|
"Scaoil de, a Bharra, scaoil de, a
chara," arsa Stiofán. "Ná bac a thuilleadh leis, tá
sé thart, imithe, ar shiúl." "Bhíos féin ann,
agus tuigim do phian, ná caith do shaol ag iarraidh díoltas a
bhaint amach." "Ba lúbairí iad na poiliteoirí riamh agus
níl tusa ná éinne eile chun é sin a athrú."
"Táim-se chun tabhairt faoi, a Stiofáin," arsa mise, "agus
cuirfead faoi bhráid na cúirte é, más gá."
"Ní bhead-sa im' cheap magaidh acu as so amach." Comórtas
Rós Jameson a bhí taobh thiar den chomhrá sin - seo
mar a thárla.
Tráthnóna Dé
hAoine cúpla seachtain ó shoin, thug Eibhlín Zurell,
Clare Curtin agus mé fhéin ár n-aghaidh ar Jameson, PA,
áit a mbíonn Deireadh Seachtaine Gaeilge ag Daltaí na
Gaeilge i dtosach na Samhna gach bliain. De ghnáth nuair a
théann Eilín agus mise ar thuras i dteannta a chéile
titeann an tóin as an spéir. Dá mbeadh an bheirt againn
ag na hIndiaigh Rua ní bheadh gá acu riamh le "damhsa na
báistí." Ar aon nós ar an mbóthar dúinn
tharraing Eibhlín anuas Comórtas an Róis agus
dúirt sí go mbeadh an seans agam-sa i mbliana. Dúirt
sí go rabhas óg (taobh le Methuselah), tanaí (taobh le
Zeppelin), ard-nósach agus bhí rud amháin eile, oh sea,
--- umhal. Níor ghá, dar léi ach an focal a scaipeadh
agus bheadh an choróin agam.
Bhí céad agus sé
dhuine dhéag ann romhainn. Grá don teanga a thug ann iad
cé go ndúirt duine amháin liom gurbh é an bia a
mheall é féin. Thosnuigh na ranganna maidin Dé Sathairn.
Oíche Dé Sathairn sea bhí "Comórtas an
Róis" againn. Ní mór dom cúpla rud a
mhíniú anso. Ciste rúnda a thoghann an Rós gach
bliain. Cheapfá ón teideal gur bhean a bheadh i gceist ach
níor toghadh ach bean amháin don phost ó cuireadh
tús leis. Agus, éist le seo, dúirt bean liom go
ndúirt bean léi gur mná ar fad atá ar an gcoiste
- agus banríon orthu darb ainm Marian. Fear amháin ag
cabhrú leo ---- Seán Tierney. (níor mhór duit
bheith ann) Anois! Ach tá mé ar fán.
Toghadh Rós Nua i mbliana ---
Muiris Saunders. Ghlac Muiris an choróin ó Rós na bliana
seo caite, Stiofán Brown. Ní raibh aon fhonn ar Stiofán
scaradh leis an gcoróin agus ar ghaibh leí - an taisteal, na
gúnaí, na seódanna, na ceamaraí, 7rl. Cé
go rabhas féin san iomaíocht agus dúil agam sa phost,
bhíos lán sásta leis an gcinneadh ar dtús.
Bhí gréim barróige agam ar Stiofán ag tabhairt
sóláis dó nuair a chuir an duine áirithe seo cogar
im chluais. "Bheadh an cluiche agat dá dtabharfá $50
dóibh in ionad an $25 a thugais."
Ba dhóbair dom titim. Cheapas
gur táille iontrála a bhí sa $25, ach ba bhreab í.
Séard a bhí á rá ag mo dhuine -- nár
ghá dhom ach an crúibín cam a thabhairt dóibh agus
go mbeadh an choróin agam. Níl rud ar bith agam i gcoinne
breabanna - nách nglacann na poiliteoirí is fearr iad? -
ach gan é a chur in iúl dúinn go léir go raibh an
córas sin i bhfeidhm. Gur bhraith an toghchán ar na breabanna.
Cothram na féine, mar dhea. Beidh daor orthu más féidir
liom é a chrothú. Tá cumann rúnda ag obair ar mo
shon - Cumann 37. Táthar chucu.
Ní thógaim-se ar Mhuiris
gur bhuaigh sé an cluiche, ná fiú gur dhíol
sé as. Deir Elsie go dtugann sé an leabhar nár
íoch sé pingin as, gur phaidreacha a thug an bua dó.
Ní fheadar. Ainneoin sin is uile geallaim-se ó chroí
duit, a Mhuiris, go mbead-sa taobh thiar díot go deireadh do
réime.
Ar eagla go gcreidfeadh éinne
an méid sin thuas, dearbhaím anso nách bhfuil ann ach
greann. Chun na fíreanna a rá, tá rudaí i bhfad
níos measa déanta ag cuid acu ach níor rugadh orthu
fós. Anois chun sibh a thabhairt ar ais go dtí an saol
réadach ag seo síos scéilín brea fíor:
Bhí saor ag deisiú falla
lá in Iarthar Chorcaí, agus thit an falla air. Bhí
sé ansin agus cloch mhór anuas air gur tháinig saor eile
an treó. A thúisce a chuala sé ag teacht é
thosnuigh sé ag glaoch "Saor mé, saor mé." "Saor isea
mise freisin," arsan tarna fear agus lean sé air, an bóthar
soir.
Dáiríre, bhí deireadh seachtaine iontach againn agus
bhí na ranganna ar fheabhas. Bhí dhá rang déag ar
siúl - rud éigin do chuile dhuine. Ag seo síos
ainmneacha na múinteoirí: Uaitéar Stock,
Máirín Stock, Seosamh Mc Closkey, Sóisear Mac Cionnaigh,
Mollaí Mac Cionnaigh, Pádraig Mac Gill, Éamonn
Uighlín, Seán Ó Tierney, Prionsiasín Longworth,
Deirdre Mc Farland, Roibéard de Búrca, Eibhlín Zurell
agus bhí rang ag Una Mc Gillicuddy agus mé féin.
Bhí Marian Lawlor i mbun ceoil.
Rinne Liam Guidry agus Pádraig
Mullen, Éamonn agus Pádraigín sár obair agus
bhí Ethel Brogan ina carraig le ciall mar is gnáth. Is beag a
shíl Ethel nuair a bhunaigh sí Daltaí na Gaeilge i 1981
go mbeadh toradh iontach mar seo ar a cuid oibre. Tá leathnach baile
ag Daltaí anois, a bhuíochas san do Lúcas Kane, Kevin
Clarke agus Liam Guidry. (http:// www.monmouth.com/~daltai/). Tá
scéalta, stair, féilire, gramadach, sean-fhocail agus go leor
eile le feiscint ann. Tabhair cuairt air.
Le Barra Ó Donnabháin
|