|
Bhí
múinteoir Gaeilge agam ar an meán scoil darbh ainm Toby
Ó Caomhánaigh. Fear mór grinn ab ea é agus
bhíodh ana spórt againn leis. Is cuimhin liom lá,
nuair a bhí aiste le scríobh againn agus nách
bhfuair sé ach ceithre cinn ón rang ---rang a raibh aon
duine dhéag ann. Chomhair sé na haistí go
cúrmach faoi dhó agus dúirt "Ar thug duine agaibh
dhá cheann dom?" Uair eile bhíomar ag gabháil
tríd na ceisteanna a tugadh san Ard Teist an bhliain roimis sin.
Nuair a thángamar fhaid leis an gceist airithe seo, fuair Toby
píosa cailce agus chuir sé an focal "bheirim" ar an
gclár dubh. Ponc a bhí ar an "b" aige, in ionad "h" na
haimsire seo, tás' agat, mar ní raibh an cló
rómánach riachtanach fós.
"An bhliain seo caite," ar
sé, "chuireas an focal sin ar an gclár dubh, ar a laghad,
uair sa tseachtain, agus chuireas an focal 'tugaim' taobh leis." "Ansan
chuireas an comhartha ionannais eathru mar seo 'bheirim =
tugaim'." "I ndiaidh sin is uile níor aithin ach duine
amháin as an rang an focal sa scrudú, agus cheap seisean
gur bhotún a bhí ann."
Is iomaí scolaire roimis agus ina dhiaidh a raibh an smaoineamh
céadna aige. Ag seo síos, cur síos gairid ar stair
an tséimhithe.
Sé atá i gceist le
seimhiú ná lagú nó séimhiú a
chuaidh ar chonsain aonair nuair a thárla idir gutaí iad.
Faoi láthair, cuirtear an séimhiú in iúl
tré h a scríobh i ndiaidh an chonsain agus
fuaimítear an consan agus an h le chéile mar aon chonsan
amháin agus é análaithe. Cé go
dtárlaíonn an saghas seo claochluithe, i lár focal,
i ngach teanga nách mór, is sna teangacha ceilteacha
amháin a thárlaíonn sé i dtosach focal.
Dála an scéil tá seimhiú ar "bheirim" mar is
é do-bheirim a bhíodh ann tráth.
"Is í aibitír an
oghaim an chéad ghléas (dá bhfuil ar eolas againn)
a bhí ag na Sean-Ghaeil lena dteanga a bhreacadh síos i
bhfoirm scríofa," deir Anders Ahlqvist, Litriú na Gaeilge,
(Caibidil 1, Stair na Gaeilge). Baineann na clocha oghaim leis an
dtréimse 400-700 AD. (Scríobhfad píosa orthu amach
anseo mar is simiúil an scéal é agus níl na
scoláirí ar aon intinn ina dtaobh.) Ní raibh aon
chomhartha acu chun seimhiú a chur in iúl ach
tógaimís sampla amháin den Oghamchraobh mar
léiriú ar ársaíocht na teangan. DALAGNI
MAQI DALI. Dá mbeadh an t-ainm sin ar uaigh inniu is mar seo a
scriobhfaí é ---- Dalláin Mheic Dhaill.
Féach, tá seimhiú ar an m agus an d toisc go
mbídís idir gutaí sa chian aimsir.
Tógaimís
cúpla sampla eile. Tabhair faoi ndeara sa Nua-Ghaeilge
nách bhfuil aon séimhiú ar ainm ná aidiacht
i gcás "an fear buí" agus tá séimhiú
ar an dá "b" i gcás "an bhean bhuí". De
réir na saineolaithe is ó sindas wiros bodios a
eascraíonn an chéad shampla agus ó sinda bena
bodia an tarna ceann. Forainm taispeántach a bhíodh san
alt ar dtús, ar nós ille, illa, illud na Laidine
óna dtagann na hailt, le agus la, na dteangan
rómánsacha.
"Forbairt mhór eile
(teacht na críostaíochta an chéad cheann) ba ea
é gur tosaíodh ar an nGaeilge a scríobh. Ní
fios cad a thug an spreagadh dár
gcéadscríbhneoirí mar ní raibh an teanga
á scríobh ag aon chine eile in iarthar na hEorpa ag an am"
---- Pádraig Ó Fiannachta, Milis an Teanga. Bhaineadar
úsáid as aibítir na Laidine ach bhí
faidhbeanna acu conus na claochluithe tosaigh a chur in
iúl.
Bhí h i ndiaidh c, p,
agus t nádurtha sa Laidin agus baineadh úsáid as
chun c, p, agus t seimhithe a chur in iúl. Bhí ponc an
scriosta nó an punctum delens acu sa Laidin chun litir a chur ar
ceal. D'fhéadfadh Rómánach botún a
dhéanamh chomh maith le cách agus ó bhí
páipéar gann bhíodh sé de nós acu
ponc a chur ós cionn na litreach lena cur ar ceal. Bhain na
Sean-Ghaeil úsáid as an gcóras seo chun s agus f
séimhithe a léiriú.
I ré na Meán
Ghaeilge tosaíodh ar fheidhm a bhaint as an bponc ós cionn
na gconsan inshéimhithe eile. Faoin am sin bhí an h a
ghabh le c, p, agus t á scríobh ós cionn na
litreacha sin agus ba ghearr gur cuireadh ponc in ionad an h, de
ghrá na símplíochta is dóca. Mhair an
córas sin, an cló Gaelach, go dtí caogaidí
na haoise seo. Tá an cló rómhánach againn
ó shoin i leith ---- h in ionad an tséimhithe. Ach
mar deir Ó Fiannachta, "Is léir go bhfuil an cló
Gaelach agus an cló rómhánach ar aon
dúchasach againn ar shlite difriúla." É mo
scéal.
Anois, má chastar
séimhiú ort ar an tsráid, bain díot do
chaipín agus beannaigh dó, mar is iarsmaí
ársa é.
Le Barra Ó Donnabháin.
|