Author |
Message |
Dennis King
| Posted on Sunday, April 02, 2000 - 05:16 pm: |
|
Tá ceist agam ar Sheosamh, nó ar aon duine eile a bhfuil Briotáinis aige. Tá an líne seo as amhrán le Gilles Servat: "Pa yar ar c'houmoul da guzhat an heol" An briathar é 'yar'? Cén ceann? Chuala mé an t-amhrán, "A-walch, A-walch" ar an albam nua "Identités" leis an artiste algérien/kabyle Idir. Castar é as Briotáinis agus as Beirbris (Berber). Tá giotár Dan ar Braz le cloisteáil ar an traic seo freisin. Is iontach an t-albam é, dála an scéil! Tá faisnéis faoi le fáil ag http://www.idir-identites.com/ |
|
Seosamh
| Posted on Sunday, April 02, 2000 - 11:10 pm: |
|
Deamhan a fhios agam. An féidir gur foirm den bhriathar 'mont' (dul) atá ann: nuair a théann na scamaill ag ceilt na gréine. |
|
Dennis King
| Posted on Monday, April 03, 2000 - 02:53 am: |
|
Sin é. D'oscail mé an graiméar tar éis dinnéir agus d'fhoghlaim mé an méid seo: mont > a (= téann) a athraíonn go "ya" tar éis na míre 'a' (agus 'pa' freisin, de réir dealraimh). Caithfidh go bhfuil an litriú thuas a fuair mé sna nótaí mícheart. Bheadh an ceann seo ceart: "pa ya ar c'houmoul da guzhat an heol" nó "pa yar c'houmoul..." Tá d'aistriúchán ceart, gan dabht. GRMA. |
|
Seosamh
| Posted on Monday, April 03, 2000 - 12:17 pm: |
|
Níl an Bhriotáinis ar na teangacha is fearr dá bhfuil agam, ná baol air. Tá cúpla gnáthleabhar foghlamtha móide téipeanna agam comh maith le foclóirí bunúsacha agus _A Grammar of Modern Breton_ le Ian Press. Má's ionann 'pa yar' agus 'pa ya ar', ní gá leis an 'ar' in 'pa yar ar ...' Botún suimiúil, má tá an ceart againn. Ag déanamh eagarthóireachta (nó fiú ag léamh) domh, feicim dhá rogha leagtha amach ag scríbhneoirí. Ansin, déanann siad dearmad ar an rogha a dhéanamh. É sin, nó duine nach raibh eolas cruinn ar an teanga scríofa a rinne é. |
|
|