Author |
Message |
Rónán
| Posted on Tuesday, April 18, 2000 - 02:09 pm: |
|
An dtig le duine ar bith agaibh cuidiú a thabhairt dom? Is ón tuaisceart mé, agus mar sin de, níl ró-thaithí agam ar foclaí nó phrásaí Ghaeilge ón deisceart- 'um a dtaca seo', mar shampla. Thainig mé ar an phrasa seo agus mé ag déanamh ullmhú don scrúdú Ard-léibheal. Chuardaigh mé san fhoclóir é, ach níor éirigh liom. Cad is ciall leis? Agus, ar an ábhar céannach, an bhfuil aon eolas ag duine ar bith fá difir ar bith eile idir Ghaeilge an thuaiscirt agus Gaeilge an dheiscirt? Scríobh isteach, le bhur dtoil. |
|
Laigheanach
| Posted on Tuesday, April 18, 2000 - 04:29 pm: |
|
A Rónáin, níl na difríochtaí leath comh mór is a ligeannn roinnt daoine orthu a bhfuil, ach seo roinnt difríochtaí. 1.Sa tuiseal tabharthach, i ndiaidh réamhfhocail agus an ailt (i.e. leis + an), sa deisceart i gcoitinne, cuirtear urú air (i.e. leis an bhfear) ach sa tuaisceart cuirtear seimhiú air (i.e. leis an fhear). Má léann tú an nuachtán 'Lá', atá foilsithe i Béal Feirste,tabharfaidh tú faoi deara go n-úsáidtear leagan an tuiscirt sa chás seo. 2.Cuirtear an bhéim ar an chéad siolla i ngaeilge an tuaiscirt ach ar an dara ceann i ngaeilge na Mumhan, ach de ghnáth ar an gcéad cheann i Connacht.Tháinig an bhéim ar an dara siolla, ó thionchar fhraincís na Normanach i gCúige Mumhan. |
|
Seosamh
| Posted on Wednesday, April 19, 2000 - 12:17 pm: |
|
Um an dtaca seo = fán am seo, fán uair seo, timpeall an ama seo. Réamhfhocal atá in 'um' a chiallaíonn timpeall, ag; fá dtaobh de, maidir le. Cluinfidh tú 'um Cháisc, um Nollaig, um thráthnóna go minic in áit ag an Cháisc, ag an Nollaig, sa tráthnóna. |
|
|