Cart

Recent Posts

Portar Gan Airgead

Inniu ba mhaith liom cur síos beag a dhéanamh ar leabhar nua-fhoilsithe — Greenhorn, le Maidhc Dainín Ó Sé. Ach ar dtús focal i dtaobh an údair. Tá aithne mhaith agam-sa ar Mhaidhc ach mar sin féin ní fuiriste cur síos air. Thógfadh se leabhar mór chun ceart a thabhairt dó mar tá níos mó ná duine amháin i Maidhc. Is geall le meitheal é. Is scríbhneoir, ceoltóir, amhránaí, file agus fear grinn é. Tá stór mór de Ghaeluinn an teallaigh aige. Thug sé leis ó bhroinn an tsamhailt dhúchasach. Thug sé leis ó na sean daoine líofacht agus cruinneas teanga. Agus tá sé de bhua aige bheith in ann a theanga dhúchais a lúbadh agus a chasadh á cur in oiriúint do shaol an lae inniu.

Bhain Maidhc cáil amach dó fhéin lena chéad leabhar, A Thigh Ná Tit Orm. Le dorn de bhlianta anuas tá an leabhar so ar chlár na meanscoile in Å irinn. Cur síos atá ann ar an tréimhse a chaith Maidhc i Sasana agus i Meiriceá sular fhill sé ar Éirinn i 1969. Ó shoin tá Citeal na Stoirme, Tae le Tae, Dochtúir na bPiast, Corcán na dTrí gCos, Chicago Driver seolta aige. Is é Greenhorn an leabhar is deireanaí óna pheann líofa.

Is fada ó Charrachán, Chicago, ach éiríonn le Maidhc an dá shaol a chur ós ár gcomhair go brea réadach. “Sin é an fear arb eol dó cathair Chicago ins na seascaidí,” arsa cara liom ó Chicago le déanaí agus é díreach taréis Greenhorn a léamh. Ach déarfainn go bhféadfadh Maidhc cur síos inchreidte a dhéanamh ar aon áit mar go bhfuil eolas doimhin aige ar an gcine daonna. îI ndeireadh an lae,î ar sé, ìó Adhamh anuas, is cuid den dream céadna sinn, gorm bán agus buí agus níl éinne againn saor ó locht.î

Braitheann tú i gcónaí agus tú ag léamh leabhar de chuid Mhaidhc go mbíonn sé i láthair agus páirteach sna heachtraí a mbíonn sé ag cur síos orthú. Súil ghéar aige agus é ag breathnú ar an saol timpeall air ó bholadh na gairleoige ar na busanna go mionphoinntí canúna na nIodálach. Thugas féin ceann don bholadh céadna nuair a chéad thángas go dtí an tír seo. Aithním na Hallaí rinnce agus na tithe tabhairne.

Is scéal eachtrúil é Greenhorn, suite i Chicago na mblianta 1959/60. Ba bhlianta corraitheacha iad. Bhí Mayor Daly ina dheachtóir ar an gcathair agus bhí Kennedy ar thóir an Tí Bháin. Bhí cumhacht nách beag ag an mafia ag an am. Ba ghá le JFK tacaíocht Uí Dhálaigh dá mba mhian leis Illinois a ghabháil sa toghchán agus bhí gá ag an Dálach leis an mafia chun cúrsaí ceardchumann a choimeád faoi smacht. Deineadh conarthaí. Deirtí go raibh post ar bith le fáil i Chicago ach an t-airgead a bheith agat.

Go dtí an chathair seo tagann Greenhorn, fear a raibh féith neamhscrupallach ann agus a bhí i gcónaí ullamh le deis a thapú chun é féin a chur chun cinn. Fear ab ea é a raibh an craiceann agus a luach uaidh, a raibh scannradh chun airgid air. Ach fear ab ea é freisin a mheallfadh na héin anuas ón gcraobh lena phlámás. Bhí sé sa chathair cheart.

D’fhág an bithiúnach tarraingteach gealgháireach seo, Muiris Ó Fiannachta a bhaile dúchais, i gCiarraí, agus thug a aghaidh ar an gCathair Ghaofar. Ní raibh tart oighear ná ochras air san áit a raibh sé ach bhí Éire ró-chúng dá shórt. Bhraith sé mar a bheadh fál timpeall air agus cé ìnár chás dó iompó ar aon ghairm bheatha ba mhian leis,î bhí dúil mhínádúrtha i sóláistí an tsaoil aige. Agus an rud a bhí uaidh ní raibh sé le fáil in Éirinn.

Lena dhóigheanna tarraingteachta agus lena chuid bladair agus cluanaireachta mheallfadh Muiris bean ar bith ba mhian leis agus níor leasc leis úsáid a bhaint asti chun a chás féin a fheabhsú. Bíonn a leithéidí ann. D’fág sé bean a bhí i ngrá leis in Éirinn agus ní túisce i Meiricea é ná bean bhreá eile i ngrá leis. A hathair siúd a chuir i dteagmháil le feidhmeannach cumhachtach i Halla na Cathrach é, fear a d’aimsigh post le dealramh dó le comhlacht Iodálach. Is mar sin a tháinig Muiris ar an mafia don chéad uair. Nuair nách raibh Muiris gar dá ghrá, ghráigh sé an bhean ba ghaire dhó. Casadh iníonn áluinn an Don féin air. Ba ghearr go raibh sise fé dhraíocht ag an gCiarraíoch malluithe agus rómáns tintrí ar siúl eatarthu. Bhí Muiris i gcónai ag iarraidh an dá thráigh a fhreastal. Faoi lár an leabhair bhíos ag smaoineamh – “beidh an bithiúnach seo ag caitheamh buaitisí stroighne ar ghrinneall Loch Superior sula bhfad.” Ait le rá bíonn bá éigin agat le Muiris, fiú amháin nuair a bhíonn sé ag spalpadh éitigh nó ag láimhseáil daoine ar mhaitheas dó féin. Is iomaí corr agus casadh a chuireann an scéal bríomhar seo de — ach nílim chun na rúin a scaoileadh anso. A’dtugann sé a chosa leis ón mafia, nó a’ gcuireann duine éigin urchar lastiar dá chluais? Tá ábhar scannáin iontaigh sa leabhar.

Bhí Maidhc a rá liom gur casadh bean air sa Daingean agus an leabhar leath-léite aici. ìA Mhaidhc Dainín,î ar sí, ìmá mharaítear mo Mhuiris bocht ag deireadh an leabhair beidh daor ort a bhuachaill!î Bheadh sé níos sábháile i measc mafiosa Chicago. Nuair a thosnuíonn tú ar an leabhar seo, ní bheir in ann é a chur uait — tóg uaim-se é! Go mbuaile Dia seans maith chughaibh!

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.