Cart

Recent Posts

Nárbh é an ceardaí é!

Bhí ana-mheas agam féin ar Jer. Bhíodh focal aca ar dhuine mar Jer fadó — ceardaí. Ní gabha ná siúnéir a bhíodh i gceist aca ach cleasaí nó carachtar. “Seó bóthair” a thug mo mháthair ar Jer bocht. Ní raibh meas aici riamh ar na tithe tabhairne ná ar na daoine a ghnáthaigh iad. ” Ní fheadar ó thalamh an domhain cad é an néall a bhíonn ortha chun na dí, masmas go gcuire sí ortha.” ” An balbhán béice sin ag ól is ag ragairne agus an t-ainniseoir bocht (máthair Jer) caite thoir i Meall an tSrutháin ina haonair.”

Ní dóigh liom go raibh faidhb ar bith ag Jer leis an ól, ach an fhaidhb a bhíodh aige ag iarraidh íoch as, mar a déarfadh sé féin. Ní fhacas riamh ar meisce é. Ba bhrea leis bheith i gcomhlúdar daoine agus bhíodh lucht éisteachta aige sna tithe leanna.

Lá dár bhuaileas isteach Tig Uí Shíocháin bhí Jer istig romham. Ní raibh ann ach é féin agus beirt allúrach ag an gcuntar. Bhí sé ina shuí ag bord agus páipéar leata amach ós a chomhair. “Gabh i leith chugam,” ar sé, “agus buail fút cathaoir.” “Tá fear annso sa pháipéar a rá gurb iad tiománaithe ólta faoi ndear 40% de thimpistí bóthair.” “Más ea, nách iad na daoine atá comh stuama le breitheamh is cúis le 60% díobh.” ” Feictear domhsa go bhfuil sé níos sabháilte bheith ag tomáint ólta mar sin.” Bhain an bheirt ag an gcuntar an-taithneamh as an gcomhradh seo agus thairg siad deoch do Jer. Ghlac Jer go fonnmhar leis an tairscint sin agus d’fhágas an bheirt agus cluas ortha ag éisteacht, fé dhraíocht an fhealsaimh.

Bhí Jer ina shaghas Gobán Saor sa cheantar. Dá mbeadh sionnach ag cur isteach ort nó tobar as feidhm nó crann le leagadh, is air a ghlaofá. Choineacas lá é agus mé ag dul thar bráid, ag glanadh casáin do thabhairneoir. Stadas agus bheannuíos dó. “Téanam ort ” arsa mise, “Bíodh deoch againn.” ” Beidh mé leat” ar sé, ” ach an carn cosamair seo a chur chun críche.” Bhuaileas isteach agus chaitheas tamall gairid ag labhairt le fear a tí agus tiománaí leoraí de chuid Guinneas. Tháinig Jer isteach agus bhí cúpla deoch againn agus bhuaileas chun bóthair arís.

Leath mhíle slí laistiar den bhaile cad a chonaiceas ach an leoraí ar leath taobh sráide agus an tiománaí bocht ag iarraidh craobhacha sceiche agus driseáin agus nantóga a chaitheamh amach as. Thuigeas láithreach cad a thárla agus dóbair dom dul thar chlaí isteach le racht suilt. Bhí clúdach canbháis ar an leoraí agus níor dhein Jer ach é a scaoileadh agus an bruscar a chaitheamh isteach fhaid a bhí an tiománaí istig ag cainnt le fear a tí. Is dócha gur chuala an tiománaí fothram na dtor ag lúscadh taobh thiar de.

Is cuimhin liom oíche eile nuair a thosaigh raic idir Jer agus na hUí Choileáin, mar gheall ar “gar beag ” a rinne Jer dóibh cúpla lá roimis sin. Dob amhlaidh a bhuail carr madra de mhadraibh na gChoileánach, rud a d’fhág ar mire é. D’ iarr siad ar Jer teacht agus é a lámhach. Tháinig Jer agus mharaigh sé an madra mí-cheart. Dúirt sé gur thug an madra confach sunc don cheann eile díreach sul ar scaoil sé fé agus nách raibh leigheas aige ar an scéal.

Bhí an t-adh leis gur thug sé a chosa leis an lá sin agus bean Uí Choileáin agus a seachtar cloinne sa tóir air. Bí an spéir dubh le clocha agus mallachtaí. Níor réitigh sé leo go dtí gur bhron sé coileán brea dá chuid féin ortha in éiric na héagóra.

Bhain Jer le haois eile agus nuair a sciob an ailse leis é d’fhág sé poll mór ina dhiaidh. Ach d’fhág sé saibhreas ina dhiaidh. D’fhág sé na mílte ag gáire. Ní beag sin de theist ar an bhfear macánta.

Le Barra Ó Donnabháin

 

 

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.

 

NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.