Cart

Recent Posts

Srianta agus Cothromaíochta

Sa tír seo, is ón bpobal a fhaigheann an rialtas a údarás. Toghann na daoine na hIonadaithe agus na Seanadóirí agus is acu siúd An Chomhdháil atá ceart déanta dlí. Bhí cumadóirí an bhunreachta amhrasach as an gcumhacht sin agus cuireadh srian uirthi tré údarás a roinnt idir rialtas, comhdháil agus breithiúin, i.e. idir an tUachtarán, dhá theach na Comhdhála ( Teach na n-Ionadaithe agus an Seanad), agus An Chúirt Uachtarach.

Ar ndóigh, ní raibh an oiread sin cumhachta ag an gCúirt i dtosach, go dtí gur éirigh leis an Ard-bhreitheamh John Marshall “athbhreithniú dlithiúil” a chur i bhfeidhm. O’ shoin i leith, de bharr an réamhshampla sin, tá an chumhacht ag breithiúin na hArd-Chúirte, aon dlí bunreachtúil a chur ar ceal. Tá cumhacht chroise (veto) ag an Uachtarán féin.

Is d’aon ghnó a chuir Jefferson agus Madison na baic agus na srianta seo sa bhunreacht. Thuigeadar nádúr an duine agus baol na cumhachta. Thuigeadar go bhféadfadh rialtas, fiú rialtas tofa go daonlathach, le móramh an phobail, dul ar bóiléagar.

Anois, dá gcreidfeá cuid desna poiliteoirí — atá le blianta beaga anuas ar na craobhacha de dheasca na srianta céadna — cheapfá gurbh é Saddam Hussein a chuir na baic chéadna sa bhunreacht in ionad Madison. Dhá bhliain ó shoin dúirt na publachtaigh go gcuirfidís an tír ar bothar a leasa ach dhá Theach na Comhdhála a thabhairt dóibh. Fuaireadar na suíocháin. Ghealladar athraithe móra. Agus cad a rinneadar leis an gcumhacht sin? Bhuel, de réir dealraimh chuireadar sceon ar leath an phobail lei. Agus anois tá siad ar thóir an Tí Bháin. An mbeidh an pobal sásta na laincisí a bhaint díobh ar fad?

De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí níl. Creideann neart daoine gur chuaigh Newt agus a leithéidí beagáinín thar fóir lena gcuid tuairmí. Féach nár lig a pháirtí féin ar an árdán é ag an ard-fheis. Bhí réabhlóid ós na daoine, ceart go leor, ach nuair a thuigeadar gur bhain na hathruithe leo féin agus lena bpócaí agus a sláinte tháinig athrú meoin orthu go tapaidh. Ar fead tamaill bhí eagla orm féin go gcuirfidís “The Alien and Sedition Acts” i bhfeidhm arís.

I stair na tíre seo is beag Uachtarán nách raibh faidhb de shagas éigin aige leis an gCúirt nó leis an gComhdháil. Ins na triocaidí i lár an Lagair Thráchtála d’éirigh idir FDR agus an Chúirt Uachtaracht. Ní túisce acht sínithe ag FDR ná é curtha ar ceal ag an gCúirt. Bhí FDR maith a dhóthain dóibh — thug sé moladh don Chomhdháil líon na Cúirte a árdú go dáréag. Dá ndéanfaidís é, bheadh sé i ndán triúr dá gcuid fhéin a thogh mar bhreithiúna agus bheadh an móramh aige ansan. Ghlac eagla na breithiúin roimh an ísliú céime sin agus as san amach bhíodar i bhfad níos cáirdiúla.

Agus an Cogadh Cathartha beagnách thart, d’éirigh bruíon idir na Poblachtaigh Radacha agus Abe Lincoln. Bhí sé de mhí-ádh ar Abe go raibh an poblachtach radacach ba mhó orthu, Edward M. Stanton, ina Rúnaí Cogaidh aige sa Chaibinéad. Bhíodh scéal ag Abe Lincoln, i gcónaí, chun poinnte a léiriú. Nuair a chuir duine ceist ar Abe, lá ­ “conas a fheidhmíonn tú in aon chor agus an pleidhce sin i gcónaí ag iarraidh barra thuisle a thabhairt duit?” d’inis sé an scéal seo dó.

Bhí fear aon uair amháin in Illonois agus bhí feirm bheag talún aige. Bhí páirc bhreá leathan aige ach go raibh carraig ollmhór istigh ina lár. Cheap sé gach seift ach theip air an charraig a bhogadh. Aon uair a thagadh sé chun an mharghaidh is ar an gcarraig a bhíodh sé ag caint. Bhíodar go léir bodhar aige. Ansan, lá amháin, thárla ar aonach é. Taréis tamaill thug muintir na háite fé ndeara nár airíodar focal faoin gcarraig uaidh i rith an lae.

Faoi dheireadh tháinig duine chuige agus dúirt ­ “cogar Jake, cad a bhain don charraig sin nó níor chualamar focal uait inniu ina taobh?” “Oh,” ar sé. “ní cás liom a thuilleadh é.” ‘Anam ‘on diabhal inis dúinn cad a rinne tú.” “Ní dhearna mé,” ar sé, “ach treabhadh mórthimpeall uirthi.”

Anois, an fhaid atá na tithe go léir ag troid eathru féin agus ag sceanadh a chéile tá inneall an rialtais ag feidhmiú mar ba chóir. Má fheiceann tú choíche iad ag pógadh a chéile bailigh leat i dtreo na gcnoc! Is maith an rud carraig anso is ansúd sa bhothar. Fhaid is a bhíonn na poiliteoirí ag gabháil timpeall orthu bíonn seans ag an bpobal bheith á mbraithniú. Ní saoirse go síorfhaire!

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.