Duine de
mhórfhigiúirí polaitiúla na Sean
Eorpa --an Eoraip a chuir Cogadh 1914 deireadh lei go deo-- ab ea
Ruairí Mac Easmainn (no Roger Casement mar a thugtar air i mBealra).
Rugadh i mBaile Atha Cliath é in 1864. Captaen in Airm Shasana ab ea a
athair. Fuair sé post agus é ina fhear óg i
Seirbhís Chonsalach na Ríochta Aontaithe, san Aifric. Agus
é i gCongo na Beilge chonaic sé cor uafásach na
ndúchasach agus an ghéarleanúint a bhí á
himirt orthu. Nocht sé an scéal don t-saol ina
"Thuarascáil" i 1903. Ní mór goile láidir
'bheith agat leis an gcáipéis seo a léamh. Tógadh
liú cáinte ar fuaid an domhain mhóir agus dob
éigin do Rialtas na Beilge na feidhmeannaigh dhanartha a ghlaoch ar ais
agus dream nua "deabhéasach" a chur amach ina n-ionad.
Go gairid ina dhiaidh sin nocht
sé scéal na
sclábhaithe bochta a bhí ag láimhseáil an
ruibéir sa Phutumayo. De bharr na heachtra seo bronnadh an teideal
"ridire" air i 1911. Ansin thug sé faoin "Anglo-Peruvian Company" san
Amasóin. Chuir sé smacht orthu siúd chomh maith.
Bhí clú agus cáil air mar dhaonnachtaí -- san
triú domhan ach go háirithe. Deir siad go mbíodh ana
chuid daoine san Ind agus a gcuid paidreacha á rá acu ós
comhair phictiúir Ruairí.
D'fhill sé ar Éirinn i
1912, ar saoire breoiteachta,
é traochta caite amach. Seans gur bhuail galar sin na
dteothíortha é malaria. Ní raibh sé i bhfad
in Éirinn nuair a bhuail galar eile é galar an
náisiúnachais. De réir an scéil bhí
sé lá ag an gCeathrú Rua agus chonaic sé
garsún bocht nách raibh ach giobal beag éadaigh air i
gcoinne an fhuachta. Chonaic sé a mhuintir féin agus cás
na hÉirinn san malrach sin agus chinn sé go ndéanfadh
sé rud éigin leis an scéal do leigheas.
Ba ghearr go raibh sé gafa san
gConradh. Chuidigh sé leis
an bPiarsach chun Scoil Éanna a bhunú. Chabhraigh sé le
daoine óga a chur go hArainn chun Gaeilge a fhoghlaim. B'iad
Ruairí agus Eoin Mac Néill a bhunaigh Óglaigh na
hÉireann. Nuair nách raibh airm acu thug sé a agaidh ar
Shasana. Fuair sé taosgán maith airgid ar iasacht óna a
gcáirde agus bád an Asgard --- ó Erscain Childers.
Thugadar lán báid de ghunnaí go hÉirinn agus
chuireadar i dtír i mBinn Éadair iad.
Thuigh Mac Easmainn nách mbeadh
na hÓglaigh i ndán
aon saghas troda ar fónamh a chur gan cabhair láidir a bheit acu
ón dtaobh amuigh. Shochraigh sé ar thuras go dtí an
Ghearmáin. Níor chuir Coiste Sealadach na nÓglach de
chúram air ach neodracht a bhaint amach don tír. Fuair
sé gealltanas neodrachta ós na Gearmánaigh an
chéad aitheantas idirnáisiúnta a fuair Éire riamh.
Ní bhfuair sé mórán eile. Fuair sé cead
ós na huadaráis iarracht a dhéanamh chun na
saighdiuirí Éireannacha a bhí gafa ag na
Gearmánaigh a liostáil ach níor éirigh leis.
I ngan fhios do Ruairí
bhí bád faoi lasta mór
arm curtha in áirithe ag na Gearmánaigh lena cur go
hÉirinn --- an Aud. Chinn sé go ragfadh sé abhaile leo.
Thángadar i dtír i gCiarraí agus gabhadh é.
Agus na Dialanna Dubha, cad is
dóigh liom díobh? Cé
gur cuma fíor bréag iad ar shlí amháin is deachair
gan bheith amharasach. Bhí seantaithí ag Seán Buí
ar an gclúmhilleadh gnéasach. Fiche bliain roimis sin
d'imríodar an cleas céadna ar Pharnell.
D'úsáideadar na Dialanna chun aigne phiúratánach
na Meiriceánach a iompú i gcoinne Ruairí. Cleas
éifeachtúil sleamhain ba ea é agus d'éirigh leis.
Mar dúirt W.B.Yeats "For Spring Rice had to whisper it,\ Being their
Ambassador\ And then the speakers got it\ And writers by the score." Tabhair
faoi ndeara narbh i Sasana a foilsíodh na dialanna bréige don
chéad uair ach i Meiricea. Agus rud eile dhe, cé gur
shiúl Mac Easmainn an domhan mór ní bhfuarthas riamh
oiread is duine amháin a bhí i ndán fianaise a thabhairt
ina choinne. Sé fáth ná creidim-se féin an
scéal a cuireadh amach ná gurbh iad na Sasanaigh a chuir amach
é. Dob iontaofa liom pluais naithreacha ná iad.
Le Barra Ó Donnabháin.