Author |
Message |
Síle
| Posted on Monday, March 20, 2000 - 12:11 am: |
|
I was wondering if you would be able to help me translate a name. I'm scheduled to start in a beginner's gaelic language class 6 April, at Brookdale Community College, NJ. I'm also in the process of taking an online course in Celtic Traditionalism, and I've come up against a translation problem with my married name. My name is Sile Ni Urthuile and my husband's last name is Lovas. It is my understanding that the name Lovas means either "one who loves horses" or "horse groomer" in Hungarian. I've been trying to translate both meaning's into gaelic, but there are a few translations of the word horse, love, and I cannot even find the word groomer in the gaelic dictionary I have. Would you be able to help me, or refer me to someone that can? I would really appreciate it. Sincerely, Sile |
|
Aonghus
| Posted on Monday, March 20, 2000 - 03:20 am: |
|
Capall grách would mean horse loving eachaire is groom (from each, an alternative word for horse) |
|
Síle Ní Urthuile
| Posted on Monday, March 20, 2000 - 10:25 am: |
|
Aonghus, Thank you, so very much, for taking the time to post an answer to my question. I really appreciate the help you've given me. Síle |
|
Dennis King
| Posted on Monday, March 20, 2000 - 01:55 pm: |
|
The word would have to treated as a compound: capallghrách i.e. written as one word, with the second element lenited It is also somewhat ambiguous, in that it could mean either "horse-loving" or "beloved of horses". In everyday spoken Irish, of course, a "horse lover" would be "fear mór capall" (a great man of horses), just like a football fanatic would be "fear mór peile". |
|
Dennis King
| Posted on Monday, March 20, 2000 - 02:08 pm: |
|
cf. "tírghrách" (= patriotic) from "tír" (country) + grách (loving) On on the subject of compounds, I wish you New Yorkers would come to grips with the fact that Nua-Eabhrac is a compound word and thus requires the hyphen between the two elements. An adjective can never be a free-standing word before a noun: seanfhear -not- sean fhear nuabheirthe -not- nua bheirthe nua-aoiseach -not- nua aoiseach Nua-Ghaeilge -not- Nua Ghaeilge and in the same way: Nua-Eabhrac |
|
Seosamh
| Posted on Monday, March 20, 2000 - 04:17 pm: |
|
Well, there goes a century or two of tradition. The principle applies to New Jersey, as well. But is it Nua-Sheirsí or Nua-Gheirsí? I haven't seen it in some time. I used to hate the name but I'm told that it is actually of long standing and was used by native speakers there. Next Dennis will tell us it should be Inis Fhada, not Inis Fada, and more than one of those great, old parade banners will have to be retired to Marion Casey's museum. Slán agus beannacht ó Nua-Eabhrac. Seosamh McCloskey |
|
Dennis King
| Posted on Tuesday, March 21, 2000 - 01:41 am: |
|
Gan trácht ar Inis Mór. Daoine as an oileán úd a bhaist "Inis Fada" ar an oileán eile, gan dabht! Special occurences of "inis" as masculine, or just sheer cussedness? Maidir le New Jersey, nach é Nua-Gheansaí a chloistear sna bólaí úd? Or would that actually be New Guernsey? Sorry! Sorry! Tá sorry orm! |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, March 21, 2000 - 06:10 am: |
|
Ní aontaíom leat! Mar is gnách, níl na tearmaí gramadaí ar mo thoil agam, ach tá difríocht ann idir Inis Mór (áit airithe os comhair cósta na Gaillimhe) agus Inis Mhór (inis atá a) mór agus b) áit éigin). Más búan mo chuimhne, Árainn a thugainn pobal Inis Mór ar an óiléan, pé scéal é! Mar an gcéanna, tá difríocht idir Nua Ghaeilge, agus nua-ghaeilge. D'fhéadfainnse nua-ghaeilge nua a chumadh gach lá, ach níl ann ach Nua Ghaeilge amháin. Nua Eabhrac agus Inis Fada, mar an gcéanna:- Níl leabhar gramadaí agam (agus tá mé ró leisciúl é úsaid pé scéal é) - is ag brath ar mo móthúcháin atáim. |
