|
An Chuimhneachán Dhá Chéad Bliain 1798-1998
Béal Átha na Muc - 5ú lá de Mhí Mheán Fhómhar, 1998
I lár na hÉireann, i dTuaisceart Chontae an Longfoirt, tá sráidbhaile beag
iontach-álainn, Béal Átha na Muc. Tá sé suite sna portaigh idir dhá chnoc
bheaga, Seana-mhullach agus Coilltecraobhagh.
Tá pobal na háite an-bhródúil mar is san áit chéanna a thárlá an cogadh
deireannach foirmiúil in Éirinn in aghaidh an Coróin ar an t-ochtú lá de
Mhí Mhean Fhómhar, 1798.
Le cúpla bliain anuas, bhí an coiste stiúrtha ag déanamh ullmhú le
haghaidh an chuimhneacháin Dhá Chéad Bliain.
Céad bliain ó shin, nochtaigh an pobal an dealb mór, an Fear Píce. Tá sé
ina sheasamh inniu go bródúil taobh amuigh de theach na cuirte
mí-chluiteach sa sráidbhaile. Bhí sé tógtha in onóir na bfear a bhí crochta
díreach tar éis an chogaidh i mBéal Átha na Muc.
Bhí imeachtaí an chuimhneacháin ag siúl ar feadh seachtaine sa Samhradh i
mbhliana. Chríochnaigh siad le athléiriú an chogaidh i Béal Átha na Muc. Ba
é seo, gan dabht, an rud is fearr dena himeachtaí ar fad - galánta,
suntasach. Chuir na saighdiúirí den lá inniu agus na feirmeoirí a bhí ag
cuidiú leo, tús leis an athléiriú os cómhair lucht féachána de bhreis ar
naoi míle. Ní raibh deireadh leis na griangrafanna agus na thuairisceoirí
agus iad go léir ag iarraidh a bheith i láthair na radharca.
Bhí na Francaigh ag marcaíocht ar fud na háite faoi éadaigh cogaidh
illdaite. Bhí pící agus úrlisí feirmeacha ag na hÉireannaigh cosúil leis
na cinn a bhí acu i 1798. Bhí léinte bána orthú, stocaí taobh amuigh dena
bhristí dorcha chómh maith leis na bróga troma tairní. Bhí an t-airm
Éireannach den lá inniu ann freisin, gléasta sa gcuma céanna cosúil leis na
saighdiúirí Sasanaigh san am fadó le dathanna dearg, bán agus
bréagfholtanna orthú. Nuair a bhí mé ag caint leis an fear a bhí i gceannas
na Sasanach san athléiriú, is fíor Sasanach é. Bíonn sé páirteach in aon
áit ina bhfuil athléiriú chogaidh ar siúl.
Is annamh a bhíonn athléiriú chogaidh in Éirinn. Is rud amháin go bhfuil
sé contúirteach agus go han-costasach ar fad. Fadhb eile a bhí ann - ní
raibh siad in ann árachas a fháil ar chor ar bith. Bhí chleachtadh ag gach
duine a bhí páirteach san athléiriú. Bhí mórshúlta acu i rith an
tSamhraidh, - bhí na Francaigh ag marcaíocht agus na feirmeoirí lena bpíci
ar a nguaillí.
Faoi deireadh thiar thall, bhí an dream réidh in oirchill an lá mór. Bhí
an grian ag taithneamh ar Béal Átha na Muc an lá ar fad cé go raibh na
scamaill dorcha ag bagairt báistí ar gach taobh. Bhí an tseachtain go léir
go h-aoibhinn grianmhar cé nár daibhlaí an aimsir a bhí ann ar fud an
tSamhraidh thart.
I dtosach na n-imeachtaí, bhí mórshúil ó lár an sráidbhaile go dtí Chnoc
Coilltecraobhagh agus na daoine ó gach áit an domhain ann. Ar an chnoc sin,
tá claí nadúrtha atá cosúil le ciorcal mór agus bhain siad úsáid as, chun
roinnt a choimead idir an slua agus na daoine a bhí páirteach san
athléiriú. Bhí orthú sin a dhéanamh go mbeadh na daoine sabháilte. Bhí na
muscéidí, na gunnaí, an púdar agus go háirithe na capaill an-chontúirteach
ar fad. Bhí orthú a bheith réamhchúramach ar eagla na h-eagla.
