Author |
Message |
MICHELLE
| Posted on Tuesday, May 02, 2000 - 12:36 pm: |
|
I'M AM STUDING IRISH FOR A-LEVEL AND WOULD LIKE TO FIND SOME HELP ON THE NET.ANYONE ANY ADVICE?THANKS |
|
Dennis King
| Posted on Tuesday, May 02, 2000 - 09:59 pm: |
|
Comhairle uait? Tá go maith. (1) Ná béic. Is ionann ceannlitreacha agus béicíl. (2) Scríobh chugainn i nGaeilge. (3) Guigh go dúthrachtach. Is cuma cén dia / bandia / aindia, agus déan i nGaeilge é! |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, May 03, 2000 - 01:24 pm: |
|
(4) Déan staidéar ar na leabhair, agus ná bí ag cur am amú ar an Idirlíon ;-) |
|
Michilín
| Posted on Thursday, May 04, 2000 - 12:42 pm: |
|
Bíodh múineadh ort, a Aonghus!!!! Go raibh maith agat, Dennis as do chomhairle!!!! Duine ar bith eile le comhairle dom le do thoil? |
|
Aonghus
| Posted on Friday, May 05, 2000 - 03:51 am: |
|
Ní leir dom nach moladh ciallmhar a bhí agam dhuit, seachas droch mhúineadh. Cén saghas cabhrach a bhfuil tú ag súil leis ón Idirlíon? |
|
michilín
| Posted on Friday, May 05, 2000 - 08:51 am: |
|
Rud ar bith le do thoil -ach go háirithe ar gramadach. An bhfuil gaeilge liofa agat? Tá gaelige an-maith agat agus tá ead orm ort!!!!! Ar mhaith leat bheith i mo mhuinteoir?!!!!!! Níl mo mhuinteoir ro-mhaith ach is docha go bhfuil sé ro-mall anois!!!!! |
|
Seosamh
| Posted on Friday, May 05, 2000 - 11:03 am: |
|
'Ar ghramadach' a Mhichilín. Agus tá éad ort LE hAongus (mar tógadh le Gaeilge é!) (Tá cúpla bealach eile le d'éad leis a chur in iúl chomh maith ach ní le 'orm ort' mar atá agat thuas.) Staidéar agus cleachtadh (mar atá le fáil ar an Idirlíon) atá de dhíth ach tá a lán Gaeilge agat cheana: Ní gá ach snas a chur uirthi agus beidh tú alright. (Tosaigh leis na réamhfhocail!) Ádh mór ort! |
|
Seosamh
| Posted on Friday, May 05, 2000 - 11:05 am: |
|
Agus bheadh 'ar an ghramadach' ní b'fhearr go fóill, is dócha. |
|
|