Author |
Message |
Alexander Dietz
| Posted on Wednesday, May 17, 2000 - 06:43 pm: |
|
Ba mhaith liom mo chuid Gaeilge a fheabhsu go mor. D´usaid me "Learning Irish" o Micheal O Siadhail. Cen chursa is feidir a husaid sa gcaoi go mbeidh Gaeilge phaiteanta agam?(claracha riomhaire freisin)Le do thoil, seol liosta no rud mar sin chugam. Alexander Dietz Go raibh mile maith agat! |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Sunday, June 18, 2000 - 06:55 pm: |
|
Maith an fear thú. Déanfaidh mé iarracht a bheith gearr sa seanchas. Tá tú imithe rófhada le haghaidh 'Abair Leat' is dócha. Molaim 'Now You Are Talking' le do chanúint a chorraí ó thuaidh agus 'Teach Youself Irish' lena bogadh ó dheas. Ní miste ceann Linguaphone a chíoradh, má thig leat is gan a cheannach, óir ní hé is saoire ar domhan. Amharc isteach ar 'Gaeilge ar an Ghréasán' faoi fhoghlaim na Gaeilge. Is iomaí suíomh saibhris ar an idirlíon anois, cuid acu faoi stiúir roinnt de lucht méarchláir na nDaltaí abhus anseo. Tá Raidió na Gaeltachta in aice láimhe leat anois ach an cnaipe a bhrú. Tá deich n-oiread eile le háireamh, cinnte. Mar thús : 'Bunchúrsa Foghraíochta' (ITÉ) agus 'Cleachtaí Foghraíochta' (a mbíodh téipeanna de réir canúna leis, ITÉ) Tá dalladh leabhar móide téip/dlúthdhiosca eisithe ag leithéidí Raidió na Gaeltachta, Comhairle Bhéaloideas Éireann, Cló Íar-Chonnachta (sic) Teo., Fios Feasa agus tuilleadh nach iad. Tháinig tú an t-achar seo. Tá an snámh in aghaidh easa thart. Go mbainir sult as a bhfuil le déanamh go fóill. |
|
|