Author |
Message |
Liam Ó Cuinneagáin
| Posted on Tuesday, January 25, 2000 - 12:17 pm: |
|
Tá coimisiún a bhunú ag an Aire Ó Cuív chun breathnú ar chás na Gaeltachta. Ta 80,000+ ina gcónaí sa Ghaeltacht agus labhrann c.30,000 Gaeilge go laethúil. m tú le déanamh ar Gaeltachtaí láidre, níos laige srl. An ceart go mbeadh rannóg do Ghaeilgeoirí thar sáile mar i SAM? Liam |
|
Dennis King
| Posted on Tuesday, January 25, 2000 - 03:05 pm: |
|
Ba cheart, gan amhras. Faigheann L'Alliance Française agus an Goethe Institute maoiniú óna gcuid rialtas lena dteangacha a chothú agus a chur chun cinn thar lear. Tá sé in am ag eagraíocht éigin in Éirinn aitheantas ceart a thabhairt do lucht tacú na teanga seo ar fud an domhain. |
|
Seosamh
| Posted on Wednesday, January 26, 2000 - 01:09 pm: |
|
Ná déana an Coimisiún dearmad go ndeachaigh leath bhunadh na Gaeltachta thar lear ar imirce: 20,000 anseo insna Stáit Aontaithe, 20,000 eile i Sasain, na mílte eile ar fud an domhain. D'imigh na mílte daoine ón Ghalltacht a raibh Gaeilge líofa acu fosta. Tá idir iontas, mhisneach agus olc ar a lán daoine in Éirinn go bhfuil na mílte daoine ag foghlaim Gaeilge i Meiriceá gan trácht orthu siúd i dtíortha eile. Ach tá féidearthacht as cuimse go fóill ann. Dá nglacfadh daoine de shliocht Éireannach (agus siadsan a chuireann spéis inár n-oireacht) gur dlúthchuid de chultúr na hÉireann an Ghaeilge -- rud atá fíor -- ní bheifí in inmhe freastal ar an éileamh. Smaoinígí ar an tsineirgíocht a bheadh ann. (An bhfuil focal dúchasach ar 'synergy' ann?) Chuideochadh sin leis an teanga a neartú in Éirinn féin. Is breá liom 'bheith ag múineadh Gaeilge do dhaoine a bhfuil muintir acu sa Ghaeltacht nó páirteach insan Ghaelscolaíocht. D'fhág mac léinn áirithe teachtaireacht i nGaeilge ar inneall a coil seisear atá ina mhúinteoir Gaeilge. Chas sé an téip dona ranganna le taispeáint dófa go bhfuil Meiriceánaigh fiú a bhaineas úsáid nádúrtha as an teanga. B'fhiú don rialtas airgead a chaitheamh. Maítear go bhfuil pócaí doimhne ag an Tíogar Ceilteach anois... |
|
Caoimhin O Dubhanaigh
| Posted on Saturday, November 18, 2000 - 11:16 am: |
|
Nach breá an rud é gur chum an leasuachtarán is againne (Gore mar a dearfá) an idirlíon. Anois is féidir le poncán ar bith a bhfuil cupla focal Gaeilge aige a bheith ag caint le Gaeligeoirí eile ar fud an domhain! An bhfuil aon neach eile ag úsáid na seirbhíse a bhfuil cónaí air thart faoi chathair Siceagó? |
|
hilda dooley
| Posted on Tuesday, January 09, 2001 - 11:45 am: |
|
A chara, >Is muinteoir, og, bunscoile me. Ba mhaith liom (agus >mo chara Aine ata ina muinteoir bunscoile freisin) ar >dteanga alainn a mhuineadh do dhaoine i Meiricea i >rith an tsamhraidh seo chugainn ( i rith >ar laethanta saoire in Iuil agus Lunasa 2001). An >bhfuil aithne agat ar >aon duine a mbeadh in ann post a thabhairt duinn? Ma >ta, an feidir leat mo >litir seo a thabhairt do/di/doibh? Beidh buiochas orm >aon t-eolas a fhail. >Go raibh maith agat, >Is mise le meas, >Hilda Dooley. |
|
|