Author |
Message |
Seosamh
| Posted on Friday, March 17, 2000 - 08:12 am: |
|
Lá 'le Pádraig sona dhaoibh! (Fiú má's ó Nua Eabhrac fliuch fuar faoi smacht spreasadáin na biogóideachta a chuirim an teachtaireacht.) |
|
Dennis King
| Posted on Friday, March 17, 2000 - 01:41 pm: |
|
Bah humbug. Fanfaidh mé sa bhaile anocht ag ithe Rotkohl, ag ól beoir Bheilgeach, agus ag breathnú ar "Rashomon". Dia idir sinn agus an Leipreachán. I bhfad uainn go léir an Tea Towel Seamrógach agus an Toora-Loora-Lúcháir. Pfszztt! |
|
Seosamh
| Posted on Friday, March 17, 2000 - 04:03 pm: |
|
Tea Towel Seamrógach! Sin rud nach bhfuil agam! Cén uair a bhéas Kate-lin's Irish Cottage ar an Home Shopping Channel? Nó ar chóir domh feitheamh leis an chéad chrannchur eile de chuid Dhaltaí? Ba mar sin a d'fhaighinn an trèflerie is fearr dá bhfuil agam sula bhfuair mé amach cad é mar a faightear na duaiseanna níos mó. Agus tea cozy le dul leis an towel! Go raibh míle maith agat as an smaoineamh breá sin, a Dennis! |
|
Dennis King
| Posted on Friday, March 17, 2000 - 05:47 pm: |
|
Trèflerie! Is maith an focal é! Ar chum tú féin é? Cosúil le "chinoiserie"? Meas tú an bhfuil aon bhaint aige le "truflais"? |
|
Seosamh
| Posted on Saturday, March 18, 2000 - 09:26 am: |
|
Chum mé é ag smaoineadh ar "chinoiserie." Níl 'fhios agam fá "truflais," tá mé amhrasach ina thaobh. Le bheith níos dáiríre fán tseamrógaíocht srl, bailíonn Marion Casey, stairí Gael-Mheiriceánach a chónaíos anseo i mBrooklyn, kitsch Éireannach. Beidh taispeántas iontach/uafásach de le feiceáil lá éigin. |
|
Dennis King
| Posted on Saturday, March 18, 2000 - 01:23 pm: |
|
B'fhéidir go mbeadh sé sásta pictiúir de na rudaí is ansa leis a chur suas ar an idirlíon? An Scrín Sheamrógach. Tá mé dáiríre! |
|
Seosamh
| Posted on Sunday, March 19, 2000 - 11:56 am: |
|
B'fhéidir go mbeadh. Taithí aici (agus ní *aige*) ar thaispeántais stairiúla a chur le chéile! (Is cuimhneach le Gaeil Nua Eabhraic go fóill an chonspóid mhór fá Ghaelic Gotham.) Tá Marion mór le cara linn anseo atá ag ullmhú taispeántas idirlín dúinn fá láthair ach ní deirfidh mé níos mó go fóill fá dtaobh de. |
|
|