Bhí córas cainte san áit chun go mbeadh seans ag chuile dhuine san
athléiriú an chómhrá go léir a chloisteáil. Bhí an chuid is mó den chómhrá
i mBéarla, mar sin féin bhí chuid de i nGaeilge agus sa Fhraincis.
Chualamar, "Tá na Sasanaigh ag teacht," - bhí an macalla le chloisteáil go
soiléir tríd na bportaigh.
Chun tús a chur leis an athléiriú chogaidh ar an lá mór, bhí na
hÉireannaigh agus na Francaigh ag ligint a scíth tamaillín ar taobh an
chnoic sa caoí céanna mar a rinne siad é dhá chéad bliain ó shin. Bhí
tuirseach mór orthú tar éis an turais fhada as Muigheo.
Gan fhios d'éinne, cé tháinig ar bharr an chnoic i láthair ach na
Sasanaigh. Thuig fir na pící go raibh níos mó ná deich in aghaidh an fhir
den namhaid os a gcoinne.Tháinig arm an Rí go ciúin, dea-iomprach agus na
muscéidí ullmhaithe acu. Mharaigh said an scabhta - ba é an chéad gnó a bhí
acu ná an déagóir bocht a chur chun báis. Ba radharc brónach osréalach é na
hÉireannaigh a fheiceáil faoi lámhach na gunnaí gan cosaint. Ghéill na
Francaigh (faoi ceannas an Ginerál Humbert). Ach lean fir na pící ag troid
- ba cosúil go raibh siad gan ciall. Ba léir dóibh nach raibh seans ar bith
acu agus bhí fhios acu go raibh an bás i ndán dóibh ar aon caoi. Bhí droch
clú ag an Ginerál Lake a bhí i gceannas na Sasanach. Chuir siad an chuid is
mó dena hÉireannaigh chun báis ar taobh an cnoic beag. Theip ar an iarracht
an fód a sheasamh an lá sin.
I ndiaidh an chéad athléiriú bhí morshúil ag an dream go léir agus lean
chuile dhuine iad go dtí na h-áiteanna ina raibh na cuaille eolais eile le
fáil faoin staire 1798. Glach fir na pící as áiteanna éagsúla in Éirinn
pairt sa mórsiúl - ba iontach an radharc é.
Cruinnigh dream mór san áit a thóg an Gunnadóir Mach Aoidha a sheasamh
teann deireannach. Tá clú agus cáil air go dtí an lá inniu. Is dócha go
mbeidh chuimhne air go deo mar gheall ar an chuntas atá scríobha faoi sa
dán "An Gunnadóir Mac Aoidha" le Eoghan Tuairisc. Bhí an Gunnadóir agus a
comrádaí cróga, curtha chun báis, crochta gan trócaire, nuair a 'Ghluais na
mílte Sasanach dár n-ionsaí ar gach taobh.'
Chríochnaigh na himeachtaí stairiúil i gCnoc Seana-mhullach. Chualamar an
cómhra go léir nuair a ghéill na Francaigh. Chuir na Sasanaigh chun siúil
iad. Ar an chnoc do-dhearmadta, mharaigh na Sasanaigh na hÉireannaigh a bhí
ag iarraidh éalú tríd na bportaigh. Bhí a gcorpanna briste caite le chéile
i n-Uaigeanna na gCrapaí. Tá cuaille eolais san áit a chrochadh an Gineral
Blake a bhí i gceannas na hÉireannaigh. (Ar chuid dena cuaille eolais, ta
an rann cuimhneacháin scríobhtha i nGaeilge, san bhFraincis agus i mBéarla.)
Tháinig a lán cuirteoirí as an Eoraip chuig an lá na gcéadta bliain -
Sasanaigh, Gearmanaigh agus Francaigh. Gach chuile dhuine go raibh a
fréamha acu sa cheantar, bhí siad i láthair. Ní raibh deireadh leis na
h-ionadaí as na Stáit Aontaithe, go mór mór Nua Eabhraich agus an Searsaí
Nua.
Chuir an athléiriú chogaidh deireadh le cúrsaí na seachtaine. Chomh maith
leis an athléiriú, bhí go leor rudaí eile oiliúna á ceiliúradh i mBéal Átha
na Muc faoin chuimhneachán Dhá Chéad Bliain.
