Cart

Recent Posts

Súile an Chait

Nuair a bhí Jimín Mhaire Thaidhg ina leanbh úr, thagadh mná an bhaile go léir isteach agus bhídís ag féachaint air. ‘A Mhuiricín,’ a deireadh Síle Eoin, “nách baileach a thug sé dhá shúil shean-Thaidhg leis.” “Grá Dé, a óinsigh,” a deireadh Máire Aindí, “an caoch ataoi?” Ná feiceann tú gur Breasalach corónta é. Nách ‘in iad dhá shúil a athar aige agus an gheanc bheag shróna.?”

“Gabhaim-se orm gur lena mháthair atá dealramh aige,” a deireadh Síle. “Narab ea,” a deireadh Máire Aindí, “is é a athair ina chruth daonna é.” (Deir siad “ina chrot aonair” freisin.) Bhí na mná ag éirí míshásta lena chéile gur labhair Beit Mhór agus dhein spior spear den scéal. “Pé duine ar dealraitheach leis é,” ar sise, ” is caithiseach an leanbh é, bail ó Dhia air.”

Thuig mná sin an tSeabhaic go bhfaigheann daoine tréithe le hoidhreacht nó ó dhúchas dála an chait cháiliúil úd gur bhris an dúchas trína shúile fadó. Ó thosach aimsire ba léir do dhaoine go dtéann tréithe ó ghlúin go glúin, ó athair nó ó mháthair go mac nó iníon. Ach go dtí an tarna leath den aois seo caite níor thuig éinne rúin na hoidhreachtúlachta.

Géineolaíocht a thugtar ar an eolaíocht a dhéanann staidéar ar an oidhreachtúlacht — an tslí ina dtéann tréithe ó ghlúin go glúin. Ba Gregor Mendel, 1822-1884, an duine is túisce a thug faoi staidéar doimhin a dhéanamh ar chúrsaí géineolaíochta. Manach Agaistíneach ab ea é san Ostair agus chaith sé cuid dá shaol ag múineadh eolaíochta i mBrunn. Rinne sé ana chuid obair thurgnamhach le píseanna — cén tslí a dtéann tréithe áirithe ar aghaidh sna píseanna.

D’fhoilsigh sé toradh na hoibre sin in 1865. Níor tugadh aon cheann dó, toisc, is dóca, gur manach bocht a bhí ann. Go gairid ina dhiaidh sin deineadh ab de agus b’éigin dó éirí as an ngéineolaíocht. Níor tugadh aird cheart ar na cáipéisí go dtí 1900. Sé bliana déag taréis a bháis d’aithníodh mar cheannródaí é agus tá a ainm scriofa go dearfa i leabhar na heolaíochta ó shoin.

Fabhraíonn leanbh ó chill aonair ar a dtugtar siogót (zigote). Istigh sa chill seo bíonn na treoracha go léir chun duine nua a fhabhrú. I núicléas na cille bíonn rudaí i bhfoirm snáithe go dtugtar crómasóim orthu. Ar na snáitheanna seo bíonn na géinte, sé sin le rá na treoracha. Is sraith ceimiceán í an ghéin, saghas cóid más mian leat. Bíonn ós cionn míle géin i ngach crómasóm.

Bíonn obair fé leith le déanamh ag gach géin. D’féadfadh géin treoir a thabhairt an dath donn a chur i súile duine, nó dath dubh ar a ghruaigh. Is féidir leis na saineolaithe na géinte seo a léamh agus a thuiscint anois agus ar ndóigh tán siad ag cur na “scríobhnóireachta” seo go léir i leabharlann, i ndiaidh a chéile. Tá siad i ndán, fiú, an cód sa ghéin a athrú — rud a athruíonn an toradh. Tugtar innealtóireacht ghéineach ar an obair seo. Ní mór dom a rá anseo go gcuireann an saghas seo innealtóireachta sceón ionam.

Tá dhá short tréithe ann — na tréithe a luas cheana, a gheibheann an duine ó dhúchas agus na tréithe a fhoghlaimíonn duine de bharr na timpeallachta. Níl na heolaithe go léir ar aon intinn i dtaobh na roinne seo. Tá sampla maith den tarna sort i Jimín freisin: “Tá rith maith agam leis,” deir se. “Rugas mo chosa ó mo Mham nuair a thug sí seáp i mo dhiaidh i dtaobh an chíste uachtair a ithe.” Nuair a bhíonn do mháthair ar do thí i gcónaí is gearr go mbíonn rith maith agat.

Tréithe “Reithe Sheáin na Buile” a thugaim-se féin ar na tréithe a gheibheann duine ón timpeallacht. Is ón Seabhac a fuaireas an scéilín seo freisin. Bhí feirm bheag ag Seán na Buile laistoir de Chathair Saidhbhín. Bhí faidhb amháin ag an bhfear bocht — bhí dúil mhór aige san ól. Bhí seanreithe aige agus théadh sé ar gach aonach i gCathair Saidhbhín leis, ach ní chun a dhíolta é ach mar leithscéal. Bhí an reithe chomh heolach sin ar a shlí abhaile go dtagadh sé uaidh féin. Ag trácht ar rudaí a thagann abhaile mar sin deir siad fós i gCiarraí ­ go dtagann siad abhaile “dálta reithe Sheáin na Buile.”

Nách bhfuil an t-ádh linn nár chuir na filí eolas ar an ngéineolaíocht ­ seans go mbeidís ag trácht ar y-chrómasóim agus x-chrómasóim in ionad súile gorma agus a leithéidí. Go méadaí Dia im is bainne chughaibh!

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.