Author |
Message |
siobhan
| Posted on Monday, April 03, 2000 - 09:48 am: |
|
Is dalta ard-leibheal me agus ta me ag deanamh Gaeilge. Ba mhaith liom dul go dti Ollscoil Naomh Mhuire an bliain seo. An bhfuil "tips" faoin agallamh Gaeilge ag duine ar bith. Gabh raibh maith agat. |
|
Rónán
| Posted on Monday, April 17, 2000 - 05:26 am: |
|
Tá mise im' dhalta ard- leibheal fósta. Ní bheith mé ag dul go dtí Ollscoil Naomh Mhuire, ach chuaigh cara de mo chuid chuige ar na mallaibh, fa choinne agallaimh. Dúirt sí go raibh an agallamh an-furasta- bhuel, níos fusa ná a cheap sí! Ná bí imní ort. Cuirfear céisteanna ort mar "An raibh tu sa Ghaeltacht a riamh?, Ar bhain tu sult as?" agus rudaí mar sin. Ádh mr ort san agallamh. Anois, an bhfuil comhairle ag duine ar bith fán scrúdú béil, a bheith agam i gceann cúpla seachtaine. Tá an-imní orm roimhe. Ní mr dom éirigh liom san scrúdú seo. CUIDIGH LIOM, LE BHUR DTÓIL! |
|
Máire Ní Ógáin
| Posted on Monday, April 17, 2000 - 11:52 am: |
|
A Rónáin, Déarfainn féin go n-éireoidh go geal leat, má tá do chuid Gaeilge agus í á labhairt agat leath chomh maith agus atá sí agus tú á scríobh. Cuimhnigh nach gcaithfidh tú a bheith buartha faoi na ceisteanna a chuirfear ort mura dtugann tú mórán seans don scrúdóir ceisteanna a chur! Má chuirtear leithéid, "An raibh tú sa Ghaeltacht riamh?" ort, lean ort leis an bhladar faoin ábhar fhurasta sin, nó faoi aon rud is mian leat, go mbeidh an t-am curtha isteach agat. Labhair faoi rudaí a bhfuil spéis agat iontu nó na rudaí is fuath leat, ní faoi rudaí tura. Faoin am a bheas an scrúdóir ag caint leatsa, beidh sé/sí dúdóite de "Bhain mé sult as an Ghaeltacht. Bhí sé go maith" agus an ciúnas a leanann a leithéid. D'éirigh liomsa leis an chur chuige seo i gcónaí. Ádh mór! |
|
Rónán
| Posted on Tuesday, April 18, 2000 - 01:59 pm: |
|
A Mháire, Go raibh míle maith agat as á scríobh tú, go háirithe as an sliocht fá mo Ghaeilge scríofa. Ar mhaith leat é a rá le mo mhuinteoir?!! |
|
Máire Ní Ógáin
| Posted on Wednesday, April 19, 2000 - 06:08 am: |
|
:-)) !!! Go n-éirí leat! Sílim go bhfuil tú féin in ann a rá (i nGaeilge bhinn bhlasta)! |
|
Ciara
| Posted on Monday, April 24, 2000 - 04:00 pm: |
|
A Rónáin, a pheata, Creid nó ná creid, thig le do mhúinteoir Gaeilge an t-idirlíon a úsáid comh maith!! - do mo mhaslú go poiblí!! Chífidh mé thú i ndiaidh na Cásca. An Mháistreás Scoile! |
|
|