Author |
Message |
Pádraig
| Posted on Wednesday, October 06, 1999 - 07:46 pm: |
|
A chairde, Ba mhaith liom insint dhaoibh faoi suíomh athchóirithe atá tógtha ag lucht "Dearadh Idirlín Seift" i gcóir Chomhlacht foilseoireachta leabhair "Cois Life Teoranta". Foilsíonn siad leabhair acadúla, Drámaí, cnuasaigh aistí agus altanna, agus srl. Is féidir é a fheiceail ag http://www.coislife.ie Is féidir ríomhphost a chur chugham ag má thaistíonn uait. Go raibh maith agaibh. Pádraig |
|
rudéigin
| Posted on Tuesday, October 22, 2002 - 03:55 pm: |
|
Tá súiomh Chois Life fós ann ach níl Pádraig, d'imigh sé uainn ar an mbád bán, nó an t-eitleán bán ba chóir dom a rá. Táimid go léir uaigneach. Tá sé i gCeanada anois agus tá sé ag baint taitneamh as an sneachta inniu. |
|
marcas
| Posted on Thursday, October 24, 2002 - 05:50 am: |
|
Dia daoibh, a chairde Gael, is mise Marcas agus tim ag lorg beagáinín cabhair más feidir - táim ag déanamh taighde ar cá as na daoine a bhainneann usáid as an Idirlíon trí Gaeilge. Mas bhfuil eolais ar bith agaibh ba bhrea liom é a chloisteal. Go raibh míle, mise le meas marcas |
|
Seosaimhín Nic Rabhartaigh
| Posted on Saturday, November 16, 2002 - 01:28 pm: |
|
Dia 's Muire dhuit a Mharcais, Bainim féin an usáid as an Ghaeilge agus mé ar an idirlíon nó ag scríobh ríomhphoist. Is as Tír Chonaill ó dhúchais mé, táim i mo chónaí i Milwaukee sna Stáit Aontaithe faoi láthair, agus tá céim bainte amach agam i Sean agus Nua-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide i mBaile Atha Cliath. Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort scríobh ar ais chugam. Slán go fóill, Seosaimhín |
|
|