|
| Suíomh | (Lánúin -
Nóra agus Liam -ina gcarr ag
tiomáint siar. Lá
ceoch, báistiúil, stamhlaí atá
ann. Tá sé ag éirí dorcha. Tá an
fear ag tiomáint, agus tá an bhean ina
codladh.)
|
| Nóra: |
(Ag dúiseacht agus ag sineadh,) Nnnnhhh ! Aaahhh !
Ó.
(.Ag
breathnú uaithi.) Cá bhfuilimid? Ní
mór dúinn a bheith ag
tiomáint le trí nó ceithre huaire anois.
Bheimis ann cheana
féin. (Ag féachaint ar an mapa). Ná
bí ag insint dom go
bhfuilimid ar strae arís.
|
| Liam: | (Ag claonféachaint agus ag
tiomáint go mall anois.)
Ó nílimid.
Bhuel, níl fhios agam. Thóg mé aicearra,
agus is deacair rud
ar bith a fheiceáil anois leis an gceo seo damanta.
Ach
ceapaim go cuimhin liom an charraig sin.
|
| Nóra: | (Ag éirí
crosta) Níl fhios agat ! Thóg
tú aicearra ! Ceapann tú
go cuimhin leat an charraig sin ! Cén chaoi ?!
Táimid i lár an
phortaigh ! Tá cuma céanna ar 'chuile carraig
!
|
| Liam: | Bhuel, tá mé cinnte
faoin céann sin,
insím duit ! Tá an portach
anseo, na sléibhte ansin agus an sruthán taobh
thiar den
charraig.
|
| Nóra: | Ó, féach !
Céard a dheir an fógraí sin?
Téigh níos moille. (Ag
léamh) Gaoth Sáile - ocht
gciliméadar.
|
| Liam: | (Ag féachaint ar an mapa
anois) OK, Gaoth Sáile
ocht
gciliméadar, Gaoth Sáile ! Gaoth Sáile !
Ní féidir leis sin a bheith
ceart. Agus cé acu ?! Tá Gaoth Sáile
anseo agus ceann eile
ansin. Agus níl ceachtar díobh i
gcóngarach do Chathair na
Mart.
|
| Nóra: | Cathair na Mart ?!
Cén fáth go bhfuilimid ag dul go
Chathair na
Mart ?
|
| Liam: | (Ag éirí oibrithe
é féin.) Cathair na
Mart ? Halóóó ! Gabh mo
leithscéal ! Creidim go bhfuilimid ag dul cuairt a
thabhairt ar do
dheirfiúr. Agus ceartaigh mé muna bhfuil an
ceart agamsa, ach
an t-am deireanach gur thugas faoi deara, bhí
do dheiirfiúr ina
cónai i gcathair na Mart.
|
| Nóra: | Ó, in ainm
Dé, a
Liam ! Nach n-éistíonn tú
liomsa riamh ?!
Nílimid ag dul go teach Eibhlín, ach
go teach Aisling.
|
| Liam: | Aisling ! Nach ndúirt
tú liomsa inné go raibh
tú ag súil Eibhlín agus Máirtín
a fheiceáil, agus nach raibh siad feicthe agat ó
tháinig siad ar ais ó Bhostún?
|
| Nóra: | Sea ! Dúirt ! Agus
dúirt mé leat chomh maith
go mbeidh Elbhlín agus Máirtín
ag dul go teach Aisling agus Mhíchíl fresin.
Óóóó ! Go sabhála Dia mé !
|
| Liam: | Bhuel, céard is maith leat
a dhéanamh anois? Is
bealach fada é ó Chathair
na Mart go Béal an Átha, agus deabhal fhios ag
éinne
cén taobh a bhfuilimid.
|
| Nóra: | Ó,féach,
tá
fear ag siúil chun tosaigh orainn.
Fiafraigh den áit seo a bhfuilimid.
|
| Liam: | Gabh mo leithscéal, Uh,
gabh mo leithsséal, a dhuine
uasail. Táimid beagán
- er, uh - caillte. An féidir leat a hinsint dúinn an
bhfuilimid aon áit i ngar
do Chathair na Mart nó Béal an Átha?...
|
| Nóra: | (Ag cogarnach) Ní
féidir liom cloisint
é.
Cén fáth go bhfuil sé ag gáire
mar sin? Céard a dúirt sé?
|
| Liam: | Hah ! Bhí fhios agam air i
rith an ama. Tá eolas agam
ar an áit seo anois.
Dúirt sé go bhfuilimid i gCondae Mhaigh Eo ar aon
chaoi, agus b'é an rud ab
fhearr cas timpeall agus dul go Bun na hAbhna, Is féidir linn
T58 a fháil ansin
go díreach go Béal an Átha.
|
| Nóra: | Bhuel, mar sin,
cén fáth nach bhfuil tú ag
casadh timpeall ?
|
| Liam: |
Bhuel, má chasaimid ar chlé giota beag díreach
romhainn, tá mé cinnte go
bhfuil aicearra go Bangor ann. Is féidir linn leathuair a
shábháil.
|
| Nóra: |
Ó, In ainm Dé, a Liam ! Nach bhfoghlaimeoidh tú
go
brách ?
Óó ! Tá mo thinneas
cinn ag
teacht ar ais orm. (Ag cur
fúithi ina suíochán agus ag dúnadh a
súile.) Bhuel, ansin, a Fhionn Mac Cúmhaill,
dúisigh nuair atáimid ann mé.
|
Le Tomás
hÉadromáin
|