Cart

Recent Posts

Pádraig Mac Calprainn (Naomh Pádraig)

Níl ainm ar bith i stair na hÉireann is mó ná Pádraig Mac Calprainn. Ina dhiaidh sin is uile, ní fuirist dúinn an fear féin a shamhlú ná méid a chuid oibre a dhealú óna cúntaisí a gheibhtear sa bhéaloideas agus san naomhsheanchas ar an misinéir a dhein na miorúiltí, a chuir an ruaig ar na deamhain agus ar na nathracha nimhe, agus a thug tír na hÉireann isteach i ngort na críostaoíchta.

Ní hionadh sinn ar bheagán eolais faoi: níorbh Éireannach é (mar sin ní heol dúinn an chine gur di é), ba sclabhaí é, ba dhuine é a chaith na blianta mar mhac léinn agus mar chléireach i dtír iasachta. Ach is féidir éirim a chuid oibre a dheimhniú ó scribhinní bunúsacha, a ghlacann na saineolaithe leo mar cháipéisí udarásacha, a tháinig chugainn ó láimh Phádraig féin – An Fhaoistin agus An Litir chun Coroticus.

 

Ní mar dhíbheathaisnéis a scríobh sé An Fhaoistin ach gur airíodh sé mar bheadh dualgas air a theaspáint gurb é Dia faoi ndear dó, duine gan léinn agus gan mórán scolaíochta, an obair éactach atá déanta aige a thógáil idir lámha agus a thabhairt chun críche.

Tá fianaise sa scríbhinn sin gur rugadh i mbaile beag sa Bhreatain é, gur tógadh é agus é ina gharsún mar sclabhaí go hÉirinn mar ar chaith sé blianta ag aoireacht, gur éirigh leis éaló, gur dhein sagart de agus gur cuireadh ag craobhscaoileadh an soiscéil in Éirinn é bliain i ndiaidh bháis Palladius, misinéir a chuir an Pápa Celestine sa bhliain 431 “do na Gaeil a chreid i gCríost”, agus gur bhunaigh sé an eaglais Caitiliceach in Éirinn.

Na cúntaisí is luaithe atá againn ar shaol Phádraig tá siad le fáil i leabhar Ardmacha a scríobh Ferdomhnach timpeall 800. Tá dhá leagan de bheatha Phádraig ann a scríobhadh riomh 700 le Tíreachán agus le Murchú. Is ortha san atá scéal Phádraig mar atá sé againn anois bunaithe — na turasanna misinéireacha timpeall na tíre, na heaglaisí a bhunaigh sé, na mioriúltaí a dhein sé. Ón naoú céad i leith tá go leor “beatha Phádraig” againn, breis agus seasca aca as Laidin.

Ó thosach bhí conspóid ann faoi ghnéithe áirithe dá shaol: áit a bhreithe, áit a hoileadh é taréis éaló ó Éirinn, dáta a theacht go hÉirinn, na hacta a luaitear leis, an iad a chuid acta féin iad nó an amhlaidh a meascadh acta mhisinéirí eile leo. De réir croineolaoíchta traidisiúnta ‘siad na dátaí a bhaineann le Pádraig: 432 a theacht go hÉirinn, agus 492(3) a bhás in aois 120 bliana. Sa leabhar udarásach úd Life of Patrick (1905), d’éiligh an tOllamh Bury gur sa bhliain 432 a tháinig Pádraig go hÉirinn, agus gur éag sé sa bhliain 461. Glacadh go forleathan le tuairimí Bury – na scoláirí Eoin Mac Néil, Ludwig Bieler, An tAthair Ó Riain agus go leor eile ina measc.

Ba shin mar a bhí an scéal go dtí an bhliain 1942 nuair a chuireadh ina choinne trí léacht a thug an tOllamh Tomás Ó Rathaille – “The Two Patricks.” Sé bun-éirim an léachta ná nách bhfuil sa Phádraig traidisiúnta ach cumasc de bheirt mhisinéirí – Palladius a tháinig sa bhliain 432 agus a bhásaigh i 461, agus Patricius eile, údar an dá scríbhinn, a tháinig i ndiaidh Palladius agus a fuair bás sa bhliain 492.

 

Seo iad na hargóintí a luaigh Ó Rathaille: tá trácht sna scríbhinní is luaithe atá againn ar bheirt mhisnéirí gurbh ainm dóibh Patricus (Sen Phatraic ainm duine aca); tá dhá roinn d’fhocail Laidne sa tSean-Ghaeilge – leagan amháin a tháinig ón mBreatain agus leagan eile ón Mhór Roinn; luann na hAnnálacha nách bhfuair go leor de na misinéirí a bhí comhaimseartha le Pádraig bás go dtí caoga nó seasca bliana i ndiaidh bháis Phádraig.

Ó 1942 i leith siad tuairimí Uí Rathaille is mó atá á bplé, agus cuid aca á mbréagnú, ag na scoláirí. Thaisbeán an naomhsheanchaí Pere Grosjean nách fíor an t-ionannú a cheapann O Rathaille a bheith idir Palladius agus Sen-Phatraic. Ní ghlacann an tOllamh Jackson, údar Language and History in Early Britain, ná an tOllamh Christino Mohrmann, saineolaí ar an Laidin iar-chlasaicigh le breith Uí Rathaille faoi na focail Laidne atá ar iasach sa tSean-Ghaeilge. Tá an tAthair Ó Riain agus an tAthair F Shaw, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ar thaobh an mono-Patricus. Dar le duine aca gur dócha nách mbeadh breith ag an údar “indoctus” (mar a thugann Pádraig air féin sa bhFaoistin) teacht i gcomharba ar Phalladius a bhí mar cheann ar an eaglais in Éirinn le trioca bliain. Sé an teist is láidre aca ná teist an bhealoideasa nách bhfuil ach Pádraig amháin ann — teist atá bunaithe, gan aon éideimhne, leis na céadta bliain. Is fiú a thabhairt faoi ndear gur sa bhliain 1961 a comóradh “Bliain Phádraig” ag eaglais na hÉireann.

 

Is é an tOllamh Binchy san alt úd aige i Studia Hibernica (1962) a dhein an cíoradh is iomláine agus is suntasaí ar bheatha Phádraig agus a bhfuil scríofa ina thaobh. Seo í a bharúil mheasta.

Leis An Br. C.B.Ó Cuinn (IONA)