|
Dennis King
| Posted on Tuesday, March 21, 2000 - 11:52 am: |
|
Agus ní aontaíonn Niall Ó Dónaill, Tomás de Bhaldraithe, na Bráithre Críostaí (Liam Ó hAnluain actually), na scoláirí a scríobh _Stair na Gaeilge_, gan trácht ar an _Foclóir Póca_, na foclóirí Collins, etc. etc. etc. leatsa. Tá riail an-simplí agus do-athraithe i gceist anseo. Más mian leat do leagan féin den teanga a scríobh, bíodh agat. An mar sin a scríobhann tú Béarla freisin? Nó an bhfuil beagán níos mó ómóis agat don teanga eile? |
|
Seosamh
| Posted on Tuesday, March 21, 2000 - 02:28 pm: |
|
Actually, 'Geansaí Nua' a thugtar ar an stát minic go leor (rómhinic!) ach níl ann ach imeartas focal. Nua-Gheirsí nó Nua-Sheirsí a chluinim ó am go ham agus atá préamhaithe níos doimhne ná mar a cheap mé. Ar chóir dúinn glacadh ón méid sin thuas, gur b'fhéidir go bhfuil Inis Fada ceart? Nó gan a bheith mícheart, ar an laghad? Má's focal firinscneach in áiteanna é, nó má's eisceacht de chineal eile í/é :-), seans gur cainteoirí dúchais a bhaist "Inis Fada" ar an áit. (Ag smaoineamh ar Inis Mór, b'fhéidir.) Ach caithfidh mé na seantéacsanna (agus seanbhratógaí) a scrúdú níos cruinne le bheith cinnte go bhfuil "Inis Fada" i ndáiríre níos coitianta ná "Inis Fhada". Maidir le comhfhocla, tá nós seanbhunaithe ag lucht na Gaeilge focail, réimíreanna, srl a chur le chéile, gan nó le fleiscín: Nua-Shéalainn, SeanGhaeilge, dobhareach, dobharchú, breacGhaeltacht, taephota, soléite, do-ite. Murar thug sibh fá dear, áfach, tá sé mar nós ag eagarthóirí ar thréimhseacháin áirithe iad a scaradh ina lán cásanna: sean mhonarcha, m.sh. Iarracht é leis an dua a bhaint de léitheoireacht theangan nach bhfuil mórán daoine ábalta a léamh ar chomhleibhéal lena gcuid Béarla. Tá na heagarthóirí siúd a rá nach comhfhocail iad a thuilleadh, go gcuireann focail mar "sean" séimhiú i bhféidhm ar an chéad fhocal eile agus sin é. Ar chúis theoriciúil, mar sin, ní ghlacaim an nós nua seo, fiú má dhéantar go rialta é. Níl tuairim agam fá láthair i dtaobh Nua Ghaeilge agus nuaGhaelige. Ach bhí mé ag rá aréir féin leis an "slua meáin fhoghlaimeoirí" (intermediate learners) go bhfuil sé tábhachtach dul leis na mothúcháin go minic, fiú ag a leibhéalsa. |
|
Seosamh
| Posted on Tuesday, March 21, 2000 - 02:36 pm: |
|
A Shíle, An ndearna tú staidéar ar an Ungáiris chomh maith? Have you studied Hungarian too? |
|
An t-Aon Daithí Amhain
| Posted on Tuesday, March 21, 2000 - 09:08 pm: |
|
Caitríona Mhór (Irish, "one who loved horses") |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, March 22, 2000 - 05:42 am: |
|
Dennis:- Tá ómós agam don Ghaeilge. Tuigim go bhfuil mo ghaeilge scríofa imithe chun donais, ós rud é nach raibh deis agam morán a scríobh ó d'fhág mé an scoil. Ach tá gaeilge ón gcliabhán agam. Teanga beo atá agam, agus dé ghnáth bíonn na mothúcháin a bhíonn agam faoi focail i gceart. Braithim fós go bhfuil an difríocht a luadh mé thuas ann. Ach bhéinn sásta glacadh leis nach bhfuil sé cruinn dé réir gramadaí. Sán aít a mbíonn difríocht idir úsaid pobal gaeltachta agus gramadach, áfach, thugainnse tús áite don rud a deireann an phobal. Tagann gramadach i ndiadh an caint. |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, March 22, 2000 - 12:57 pm: |
|
Agusín: Nua Eabhrac, gan fleiscín, atá i mo leagan de de Bhaldraithe (10ú eagrán: 1987) |
|
|