|
Is Iomaí Lá ag an
Uaigh orainn!
Timpeall a seacht a chlog
thosnuigh an bháisteach. "Níl splanc ag an bhfear sin,"
arsa mo mháthair, "é féin agus a chuid tobac."
"Cheapfá go bhféadfadh sé marachtain go maidin
dá uireasa." "A chónach sin air anois." Bhí
dúil ag mo athair sa tobac agus tamall roimis sin thug sé
an botharín siar go Drom Dá Liagh air féin
cé go raibh deallramh na baistí ar an oíche. Ar
ndóigh ba chuma leis fliuch tirim é, dá mbeadh
toitín aige.
Stad an bháisteach chomh
hobann is a thosnuigh sí. Is ansin a chualamar duine
éigin ag greadadh ar an ndoras. D'osgail mo mháthair
é agus isteach le Seán Ó Briain. Is ar
éigin a shrois sé an chathaoir. Bhí scárd
ina shúile agus ba léar go raibh sceon uafásach
éigin sa bhfear bocht. "In ainm Dé cad tá ort a
Sheáin," arsa mo mháthair, "nó cad a bhain duit."
" Cheapfadh duine go bhfacaís sprid." " Go deimhin
díreach, Nelly, choineacas, go bhfóire Dia orm."
Bhí an sceon ag dul ionam féin fán am seo nuair a
thuigeas nach raibh braon ólta aige.
"Bhíos ag teacht
aníos ón mbaile beag nuair a chrom sé ar
baisteach." "Díreach agus mé ag dul thart le falla na
sean reilige tháinigh an rud seo amach as an bhfalla." "Dobair
dom titim ar an dtalamh marbh." "Rud i bhfuirm duine a bhí ann
ach gan aon cheann air." "Ní raibh sé lán dorca
fós agus bhíos i ndán na lámha agus na
spága móra a fheiscint." "Ach an rud is uafasaí ar
fad, Nelly, rinne sé iarracht breith orm. Bhí Dia
buíoch díom nár rug." Thug mo mháthair
cúpla braon eile dó.
"Bhíos ag smaoineamh ar mo
mháthair bhocht, atá ar neamh le fada agus
b'fhéidir gurbh ise a thug an neart dom mo chosa a bhreith liom
ón uathbhás sin." Bhí Seán ag teacht chuige
féin i ndiaidh a chéile de réir mar a bhí an
deoch ag dul i bhfeidm air. Baineadh an gheit asainn nuair a d'oscail
m'athair an cúl doras. "In ainm Dé Jer, a'
bhfacaís aon rud agus tú ag dul thart leis an reilig." "
Tada," ar sé. "Chonaic Seán rud éigin neamhshaolta
ann, Dia idir sinn agus an t-olc."
Stad sí den chainnt
taréis tamaillín agus d'fhéach sí go
géar ar m'athair -- chuir an neamhshuim a bhí aige
á dhéanamh den scéal isteach uirthi. "A' rabhais
ag ól ar sí." "Ní rabhas ach d'oirfeadh braon dom
anois taréis na hoíche." Líon sé gloinne
agus chuir siar é. D'fhéach sé ar Sheán
agus dúirt " anois a Sheáin, níl fhios agam cad a
chonaic tú ag an reilig ach tóg uaim-se é
nár bhain sé leis an saol eile." "Téanam ort
abhaile, beidh do bhean chéile ag feitheamh leat."
Nuair a tháinig sé
abhaile taréis Seán a thionlacan soir go dtí a thig
féin, thosnuigh m'athair ag gáirí. D'innis
sé an scéal dúinn. Dob amhlaidh a bhí
sé ar a shlí abhaile nuair a thosnaigh an cioth.
Bhí sé taobh le falla na reilige agus bhí eidheann
ag gobadh amach ó bharr an fhalla -- díon deas. Tharraing
sé a chóta fearraine aníos agus chuir timpeall a
chinn é. Sheas sé isteach fé an eidheann i gcoinne
an fhalla.
Nuair a bhí Seán ag
dul thar bráid bheannaigh m'athair dó agus d'éirigh
Seán trí troighte ón dtalamh agus bhuail sé
talamh arís ag rith. Thug sé an claí de agus
d'imigh fé luas lasrach trasna na páirce. Ba
dhóbar dom athair a bhúndún a chur amacht le racht
suilt agus é ag innsint an scéil. Níor innis
sé an fhírinne riamh do Sheán bocht.
"An gcreideann tú i
dtaibhsí?" arsan sagart leis an mbean fadó. Ní
chreidim a athair," ar sí, " ach tá siad ann." Go
lá a bháis chreid Seán Ó Briain ionta --
chonnaic sé ceann díobha ag falla na sean reilige
oíche cheathach in 1952.
Le Barra Ó Donnabháin.
|