Author |
Message |
Dennis King
| Posted on Monday, January 24, 2000 - 09:24 pm: |
|
Deirtear "os cionn an dorais" agus muid ag teacht isteach: "Táthar ag iarraidh ort go mbeadh do chuid teachtaireacht múinte agus bainteach leis an nGaeilge." Nach mbeadh "... do chuid teachtaireachtaí..." ceart anseo? |
|
Seosamh
| Posted on Tuesday, January 25, 2000 - 11:54 am: |
|
Bheadh. Ba chóir 'teachtaireacht' a athrú go 'teachtaireachtaí' insan abairt a leanas air fosta -- an uimhir iolra atá insa leagan Béarla: Coimeádann Daltaí na Gaeilge ár gceart chun *teachtaireacht* a athrú nó scriosadh, ach ní bheith* muid freagrach as na h-ábhar díobh**. Daltaí na Gaeilge reserves the right to edit and/or remove *postings*, but accepts no responsibility for any of the content which appears therein. * 'bheidh'atá ceart ** 'as an t-ábhar atá iontu' ? Gan a bheith ag iarraidh bheith ceartaiseach, ar ndóigh. De ghnáth, ní bhacaim le hearráidí beaga i ríomhphost, ar an Idirlíon, srl (déanaimse féin iad go minic!). Ach os rud é gur thóg tú an cheist... |
|
Dennis King
| Posted on Tuesday, January 25, 2000 - 02:49 pm: |
|
"as an ábhar atá iontu" (gan an "t-"), nó b'fhéidir "as a bhfuil iontu", rud atá níos simplí agus a deireann an rud céanna, a bheag nó a mhór. Maidir le ceartúcháin, aontaím leat nach fiú bacadh le teachtaireachtaí ríomhphoist agus rudaí eile a thagann agus agus imíonn go sciobtha. Ach ba chóir do rudaí seasta ar nós an fhógra seo, a fheictear arís is arís eile, ba chóir dóibh a bheith ceart. Tá fógraí i nGaeilge mhícheart le feiceáil fud fad na hÉireann, agus cuireann siad drochmhisneach ar lucht labhartha na teanga, gan trácht ar an drochshampla a thugann siad d'fhoghlaimeoirí. |
|
Seosamh
| Posted on Tuesday, January 25, 2000 - 09:03 pm: |
|
Aontaím leat. Ar ndóigh níl an 't-' ag teastáil! D'athraigh mé é, thug mé faoi deara go raibh an 't-' le réitiú, ach cheap mé go raibh sé ceartaithe agam nuair a bhrúigh mé ar an chnaipe. Bíonn earráidí beaga le feiceáil ina lán láithreán ar an Idirlíon. Thug mé cupla ceann faoi deara, fiú, i láithreán duine a bhfuil an tuairim thuas á seinm go láidir aige. Ach bíonn drogall orainn botúin a chéile a cheartú. Bhíodh mac léinn agam a raibh an nós aici fiafraí díom 'Cad tuige nár cheartaigh tú mé?' Sin an cur chuige ceart. |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, January 26, 2000 - 02:07 pm: |
|
Is dóigh liom go mbeadh fáilte ag aon duine roimh ríomhphoist chuige féin amháin ag cur an botún in iúl. Is minic nach bhfeiceann duine an botún litríochta nó gramadaí a dhéin sé fhéin. Agus aontaíom le Dennis gur cheart go mbeadh fograí agus leathanaigh buana cruinn agus ceart. (Seo agaibh mo leathanach fhéin:- beidh mé ag súil le ceartúcháin! http://home.t-online.de/home/uta.aonghus) |
|
Liam
| Posted on Wednesday, January 26, 2000 - 08:40 pm: |
|
A Chairde, Chuir mé chuile rud i gceart. (Bhuel, tá súil agam gur chuir ar aon chuma.) Tá muid thar a bheith sásta na botúin a cheartú nuair a bhíonns siad curtha in iúl dhúinn. Tá náire orm a smaoineadh go bhfuil muid ag tabhairt drochshampla d'fhoghlaimeoirí. Má tá aon rud 'oifigiúil' mí-cheart againn, inis dhúinn, má's é bhur dtoil é. Cuirfidh muid i gceart é/iad ar an bpointe. Go raibh míle maith agaibh, a chairde. |
|
sptol
| Posted on Sunday, February 06, 2000 - 03:22 pm: |
|
Dar liom is cirte do Mhuimheanaigh "cuid teachtaireacht" mar i ngaoluinn na Mumhan is gnáthach geinideach iolra tar éis "cuid". I ndeire na dála is tabhachtaí go gcleachtófaí gaoluinn - maith nó níos fearr agus ná bíodh aon chnáimhseál fé gaeilge lóchailleach. |
|
crguna
| Posted on Wednesday, August 27, 2003 - 03:35 pm: |
|
Chaith mise deire seachtaine íontach ar Scoil Merriman in Inis i gCondae an Chláir le déanaí. A leithéid de sheimineáir, amráin, rincí, óil agus ragairne! Ba é an deire a bhí go seoigh dar liom - filíocht den chéad scoth agus amhrán breá, Cill Chais. Sheasfainn féin cosnochtaithe sa tsneachta chun éisteachta leis. Caitríona |
|
|