mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Gaeilgeoir Liofa i Meiricea ag Teastail go Prainneach do Chlar Raidio Astralach « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ariel
Posted on Thursday, April 20, 2000 - 05:41 am:   Edit Post Print Post

Bail o Dhia oraibh go leir thall.

Mise Ariel Nic Uillic agus bim ag obair le Clar na Gaeilge ar Raidio SBS na hAstraile, sainchraoltoir naisiunta na dteangachai pobail agus mionteangachai.

Ba mhaith liom dhul i dteagmhail ar an bpointe le Gaeilgeoir liofa i Meiricea a mbeadh in ann labhairt linn ar ar gclar faoina bhfuil ag tarlu ar Wall Street le seachtain anuas, faoi staid agus tionchar na stocmhalartain agus na scaireannai idirliona, agus ar tharla i Seattle cupla la o shoin, agus b'fheidir, ce'n bhaint, ma ta baint ar bith ann, le feachtas toghanaiochta na huachtaranachta thall.

Bheinn faoi chomaoin daoibh an teachtaireacht seo a scaipeadh le cunamh a thabhairt duinn tiocht ar a leitheid de dhuine chomh sciobtha agus is feidir. Ta an clar le dhul amach trathnona De Ceadaoin na seachtaine seo chugainn agus is feidir dhul i dteagmhail liom ag an seoladh seo a leanas:

Ta seo reasunta prainneach, bheinn buioch dha bhfeadfai dhul i dteagmhail liom i gcaitheamh an deiridh seachtaine seo (an Chaisc).

Mile beannacht,

Ariel Nic Uillic

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ariel
Posted on Friday, April 21, 2000 - 10:25 pm:   Edit Post Print Post

Mar a tharlaionn i gcursai na mean, ta cupla rud athraithe anois agus nil se ina rud chomh prainneach nios mu. Ach ba mhaith liom i gconai dul i dteagmhail lena leitheid de dhuine, agus ma ta aon duine ar bith eile ann thall a mbeadh saineolas ag rud eicint aici / aige : cursai polaitiochta, mileata, slainte, siceolaiochta srl (agus cumas maith labhartha sa nGaeilge in eindi), no a bheadh sasta cur lenar gclar ar bhealach eicint - abair anois dha mbeadh bua airid agat o thaobh cumas seanchais no grinn no a leitheid, bheinn faoi chomaoin agat teachtaireacht a sheoladh agam.

Mile beannacht,

Ariel Nic Uillic

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Annraoi Ó Préith
Posted on Wednesday, June 14, 2000 - 08:29 pm:   Edit Post Print Post

a Ariel,
Nach cuma faoi na Stáit !! Labhairfidh mé féin leat ar ábhar ar bith is cuma sa tsioc!! Abair le Daithí go bhfuil mé ag cur a thuairisce.
Annraoi Ó Préith, béal Feirste.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

hilda dooley
Posted on Tuesday, January 09, 2001 - 11:48 am:   Edit Post Print Post

A chara,
>Is muinteoir, og, bunscoile me. Ba mhaith liom (agus
>mo chara Aine ata ina muinteoir bunscoile freisin) ar
>dteanga alainn a mhuineadh do dhaoine i Meiricea i
>rith an tsamhraidh seo chugainn ( i rith
>ar laethanta saoire in Iuil agus Lunasa 2001). An
>bhfuil aithne agat ar
>aon duine a mbeadh in ann post a thabhairt duinn? Ma
>ta, an feidir leat mo
>litir seo a thabhairt do/di/doibh? Beidh buiochas orm
>aon t-eolas a fhail.
>Go raibh maith agat,
>Is mise le meas,
>Hilda Dooley.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

mairead
Posted on Friday, March 02, 2001 - 07:20 pm:   Edit Post Print Post

Ariel, is cainteoir duchais o dhun na ngall me agus craoltoir cumasach ar Raidio na Gaeltachta freisin. Ta me lonnaithe i Nua Eabhrac agus ag obair leis an Nuachtan The Irish Echo. Diobhse nar chuala faoi, is seo an phriomh Irish/American nuachtan san Stait Aontaithe.
Ma ta tuilleadh eolais uait no uaidh dhuine ar bith eile no ma ta nuacht suimiuil ar bith agaibh, dean teangmhail liom ag {}

Adh mor Mairead

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mickie
Posted on Friday, March 02, 2001 - 08:32 pm:   Edit Post Print Post

a Mhairead
Chuala faoi an phaipear sin ceart go leor, faighim sa phost e gach seachtain. bionn altanna siumiula ag Barra O Donnabhain inti gach seachtain. is deas cainteoir duchais ag obair leis an nuachtan. Dia Leat
Mickie

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge