mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Urscéal Béarla « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Sunday, November 28, 1999 - 02:25 pm:   Edit Post Print Post

Tá mé ag léamh The Dancers Dancing le Éilís Ní Dhuibhne (tá an dá thrian den leabhar léite agam go dtí seo). Tá an scéal suite i gcoláiste Gaeilge i dTír Chonaill sa bhliain 1972 agus déagóirí -- cailíní sa chuid is mó -- formhór na gcarachtar ann. Ar léigh duine ar bith anseo é? Barúil ar bith? Scríbhneoir ceirdiúil í Ní Dhuibhne, sílim.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seamas
Posted on Thursday, December 02, 1999 - 01:20 pm:   Edit Post Print Post

Sheol me teachtaireacht an la faoi dheireadh chun freagra a thabhairt ar litir Sheosaimh ach tugaim faoi deara anois nach bhfuil m'fhreagra ann. Cad a tharla? Is docha go ndearna me rud eigean mi-cheart (litir a scriobh gan sinte fada?!). Cheap me go raibh freagra tuillte aige, fiu gan an leabhar a bheith leite agam. D'iarr me orm a thuairaim fein a thabhairt duinn faoin leabhar sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Friday, December 03, 1999 - 01:33 pm:   Edit Post Print Post

Tá úrscéal eile i mBéarla a tháinig amach sna hochtóidí leis an teideal _A Dancer from the Dance_. Tugadh an teideal seo ó líne as dán le Yeats (nach cuimhin liom anois, ach rud éigin cosúil le "you cannot tell the dancer from the dance"). An é an dán céanna a spreag an teideal seo, _The Dancers Dancing_?

"Stair an Focail"
http://www.eskimo.com/~donncha/stair3.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Sunday, December 05, 1999 - 02:12 pm:   Edit Post Print Post

Achan seans. Bheadh an t-údar eolasach ar Yeats agus meafar suntasach atá ann. (Tá an dá leabhar sách difriúil óna chéile, áfach.)

Tá sí críochnaithe agam anois. Úrscéal deascríobhtha atá ann. Baineann an scéal faoi dhaoine óga ag teacht in mbun a méide, é seo le feiceáil níos soiléire agus iad scartha óna dtuismitheoirí ar feadh míosa sa Ghaeltacht mar a bhfuil saol sonasach lena rialacha féin acu.

Orla an príomhcharachtar, ise in aois a trí bliana dhéag. Páistiúil ag an tús: alpann sí siar a cuid 'bruscarbhia' ar an bhus go Tír Chonaill taobh istigh de 30 nóiméad nó mar sin (fanann múinteoir 5 uaire a chloig lena bhuidéal Coke a fhoscailt, rud a thaispeánann gur duine fásta é dar le Ní Dhuibhne) agus tá míshástacht uirthi mar ní stadann siad sa Tuaisceart le Mars Bars a fháil.

Tá a thuismitheoirí níos boichte ná formhór na cinn eile (meas faoi leith aici ar Aisling ar iriseoir a hathair agus a labhraíonn Gaeilge sa bhaile) agus níos measa go fóill, tá sí gaolta le leath na ndaoine i dTobar (mar a bhfuil an coláiste Gaeilge suite). Tá náire faoi leith ar Orla lena haintín ait Annie agus déanann sí feall uirthi faoi dhó.

Ach fásann Orla (agus na páistí eile). Mar shiomból de sin tagann a céad daonnacht uirthi.

Tá meas ag an údar ar an teanga, agus tá cur síos iontach ar ghnéithe éagsúla shaol na tíre ann. Leabhar Éireannach ar fad atá ann (ní aistríonn sí an Ghaeilge atá sa leabhar) ach b'fhiú do dhaoine eile í a léamh fosta. (Beag an teacht ar an leabhar seo taobh amuigh d'Éirinn, is eagal liom.) Tá an scríbhneoireacht féin cruinn, ealaíonta agus greanmhar go minic; ní stíl éadrom atá sa leabhar ach ní chomh trom le stíl Anne Byatt, mar shampla, ach chomh beag. Bhain mé sult as.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge