ANBHUAIN: The Gaelic Conceptual Art Collective
| Posted on Sunday, March 05, 2000 - 01:09 am: |
|
"Ó Gheimhreadh go Samhradh" ~dán in omós agus i gcuimhne Shiopa Aingil~ An sioipín, ár sioipínse....Dúnta. Siopa Aingil. Dúnta, Faoi glas an diabhail. Na leabhair. Dúnta. Na nuachtáin. Dúnta. Na dlúdhioscaí. Dúnta. Urscéalta. Dúnta. Gearrscéalta. Dúnta. Dunairí. Dúnta. Tairnegreacht an Athar Uí Dhuinnín. Dúnta. An Bíobla Naofa, Briathar Dé i dTeanga Dé. Dúnta. Club Leabhar. Dúnta. Ranganna Sean-Ghaeilge. Dúnta. Croíthe agus intinni. Briste agus dúnta. Dúnta ag cíocras na tiarnaí talún. Dúnta ag fabhtacht na yuppies. Dúnta sa "Nua" Nua-Eabhrac. An Bradán Feasa, sruthlaithe síos leis an Leithreas Aneolais. Ag lofacht i bhfuálaithe faoi Soho. "Quaility of Life", ab é? Sinn gan foinse. Ár sioipín. Dúnta. * * * Broadway. Dúnta. Ó Houston go bPrince. Dúnta. Bloc amhain. Dúnta. Tracht sna sráideanna. Dúnta. Na Traenacha, N, R, 5, B, D, F agus Q, . Dúnta. Lá Feirge na nGael. Ag pleascadh. Ag pleascadh mar bréanbhuama i bhfearsaid ardaitheora ag Uimhir 580. ABC, CBS, NBC, Fox News, Channel 1, 1010WINS, BBC, RTÉ, TG4. WFUV agus Míle Fáilte. Scannan agus agallaimh. Guthain ag bualadh ó hElberon go bhFishkill. An sráid plodaithe ag slua mór. Slua feargach. Slua díoltach. Mná ag nochtadh a gcíocha faoin mbratach atá sínte trasna na sráide. Sínte ó chuaille lampa go gcuille lampa. Litreacha dhubha sínte amach ar éadach dearg geal: "EXPOSE YOURSELF TO IRISH!" Urchoisc rubair, lán de shailéad túna lofa, ag eitilt tríd an aer. Ag bríseadh agus ag pleascadh ar na mballaí is ar na bhfuinneoga. An droch-iasc ag boladh bréan i dteas na Cathrach, i dtaise an samhraidh. An ghrian ag dó. Dearg san spéir. Geal mar fáinne óir os cionn Mhanhattan. An ghrian ag bualadh an aisfeált dubh. Bataí ag bualadh buicéid plaisteacha os ard mar drummaí. Guthanna ag éiri: "Gan siopa, gan siochán! Gan siopa, gan siochán!" Meigeafóin agus aerféadóga. Agus nílimid ach ag tosnú! Tagann na gluaisteáin. "Féachaigí, Paddywagons!" Central Booking...An Gaoltacht. Coras na gCuirteanna...casta trí Gheailge. Mílaois nua. Deiseanna nua....OSCAILTE! |