|
Timpeall na bliana 1750, bhíodh tigh tabhairne ag Seán
Ó Tuama an ghrinn agus is ann a bhailíodh filí Cois
Máighe go minic. Is i gCroma, Co. Luimnigh a bhí an
áit seo. I measc na bhfilí a gnáthaíodh
tigh Sheáin bhí an Mangaire Súgach féin --
Aindrias Mac Craith. Fear fial flaithiúil ab eadh Seán
Ó Tuama agus ba ghearr an mhoill ar Aindrias agus a
leithéid " é a ól as tigh agus baile."
Scríobh Seán an bhéarsa seo ag cur síos ar
an aimsir sin. Féach gur meadaracht an luimnigh atá ann.
Is duine mé dhíolas leann lá
Is do chuireas mo bhuíon chun ranncáis,
Mura mbeadh duine im chuideachta dhíolfas,
Mise bheas thíos leis in antráth.
Níor thaithn an píosa seo leis an Mangaire mar cheap
sé gur chuige féin a bhí Seán san aor. Seo
é an freagra a thug sé ar Sheán bocht.
Níl binneas it laoi ná it sheandán
Is ní milis dar linn do streanncán,
Bíonn iomad de thoise do ghloine gan líonadh,
Is d'uisce na díge it bhranndán.
Chuir an Mongánach Béarla ar an véarsa seo:
Both your poems and pints by favour,
Are alike wholly wanting in flavour;
Because its your pleasure
You give us short measure,
And your ale has a ditch water flavour.
Agus ag trácht ar uisce na díge. "Raifterí a
bhí a gabháil thar Dhroichead Chluan' Aoidh aduaidh agus
bhuail tart ar an mbealach é. Isteach leis ag teach atá
le hais an droichid, súil is go bhfaghfadh sé deoch.
Bean a tí bhí sí fallsa leisgiúil agus
ó tharla gan fíor-uisce istigh aici, níor
'úirt sí tada ach pigín (buicéad) a thumadh
i lochán na sráide. Ní ghabhfadh sí fad an
tsrutháin féin. A luaithe is a chuir seisean faoi n-a
shróin é ba léir dó an masla. Chaith
sé uaidh an muga agus d'aithris sé an cheathrú:"
(Séamus Muilleóir 1912)
A dhroichid Chluan' Aoidh 's an teach atá faoi,
Nár fheice Dia choíche an séan air,
A d'eitigh dall caoch faoi fhliuchadh a chroí
'S a thug dhó as linn na ngéabhaí
Agus seo ceann ó Amhlaoibh Ó Loingsigh. Gheall
greasaí péire brea bróga do fhile ach dán a
chumadh á mholadh. Dála an tsean-fhile a fuair bó
in ionad eich ar dhán dá chuid, ba bheag leis an bhfile
seo na bróga agus dúirt:
Tá faraire manntach gan féasóg,
Fear meanaithí reamhra agus bréan-bhróg,
Is fada ta breall air i bhfollas don cheanntar,
Idir Dhroichead na Banndan is Liathróid.
An bhfuil aon bhaint ag na píosaí seo le " limerick " an
Bhéalra? Bheul!
Is fada mé ag cuardach go groí
An luimnigh is a fhoinsí
Tá teipthe orm fós réiteacht an nóis
Ach leanfad á lorg gan sgíth.
Le Barra Ó Donnabháin.
|