|
Is minic ráite é nár mhór do dhuine fáil bháis sula bhfaigheadh
sé an chreidiúint a bheadh ag dul dó, ach níorbh fhíor san i gcás
Mhuiris Kruger Uí Chaomhánaigh. Cinnte, tá ag méadú ar a cháil i
gcónaí ó d'imigh sé uainn ach ní dóigh liom gur casadh éinne
riamh ar Kruger nár thuigh láithreach go raibh sé i gcomhludar rí. Ba phearsa
bhéaloideasa é a raibh teacht i láthair ann agus a sheas amach in aon chomhluadar.
Labhródh sé le bacach ag cúinne sráide nó leis an Uachtarán agus
an meas céanna aige orthu araon. Achná ceapadh éinne gur naomh de shaghas éigin
a bhí i Kruger mar ba chleasaí cruthanta é freisin.
Ní óna athair ná óna mháthair a fuair sé an leasainm Kruger ach
ar scoil. Is amhlaidh a bhí Cogadh na mBórach ar siúl agus é ar scoil. Bhíodh
na leanaí ag caitheamh scailpeanna lena chéile ina dhá líne chogaidh - Sasanaigh
versus Bóraigh. Muiris a bhíodh ina cheannasaí ar na Bóraigh agus is uaidh
sin a baisteadh é.
Saolaíodh Muiris ar an 28 Márta 1894, i mBaile na Rátha, Dún Chaoin. Chuaigh
sé go Meiriceá i 1913 agus chaith sé seacht mbliana dhéag ann. Is iomaí
post a bhí aige i rith an ama. Chaith sé tréimhse ina oifigeach caidhrimh phoiblí
le Metro-Goldwyn Mayer agus chuir sé aithne ar chuid dena réaltaí móra. Níor
creideadh é i gcónaí nuair a bhíodh sé ag cur síos ar eachtraí
a bhain dó thall. Ach bhí cuid mhaith des na scéalta fíor-- bhí aithne aige
ar Marlene Dietrich agus ag Marlene air mar a chruthaíodh nuair a casadh ar a chéile iad i
mBaile Átha Cliath. "Agus níorbh í siúd an t-aon duine cáiliúil
a bhí ar aithne aige. Deir Harry Lush: "D'éirigh dlúthchairdeas idir Kruger agus a
lán de na daoine ba mhó clú agus cáil i Meiriceá an tráth úd
daoine mar Jack Dempsey, Gene Tunney, Al Jolson, Walter Scanlan, Ring Larner, Victor Herbert, John McCormack
agus a lán eile." "Fiú bhí sé mar gharda cosanta ar Éamon de Valera
nuair a thug sé cuairt ar Hartford sa bhliain 1920."
Bhí cúrsaí airgeadúla go dona i Meiriceá agus tháinig sé
abhaile i 1929. Phós sé Cáit Ní Néill agus thóg sé tigh i
nDún Chaoin. D'oscail sé an tigh do chuairteoirí agus bhí sé ag cur
leis ar fead na mblianta. Fuair sé ceadúnas dí dá thig ósta i 1956
agus ní le toil an tsagairt é. Ina dhiaidh sin b'é an tábhairneoir ba
cháiliúla in Éirinn é. Tá Tig Kruger fé lán seoil fós
agus tá nia le Kruger, Pádraig Ó Néill ar an stiúir. Is duine uasal
ceart críochnaithe é Pádraig agus Gael ó thalamh. Tiomnaím an píosa
beag seo dó. Fuair Kruger bás sa Daingean ar an 13 Aibreán 1971. Tá draoíocht
ag baint fós le ainm Kruger. Ní gá ach a ainm a lua chun tús a chur leis na
scéalta. Is iomaí oíche a chaitheas i measc mo cháirde i gCorca Duibhne ag
éisteacht leo. Scríobh Seán Ó Lúing leabhar faoi, Kruger, 1986. Cúpla
bliain ó shoin seoladh Is Cuimhin Linn Kruger -- Tadhg Ó Dúshláine a chuir in
eagar. Séard atá sa leabhar seo ná cnúsach de chuimhní pearsanta ar
Kruger. Ar na húdair tá scoláirí agus scríobhnóirí
cáiliúla na Gaeilge agus sa tarna leath den leabhar tá scéalta i mBéarla
ó chairde taobh amuigh den domhan Gaelach.
"Ní haon chumadh samhlaíochta é Muiris Caomhánach." "Bhí sé ann
inár measc de facto," deir Bo Almqvist. Tá a chrothú san sa leabhar iontach so. Ag
seo síos scéilín nó dhó as.
"Bhí pictiúirí timpeall sa pharlús aige, agus a lán Éireann acu,
agus frámaí orthu: To Kruger with love from -- filmstar éigin. Mae West, is dócha,
iadsan ar fad. Agus tháinig buachaill éigin, agus pé slí a fuair sé an
chaoi, chonaic sé pictiúr don gCroí Ró-Naofa, istigh i bhfráma pé
slí go bhfuair sé an chaoi, chuir sé "To Kruger with love, from God ann,"--- Bab
Feiritéar.
Bhí sár aithne ag Breandán Feiritéir ar Kruger agus é ag fás suas. Deir
sé "go raibh Kruger ana-dheas leis na leanaí. Níor chuaigh sé in aon áit,
aon uair, in aon áit Bleá Cliath ná gur tháinigh sé ar ais le rud
éigin chugam, bhíodh bosca aige go mbíodh peann luaidh nó rud éigint
istigh ann. Bhíodh rud éigin ag teacht aige i gcónaí."
Deir Mícheál de Mórdha gurbh é Kruger a thug ina ghluaisteán é
isteach go dtí Ospidéal Thrá Lí agus é tuairim is sé bliana
d'aois. "Ní raibh aon Bhéarla agam ag an am agus is é Kruger an teanga labhartha a
bhí agam le lucht an Ospidéil.Tuigeadh dom ag an am go raibh aithne ag a raibh de dhaoine
i dTrá Lí ar Kruger agus aithne aige siúd orthu chomh maith." "Thóg sé
ár gcroíthe go minic le scéalta, le greann, le gáire, le háiféis
b'fhéidir rud a dheineann údar maith," Brian Mac Mathúna. Críochnód le
píosa a scríobh Seán Ó Ríordán i ndiaidh a bháis. "Fear
mór ab ea é, fáthach. Bhí sé mór ar gach slí. Bhí
sé mór i dtoirt, mór i bhfuinneamh, mór i bpearsantacht, mór i meanma,
mór i machnamh, mór i dteacht i láthair. Agus maidir lena chroí bhí oiread
bó de chroí aige." Fágaimís mar sin é. Bímís buíoch
go raibh fear dá chumas ar ár gcine.
Le Barra Ó Donnabháin.
|