag teacht chugatsa ón bharr is ón bhun an domhain ag am am céanna!

Le buíochas agus gach dea-ghuí, Áine

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge