Author |
Message |
Ariel
| Posted on Thursday, April 20, 2000 - 09:14 am: |
|
Bail o Dhia oraibh go leir thall. Mise Ariel Nic Uillic agus bim ag obair le Clar na Gaeilge ar Raidio SBS na hAstraile, sainchraoltoir naisiunta na dteangachai pobail agus mionteangachai. Ba mhaith liom dhul i dteagmhail ar an bpointe le Gaeilgeoir liofa i Meiricea a mbeadh in ann labhairt linn ar ar gclar faoina bhfuil ag tarlu ar Wall Street le seachtain anuas, faoi staid agus tionchar na stocmhalartain agus na scaireannai idirliona, agus ar tharla i Seattle cupla la o shoin, agus b'fheidir, ce'n bhaint, ma ta baint ar bith ann, le feachtas toghanaiochta na huachtaranachta thall. Bheinn faoi chomaoin daoibh an teachtaireacht seo a scaipeadh le cunamh a thabhairt duinn tiocht ar a leitheid de dhuine chomh sciobtha agus is feidir. Ta an clar le dhul amach trathnona De Ceadaoin na seachtaine seo chugainn agus is feidir dhul i dteagmhail liom ag an seoladh seo a leanas: Ta seo reasunta prainneach, bheinn buioch dha bhfeadfai dhul i dteagmhail liom i gcaitheamh an deiridh seachtaine seo (an Chaisc). Mile beannacht, Ariel Nic Uillic |
|
Ariel
| Posted on Friday, April 21, 2000 - 10:24 pm: |
|
Mar a tharlaionn i gcursai na mean, ta cupla rud athraithe anois agus nil se ina rud chomh prainneach nios mu. Ach ba mhaith liom i gconai dul i dteagmhail lena leitheid de dhuine, agus ma ta aon duine ar bith eile ann thall a mbeadh saineolas ag rud eicint aici / aige : cursai polaitiochta, mileata, slainte, siceolaiochta srl (agus cumas maith labhartha sa nGaeilge in eindi), no a bheadh sasta cur lenar gclar ar bhealach eicint - abair anois dha mbeadh bua airid agat o thaobh cumas seanchais no grinn no a leitheid, bheinn faoi chomaoin agat teachtaireacht a sheoladh agam. Mile beannacht, Ariel Nic Uillic |
|
|