Cart

Recent Posts

Ruairí Mac Easmainn – ár ridire

Duine de mhórfhigiúirí polaitiúla na Sean Eorpa –an Eoraip a chuir Cogadh 1914 deireadh lei go deo– ab ea Ruairí Mac Easmainn (no Roger Casement mar a thugtar air i mBealra). Rugadh i mBaile Atha Cliath é in 1864. Captaen in Airm Shasana ab ea a athair. Fuair sé post agus é ina fhear óg i Seirbhís Chonsalach na Ríochta Aontaithe, san Aifric. Agus é i gCongo na Beilge chonaic sé cor uafásach na ndúchasach agus an ghéarleanúint a bhí á himirt orthu. Nocht sé an scéal don t-saol ina “Thuarascáil” i 1903. Ní mór goile láidir ‘bheith agat leis an gcáipéis seo a léamh. Tógadh liú cáinte ar fuaid an domhain mhóir agus dob éigin do Rialtas na Beilge na feidhmeannaigh dhanartha a ghlaoch ar ais agus dream nua “deabhéasach” a chur amach ina n-ionad.

Go gairid ina dhiaidh sin nocht sé scéal na sclábhaithe bochta a bhí ag láimhseáil an ruibéir sa Phutumayo. De bharr na heachtra seo bronnadh an teideal “ridire” air i 1911. Ansin thug sé faoin “Anglo-Peruvian Company” san Amasóin. Chuir sé smacht orthu siúd chomh maith. Bhí clú agus cáil air mar dhaonnachtaí — san triú domhan ach go háirithe. Deir siad go mbíodh ana chuid daoine san Ind agus a gcuid paidreacha á rá acu ós comhair phictiúir Ruairí.

D’fhill sé ar Éirinn i 1912, ar saoire breoiteachta, é traochta caite amach. Seans gur bhuail galar sin na dteothíortha é ­ malaria. Ní raibh sé i bhfad in Éirinn nuair a bhuail galar eile é galar an náisiúnachais. De réir an scéil bhí sé lá ag an gCeathrú Rua agus chonaic sé garsún bocht nách raibh ach giobal beag éadaigh air i gcoinne an fhuachta. Chonaic sé a mhuintir féin agus cás na hÉirinn san malrach sin agus chinn sé go ndéanfadh sé rud éigin leis an scéal do leigheas.

Ba ghearr go raibh sé gafa san gConradh. Chuidigh sé leis an bPiarsach chun Scoil Éanna a bhunú. Chabhraigh sé le daoine óga a chur go hArainn chun Gaeilge a fhoghlaim. B’iad Ruairí agus Eoin Mac Néill a bhunaigh Óglaigh na hÉireann. Nuair nách raibh airm acu thug sé a agaidh ar Shasana. Fuair sé taosgán maith airgid ar iasacht óna a gcáirde agus bád ­ an Asgard — ó Erscain Childers. Thugadar lán báid de ghunnaí go hÉirinn agus chuireadar i dtír i mBinn Éadair iad.

Thuigh Mac Easmainn nách mbeadh na hÓglaigh i ndán aon saghas troda ar fónamh a chur gan cabhair láidir a bheit acu ón dtaobh amuigh. Shochraigh sé ar thuras go dtí an Ghearmáin. Níor chuir Coiste Sealadach na nÓglach de chúram air ach neodracht a bhaint amach don tír. Fuair sé gealltanas neodrachta ós na Gearmánaigh ­ an chéad aitheantas idirnáisiúnta a fuair Éire riamh. Ní bhfuair sé mórán eile. Fuair sé cead ós na huadaráis iarracht a dhéanamh chun na saighdiuirí Éireannacha a bhí gafa ag na Gearmánaigh a liostáil ach níor éirigh leis.

I ngan fhios do Ruairí bhí bád faoi lasta mór arm curtha in áirithe ag na Gearmánaigh lena cur go hÉirinn — an Aud. Chinn sé go ragfadh sé abhaile leo. Thángadar i dtír i gCiarraí agus gabhadh é.

Agus na Dialanna Dubha, cad is dóigh liom díobh? Cé gur cuma fíor bréag iad ar shlí amháin is deachair gan bheith amharasach. Bhí seantaithí ag Seán Buí ar an gclúmhilleadh gnéasach. Fiche bliain roimis sin d’imríodar an cleas céadna ar Pharnell. D’úsáideadar na Dialanna chun aigne phiúratánach na Meiriceánach a iompú i gcoinne Ruairí. Cleas éifeachtúil sleamhain ba ea é agus d’éirigh leis. Mar dúirt W.B.Yeats “For Spring Rice had to whisper it,\ Being their Ambassador\ And then the speakers got it\ And writers by the score.” Tabhair faoi ndeara narbh i Sasana a foilsíodh na dialanna bréige don chéad uair ach i Meiricea. Agus rud eile dhe, cé gur shiúl Mac Easmainn an domhan mór ní bhfuarthas riamh oiread is duine amháin a bhí i ndán fianaise a thabhairt ina choinne. Sé fáth ná creidim-se féin an scéal a cuireadh amach ná gurbh iad na Sasanaigh a chuir amach é. Dob iontaofa liom pluais naithreacha ná iad.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.