Author |
Message |
miguel
| Posted on Tuesday, April 04, 2000 - 12:20 pm: |
|
a chairde, is spáinneach mé ,táim 19 mbliana is déag d'aois ,agus táim ag foghlaim gaeilge le trí bhliana anuas.Fuair mé an fháinne airgid ó Chómhdáil Náisiúnta na Gaeilge agus ba mhaith liom obair sa ghaeltacht an tsamhradh seo chugainn.dá mbheifeá eolas agat faoi óstán ar bith nó teach tábhairne, abair liom ,más é do thoil é.Tá súil agam do ríomhphost. go raibh míle maith agat, mise le meas,Mícheál. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Tuesday, April 25, 2000 - 05:46 pm: |
|
A Mhícheáil, a Chara, Coinnigh an misneach, a bhóchaill, cé gur beag aird a tugadh ar an scéala seo uait go fóilleach. Is é an moladh a bheadh agamsa duit, a theacht go Ros a' Mhíl agus obair a lorg ar cheann de bháid iascaigh Árann, abraimis. Ná bac le hobair óstáin. Is iondúil gur muintir Árann iad féin agus muintir Chonamara a bhíos ag obair ar na báid, cé go mbíonn corrstadhnóir de chuid na Galltachta leo ar neamhchead do theanga ná d'aon ní mar é. Obair chrua go leor a bheadh i gceist, ach tá mé a rá leat, ach an bád ceart a aimsiú duit féin, ba mhór ab fhiú do do chuid Gaeilge thar rud ar bith eile a dhéanfá, glacadh le hobair den chineál sin i measc lucht labhartha Gaeilge rábach an iascaire. Dá mba mhian leat an beart sin a chur i gcrích, b'fhiú duit scríobh chuig an saol Fódlach abhus an athuair, ag míniú gurb amhlaidh atá an scéal. Níor mhiste athseift éigin a bheith ar na bacáin agat, ar fhaitíos go n-obfaí ar an gcéibh thú. Mura n-éireodh leat obair a fháil ar cheann de na báid, ba bhocht an scéal é, óir ní bheadh áit le fanacht agat. Anois, is í an cheist mar sin, an bhfuil duine ar bith thart i nGaillimh a chuideodh leis an dílseoir Gaeilge seo aneas as an Spáinn? Ní bheadh uaidh ach áit le fanacht scathamh, a fhad is bheadh sé ag cuardach ionaid ar cheann de bháid Ros a' Mhíl. Mar sin é? Go n-éirí sé leat. Is mise le meas, Seosamh |
|
miguel
| Posted on Thursday, May 18, 2000 - 07:42 am: |
|
go raibh míle maith agat!! |
|
Annraoi Ó Préith
| Posted on Wednesday, June 14, 2000 - 08:36 pm: |
|
Miguel, Tá níos mó ná Gaeltacht amháin i nÉirinn. Bain triail as an tuaisceart, áit a bhfuil la gente de Dios ina gcónaí. Scríobh chuig "an Chrannóg, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill" Annraoi |
|
|