Las an pobal tinte cnáimh i dorchadas na h-oíche thart timpeall na háite
sa chaoi go raibh an chómhartha mór '1798' léirithe ar na cnoic. Bhí tóirse
lasta ós chómhair deilbe, an Fear Píce.
Ar lá amháin, bhí staraí ag cur síos ar 1798 agus ar na rudaí a thárla in
Éirinn de bhárr an Éirí Amach sin. Rinne siad comparáid faoin am sin agus
an lá inniu ann. Bhí turas stairiúla le fáil - turas súilóide nó turas ar an
mbus go dtí na h-áiteanna cáiliúla sa cheantar. Glach na contaetha thart
timpeall pairt chomh maith.
Bhí lá an phortaigh ann freisin. Ar an lá sin, bhí seans ag chuile dhuine
eolas a fháil faoi bhaint agus sabháilt na móna. Chríochnaigh an lá le
picnic - an tae, an t-arán agus na h-uibheacha úra díreach mar a rinne siad
sa sean aimsir.
Bhí taispeantas oibhrithe ar siúl chun comparáid a dhéanamh idir saol na
ndaoine fadó agus an lá inniu. Bhí cur síos ar an fheirmeoireacht,
treabhadh an talaimh, buailleadh an cruithneacht agus an coirce agus an
caoi a chuir siad an gort faoi phrátaí. Thaispeáin siad samplaí dena
h-úrlisí feirmeoireachta san am fadó chomh maith leis na h-innill nua
teicnicúil atá acu inniu.
Bhí comórtaisí idir seanchaí agus seans ag gach ceann acu a scéal féin a
insint. Bhí duaiseanna le fáil ag na scéalaí is fearr. Bhí comórtaisí san
iascaireacht agus san galf chomh maith.
Taispeán an gabha an caoi a ndéanadís na cruite gcapall agus iad a chur
faoi chapaill. Bhí crú an capaill, sean agus nua le fáil ar an lá sin mar is
sean-chreideamh in Éirinn é go dtugann an crú an t-ádh ar dhuine. Taispeán
sé dúinn chonas a dhéanadís na pící a úsáidtear i 1798. (Deirtear gur san
áit chéanna a dhéan an gabha na pící a úsáidtear sa troid dhá chéad bliain
ó shin).
Ní raibh deireadh leis an spórt a bhí ann, nuair a bhí cluiche peile
imrithe mar a bhí sé san sean-aimsir. Bhí fear is fiche i ngach
foireann. Tá an ceantar go mórchúiseach as a stair fada atá acu ag fáil
buanna sna cluichí peile. San sean aimsir, ba é an t-aon chuspóir amháin a
bhí ag an foireann ná an liatróid a chur idir an dhá slat - ní raibh mórán
rialacha sna chluichí. Rí rá agus ruaille buaille a bhí ann, ba iad béasa
agus bealaí an spoirt. Ar gach taobh den phairc ina raibh an chluiche, bhí
rudaí suimiúla eile ar siúl. Bhí na mná ag díoladh a n-earraí agus iad
gléasta suas leis na seala agus na n-éadaigh dorcha fada. Chaith na
seandaoine tobac as píopa cailce. Tháinig na daoine ar asail agus cairt
agus ar na pónaí agus carráiste freisin. Cé tiochfadh i láthair ach brídeog
agus a fear céile ar charr cliathánach gléasta suas mar a bhí siad san sean
aimsir. Bhí ceól tradisiúnta ann, bhí na fidléirí le cloisteáil ar fud na
h-áite.
Bhí taispeántais cócaire sean-aimsire le fáil. Taispeánadh an caoi a bhain
na daoine úsáid as prátaí, plúr, bainne, uachtar, im agus bláthach san
cócaireacht, chun rudaí mar arán sóid agus boxty a dhéanamh. Bhain gach
éinne aoibhneas as na samplaí te blasta a bhí le n-ithe acu.
Bhí an áit plódaithe ar an lá a raibh an ceardlann damhsa. Rinne gach
éinne iarracht na damhsaí - céilithe agus na seiteanna - a fhoghlaim. Thug
an 'Glenside Céile Band' ceol damhsa anamiúl dúinn i rith na h-oíche.
Ar an 'Lá Gaeilge' tháinig dream as Coláiste na Ghallimhe a bhí líofa sa
teanga go dtí an ceardlann i nGaeilge. Bhí cúpla muinteoir Gaeilge as an
scoil áitiúil ar bun an rud go léir. Glac mé pairt le 'Síne Fianna Fáil'
agus amhráin eile a chanadh in aonacht leis an dream.
