Daltai.gif The Daltaí Shop Forums Grammar Phrases Proverbs Games News Classes Events Articles Search
(Click here to read this article in English.)

ETHEL BROGAN - ár mBunaitheoir

Rugadh agus tógadh Ethel Brogan i gCathair Ard Mhaca i dTuaisceart ethel.jpg na h-Éireann. Nuair a bhí sí ina cailín óg, chaith sí a laetheanta i measc an chultúir Ghaelach. B'in é an uair ar thit Ethel i ngrá leis an nGaeilge. Chuaigh sí ar imirce sa mbliain 1946, agus chaith sí na ceithre bhliain ina dhiaidh sin i gCathair Nua-Eabhrac. Sa deireadh, d'aistrigh sí amach faoin tuaith i Stát Nua-Eabhrac, áit insa bhfuil sí ina conaí lena fear céile, Liam Brogan.

Cé go raibh Ethel ag maireachtáil sna Stáit Aontaithe Mheirceá, ní raibh aon dearmad déanta aice ar na rudaí Gaelach, go háirithe an Teanga. Thosaigh sí ag múineadh ranga Ghaeilge ar mhaithe a comharsan Mheiriceánach. Ní raibh na ranganna ar siúl aici ach oíche amháin sa seachtain, agus go gairid, thug Ethel faoi deara go raibh an-deachracht acu an Teanga a fhóghlaim ar an modh sin. Chuimhnigh sí go ceanúil ar an mbealach ar fhóghlaim sí fhéin an Ghaeilge. Chaitheadh sí mí iomlán gach samhradh sa nGaeltacht ag staidéar na Gaeilge, gan focal Bhéarla ar bith a labhairt. Bhí sé chomh héasca, chomh nádúrtha, an Teanga fhóghlaim mar sin.

Chinn Ethel ar an bhfaill céanna a thabhairt dena cuid mhic léinn. Shocraigh sí an chéad Deireadh Seachtain na Gaeltachta faoi Mhárta 1981. Tháinig daltaí as rang Ethel agus as na ranganna áitiúla eile. D'fhreastal breis is tríocha daoine ar an gclár, agus d'éirigh sé go hán-mhaith leo. Chonaic na mic léinn go raibh siad in ann úsáid a bhaint as an Ghaeilge mar theanga bheo, agus spóirt 'is spraoi a bheith acu ag an am céanna.

Tá a fhios ag an domhan an scéal ó shin. Níor stad Ethel ag obair ar son na cúise ón uair sin i leith. D'ullmhaigh sí Deireadh Seachtaine eile, agus ansin ceann eile, agus thar éis sin ceann eile fós. Sa lá atá inniu ann, bíonn sceideal lán réite aice i gcaitheamh na bliana ar fad. Chun cabhair a thabhairt di leis an misean seo, bunaíodh "Daltaí na Gaeilge" leis an t-aon chuspóir amháin - "Chun an Ghaeilge a múineadh agus í a chuir chun cinn". D'fhill cuid dena mic léinn abhaile agus bhunaigh siad a gcláir fhéin a bhí bunaithe ar shampla Ethel. I láthair na huaire, tá a gcláir ar siúl ar fud Mheiriceá Thuaidh. Tá Ethel an-bhródúil astu.

Bíonn cláir tairgthe ag Daltaí na Gaeilge i Stát Nua-Eabhrac, Nua Gheirsí agus Coill Phenn. Agus bíonn ranganna le fáil iontu atá feiliúnach do chuile dhaoine, idir glan tosaitheoirí agus cainteoirí dúchasa.

Deireann Ethel go ndéanann sí an obair mar is grá léi í. In a barúil fhéin, ní obair atá i gceist ar chor ar bith ach comhlíonadh nuair atá duine ag streachailt ar son na cúise.

Bí léi, bí linn; agus beidh fáilte Uí Cheallaigh romhat, cinnte!




©Daltaí na Gaeilge