Author |
Message |
miguel
| Posted on Wednesday, February 02, 2000 - 04:42 pm: |
|
a chairde, táim ag freastal rang na Gaeilge anseo i Maidrid agus ba mhaith liom "chateadh" as gaeilge ach nil a fhios agam i gcad áit... an feidir libh rá liom i gcad áit? go raibh mile maith agaibh |
|
Dennis King
| Posted on Thursday, February 03, 2000 - 12:47 pm: |
|
|
|
Rúnda
| Posted on Thursday, June 15, 2000 - 06:06 pm: |
|
Beidh oíche Ghaelach ag Paddy.net san pub (seomra cainte) Salmon’s Leap, nó Léim a’Bhradáin ar an Mháirt seo chugainn. Tagaigí ar fad ann, ó naoi a’chlog ar aghaidh (am in Éirinn). |
|
Seosaimhín Nic Rabhartaigh
| Posted on Thursday, January 10, 2002 - 04:31 pm: |
|
Dia dhíbh ar fad a chairde Ghaeil, Nách bhfuil duine ar bith ag féachaint ar na teachtaireachtaí seo? Chím nách cuirtear teachtaireacht nua anseo ó Meitheamh, 2000. Is deas an "web-site' é seo agus is maith liom scéalta Bharra. Leán leis an scríbhneoireacht, a Bharra! Seosaí |
|
Pól
| Posted on Friday, January 11, 2002 - 12:02 pm: |
|
A Sheosamhín, a chara, Cad é mar a tá tú? Níl mé líofa, ach bainfidh mé triall as... Bhain mé sult as do theachtaireacht eile. Aontaím leat... Is mór an trua: ni thosaigh mé Gaeilge a fhoghlaim go dtí cúig bhliain ó shin, nuair a bhí dhá scór bliain d’aois agam. Bíonn sé i bhfad níos éasca nuair a bíonn tú i do pháiste óg. Ó, bhuel. An bhfuil tú i do chainteoir dúchas? Tá Gaeilge den scoth agat. Carbh as duit? Is as New Jersey mise. Sílim go bhfuil saghas Gaeltacht anseo i NJ: breac Gaeltacht, b’fhéidir, ach bíonn na céadta ag foghlaim agus ag labhairt Gaeilge. Bualáim le Gaeilgeorí ó hÉireann anois is arís; mar shampla, bhuail mé le bean as Ros Muc coicís ó shin. Tá súil agam go mbeidh mé abálta a bheith in Éireann i mbliana. Tá na ticéadaí saor na laethanta. Slán go fóill, Pól |
|
Dennis King
| Posted on Friday, January 11, 2002 - 02:16 pm: |
|
A Sheosaí, Dúirt tú sa teachtaireacht eile go ndearna tú staidéar ar an tSean-Ghaeilge freisin. Má tá spéis agat sa teanga ársa go fóill, tá cuireadh agam duit! :-) Pléitear an tSean-Ghaeilge ar an liosta ríomhphoist Old-Irish-L, i mBéarla agus i nGaeilge, agus ba bhreá linn do leithéid a bheith páirteach ann. Is féidir súil a thabhairt ar na himeachtaí ag an URL seo: http://listserv.heanet.ie/old-irish-l.html |
|
|