Chuirtear ceardlann Francaise ar bun. Mhínigh siad an ceangal muinteartha a
bhí idir an Fhrainc agus Éireann le fada. Rinne siad cur síos ar an suim
atá ar na micléinn Éireannaigh sa teanga Fraincis. Tháinig ionadaí ón
Fhrainc le haghaidh an chomóradh. Bhí lóistín tugtha dóibh ag na daoine sa
cheantar. Ba bhrea an radharc é na bratacha Éireannaigh agus na bratacha
Francise a fheiceáil ag eitilt go galánta taobh amuigh de na títhe.
Ar an lá a raibh an lón 'a la Francaise' le fáil, bhí an bia blasta thar
moladh. Bhí an cócaireacht déanta i baile beag eile san Fhrainc, Essert de
Belfort, an áit a rugadh an Ginerál Humbert. Tá ceangail idir an dhá baile
le fada an lá.
Gach tráthnóna bhí damhseoirí ar na sráideanna, ar an t-aon bhealach amháin
a théann tríd an sráidbhaile. Chuir na déagóirí agus na páistí a
'Riverdance' féin ar siúl.
Bhí na micléinn i ngach scoil sa chontae an-ghnóthach ag deireadh na bliana
scoile mar bhí duaiseanna le fáil ar an téama '1798'. Bhí seans ag gach
scoláire an stair a léiriú - le tionscnaimh, ealaín, dealbhoireachta,
scéalta, dánta agus amhráin. Ba mhaith liom cur síos a ndéanamh ar an chéad
tionscnámh a chonaic mé sa seomra mór a bhí plódaithe leis na h-ealaín go
léir. Bhí uaig déanta as dair ón portach. Bhí lámha fola ag teacht amach
tríd na créafóige agus na pící ar gach taobh de. 'Sé 'Uaig na gCrapaí'
scríobhtha as Gaeilge a bhí mar inscríbín ar an gcloch chinn den uaig
bhrónach.
Chuir an pobal chríoch leis na h-imeachtaí gach oíche le ceol. Is beag nár
thit an ceann den teach leis na h-amhráin faoi '1798' ar an oíche a bhí na
'Wolfe Tones' i láthair. Thárla sé cúpla oíche go raibh an áit chomh
plódaithe gur b'éigin don coiste stiúrtha deireadh a chur leis an craic
agus an cheol - bhí na sluaite réidh leanúint leis an damhsa go moch is go
mall.
Tar éis an Aifrinn ar an lá deireannach, cruinnigh an t-airm Éireannach,
na polaiteoirí agus an t-Aire Lár na hÉireann, Máire Ruairc san gáirdín
síochána i mBéal Átha na Muc. Nochtaigh sí an cloch-dealbhach ann ar an
ócáid specialta seo os chómhair na gcéadta a bhí bailithe. Tá na pící
neadaithe ar an dealb i gcuimhne '1798' agus colm na síochána le haghaidh
'1998'.
Bhí na h-imeachtaí go léir gan teagmhas. Bhí eolas ag gach duine faoin
uimhir telefón a bhí ag an dream i gceannas na h-imeactaí go léir, go
hoiriúnach '1798'. D'éirigh leis an pobal i Béal Átha na Muc agus an coiste
stiúrtha críoch mhaith a chur ar an chuimnneachán 1798-1998. Bhí siad ag
ullmhú go dian leis an ócáid seo le cúpla bliain anuas. Tá an scéal go léir
foilsaithe ar an idir-ghréasán. Is áit stairiúil é Béal Átha na Muc. Tá an
comharsanacht an-bhródúil faoin áit cáiliúil atá acu. Tá Carraig an Aifrinn
ann, Dún na Siogaí agus 'souterrain' sa cheantar. Cé go raibh na siogaí ag
sileadh na ndeor i 1798, bhí siad ag déanamh ceoil i rith an chomóraidh.
Cheiliúir siad an cultúr, an teanga Gaeilge, an stair, an ceol agus an
damhsa, an talmhaíocht agus toradh na talún. Buíochas don dream go léir as
Béal Átha na Muc.
Le Prionsías Ní Longworth,
1ú lá de Mhí na Nollag, 1998
|