|
Inniu ba mhaith liom cur síos beag a dhéanamh ar leabhar nua-fhoilsithe ---
Greenhorn, le Maidhc Dainín Ó Sé. Ach ar dtús focal i dtaobh an
údair. Tá aithne mhaith agam-sa ar Mhaidhc ach mar sin féin ní
fuiriste cur síos air. Thógfadh se leabhar mór chun ceart a thabhairt
dó mar tá níos mó ná duine amháin i Maidhc. Is geall
le meitheal é. Is scríbhneoir, ceoltóir, amhránaí, file
agus fear grinn é. Tá stór mór de Ghaeluinn an teallaigh aige.
Thug sé leis ó bhroinn an tsamhailt dhúchasach. Thug sé leis ó
na sean daoine líofacht agus cruinneas teanga. Agus tá sé de bhua aige
bheith in ann a theanga dhúchais a lúbadh agus a chasadh á cur in
oiriúint do shaol an lae inniu.
Bhain Maidhc cáil amach dó fhéin lena chéad leabhar, A Thigh
Ná Tit Orm. Le dorn de bhlianta anuas tá an leabhar so ar chlár na
meanscoile in Širinn. Cur síos atá ann ar an tréimhse a chaith Maidhc i
Sasana agus i Meiriceá sular fhill sé ar Éirinn i 1969. Ó shoin tá
Citeal na Stoirme, Tae le Tae, Dochtúir na bPiast, Corcán na dTrí gCos,
Chicago Driver seolta aige. Is é Greenhorn an leabhar is deireanaí óna
pheann líofa.
Is fada ó Charrachán, Chicago, ach éiríonn le Maidhc an dá
shaol a chur ós ár gcomhair go brea réadach. "Sin é an fear arb eol
dó cathair Chicago ins na seascaidí," arsa cara liom ó Chicago le
déanaí agus é díreach taréis Greenhorn a léamh. Ach
déarfainn go bhféadfadh Maidhc cur síos inchreidte a dhéanamh ar
aon áit mar go bhfuil eolas doimhin aige ar an gcine daonna. îI ndeireadh an lae,î ar
sé, ìó Adhamh anuas, is cuid den dream céadna sinn, gorm bán agus
buí agus níl éinne againn saor ó locht.î
Braitheann tú i gcónaí agus tú ag léamh leabhar de chuid
Mhaidhc go mbíonn sé i láthair agus páirteach sna heachtraí
a mbíonn sé ag cur síos orthú. Súil ghéar aige agus
é ag breathnú ar an saol timpeall air ó bholadh na gairleoige ar na busanna
go mionphoinntí canúna na nIodálach. Thugas féin ceann don bholadh
céadna nuair a chéad thángas go dtí an tír seo. Aithním
na Hallaí rinnce agus na tithe tabhairne.
Is scéal eachtrúil é Greenhorn, suite i Chicago na mblianta 1959/60. Ba
bhlianta corraitheacha iad. Bhí Mayor Daly ina dheachtóir ar an gcathair agus
bhí Kennedy ar thóir an Tí Bháin. Bhí cumhacht nách
beag ag an mafia ag an am. Ba ghá le JFK tacaíocht Uí Dhálaigh
dá mba mhian leis Illinois a ghabháil sa toghchán agus bhí gá
ag an Dálach leis an mafia chun cúrsaí ceardchumann a choimeád faoi
smacht. Deineadh conarthaí. Deirtí go raibh post ar bith le fáil i Chicago
ach an t-airgead a bheith agat.
Go dtí an chathair seo tagann Greenhorn, fear a raibh féith neamhscrupallach ann agus
a bhí i gcónaí ullamh le deis a thapú chun é féin a chur
chun cinn. Fear ab ea é a raibh an craiceann agus a luach uaidh, a raibh scannradh chun
airgid air. Ach fear ab ea é freisin a mheallfadh na héin anuas ón gcraobh
lena phlámás. Bhí sé sa chathair cheart.
D'fhág an bithiúnach tarraingteach gealgháireach seo, Muiris Ó
Fiannachta a bhaile dúchais, i gCiarraí, agus thug a aghaidh ar an gCathair Ghaofar.
Ní raibh tart oighear ná ochras air san áit a raibh sé ach bhí
Éire ró-chúng dá shórt. Bhraith sé mar a bheadh
fál timpeall air agus cé ìnár chás dó iompó ar aon
ghairm bheatha ba mhian leis,î bhí dúil mhínádúrtha i
sóláistí an tsaoil aige. Agus an rud a bhí uaidh ní
raibh sé le fáil in Éirinn.
Lena dhóigheanna tarraingteachta agus lena chuid bladair agus cluanaireachta mheallfadh
Muiris bean ar bith ba mhian leis agus níor leasc leis úsáid a bhaint asti
chun a chás féin a fheabhsú. Bíonn a leithéidí ann.
D'fág sé bean a bhí i ngrá leis in Éirinn agus ní
túisce i Meiricea é ná bean bhreá eile i ngrá leis. A
hathair siúd a chuir i dteagmháil le feidhmeannach cumhachtach i Halla na Cathrach
é, fear a d'aimsigh post le dealramh dó le comhlacht Iodálach. Is mar sin a
tháinig Muiris ar an mafia don chéad uair. Nuair nách raibh Muiris gar
dá ghrá, ghráigh sé an bhean ba ghaire dhó. Casadh
iníonn áluinn an Don féin air. Ba ghearr go raibh sise fé
dhraíocht ag an gCiarraíoch malluithe agus rómáns tintrí ar
siúl eatarthu. Bhí Muiris i gcónai ag iarraidh an dá thráigh
a fhreastal. Faoi lár an leabhair bhíos ag smaoineamh - "beidh an bithiúnach
seo ag caitheamh buaitisí stroighne ar ghrinneall Loch Superior sula bhfad." Ait le
rá bíonn bá éigin agat le Muiris, fiú amháin nuair a
bhíonn sé ag spalpadh éitigh nó ag láimhseáil daoine
ar mhaitheas dó féin. Is iomaí corr agus casadh a chuireann an scéal
bríomhar seo de --- ach nílim chun na rúin a scaoileadh anso. A'dtugann
sé a chosa leis ón mafia, nó a' gcuireann duine éigin urchar lastiar
dá chluais? Tá ábhar scannáin iontaigh sa leabhar.
Bhí Maidhc a rá liom gur casadh bean air sa Daingean agus an leabhar
leath-léite aici. ìA Mhaidhc Dainín,î ar sí, ìmá mharaítear mo
Mhuiris bocht ag deireadh an leabhair beidh daor ort a bhuachaill!î Bheadh sé níos
sábháile i measc mafiosa Chicago. Nuair a thosnuíonn tú ar an leabhar
seo, ní bheir in ann é a chur uait -- tóg uaim-se é! Go mbuaile Dia
seans maith chughaibh!
Le Barra Ó Donnabháin.
|