|
Dé hAoine 2ú lá
Márta 1770, bhí Matthew Kilroy, saighdiúir ón
29ú Reisimint Shasanach, ag siúl an chalaid i mBoston ag lorg
oibre pairtaimseartha. Fear colgach tintrí ab ea é ar cuireadh
gadaíocht ina leith cúpla seachtain roimis sin..."Ag lorg
oibre atán tú," arsa siopadóir téad, darabh
ainm, Samuel Gray, "tá leithreas agam le glanadh."
"Sin í an t-aon saghas oibre a oirfeadh duit-se." Thug
Kilroy sonc sa phus dó ar an bpointe. Má thug, d'ionnsaigh dream
téadairí é agus, mar deirtear i gCúil Aodha,
d'fhágadar an tsúil ar an malainn aige. Chuaigh sé ar ais
go dtí a bhearaic agus fonn díoltais ag fiucadh ina
chroí.
Dob as Baile Atha Cliath do Kilroy agus
ní raibh sé chun an léasadh agus na masalaí a
ligint in aisce le Gray agus a chuid cáirde. Bhí sé ar
ais ar an gcaladh, roimh oíche agus dáréag
saighdiúirí ina theannta. Bhí ina raic
láithreachach agus b'é deire an scéil ná go raibh
ar na saighdiúití cúlú. Chuadar i gcogar ceilge le
chéile sa bhearaic. Chuaigh an ráfla ar fuaid na cathrach go
ndúirt saighdiúir éigin " nách
ndéanfadh muintir Bhoston dearmad go deo ar oíche de luain, a
bhí chucu, mar go mbeadh slua díobh sínte roimh mhaidin.
Chuir an méid sin áthas
agus glionndar croí ar Sam Adams. "Breo na
Réabhlóide" a thugdar ar Sam agus ní gan fáth
é. B'é siúd a bhí ina thaoiseach ar
Bhuachaillí na Saoirse a raibh de cuspóir aca na Sasanaigh a
dhíbirt as Nua - Shasana. Cóip na sráide a thug muintir
ghalanta Boston ar na Buachaillí. Thuigh Sam go mbeadh cabhair agus
tacaíocht ó Gray agus a lucht leanúna. Chuir sé
cogar i gcluasa na mBuachaillí. Ba chumann rúnda é agus
bhíodh aigheanna fidil á gcaitheamh ag na ceannairí go
minic. Bhíodh leasainmneacha aca orthu féin freisin.
"Joyce Junior" an ainm a
bhí ar cheann des na ceannairí. (Joyce jr an ainm a bhí
ar an bhfear a bhain an ceann de Shearlas 1.). Deir Abigail Adams go bhfaca
sí Joyce,lá, ar mhuin capaill, cóta dearg agus
bréagfholt bán air, cúig chéad dá
cháirde timpeall air, ag tionlacan cúigear Tóraithe go
himeall na catharach.
Bhí cóta dearg agus
bréagfholt bán ar an bhfear a labhair leis na daoine , taobh
amuigh de Faneuil Hall, tuairim is 7.30 ar an luan cinniúnach sin.
Chaith sé fiche nóiméad á ngríosú
agus nuair a bhí deire ráite aige bhí an slua ar dearg
mire, ag lorg fola. Cérbh é an fear sin? Arbh é Joyce
Junior é? Cérbh é Joyce Junior? Deir daoine gur Sam
Adams féin a bhí ann. Ach is é tuairim formhór na
staireolaithe, áfach, gur dhuine darabh ainm William Molyneux a spreag
muintir Bhoston chun troda. Dob as Baile Atha Cliath do Molyneaux, freisin.
Dochtúir ba eadh é agus tá leabhar againn uaidh
"Case of Ireland", ina bpléann sé saoirse na
hÉireann.. Bhain Sam Adams an úsáid as an leabhar
céadna. Agus is dealraitheach gur bhain sé úsáid
as líofacht William an oíche úd mar ba sár
chainteoir é. Ghluais an slua i dtreo "Murray Barracks" agus
isteach sa Stair. Bhí cogadh na Saoirse chun tosnú. Ag ceann an
tslua sin bhí beirt fhear, Crispus Attucks agus Pádraig Keaton,
fear gorm agus Éireannach. "Beagáinín chun tosaigh,
bhí an fear árd gorm seo, Crispus Attucks, agus dhá bhata
ina láimh aige." "Nuair a thángas suas leis,
shín sé ceann des na bataí chugam. Ghlachas uaidh le
buíochas é."
Sin Pádraig Keaton ag tabhairt
fhianaise sa chúirt níos déanaí. Shrois an slua
an Teach Custaim. Bhí bothán fairtheora ós a chomhair
amach agus saighdiúir darbh ainm Montgomery istigh ann. Ghlac eagla
agus uamhan é nuair a chonaic sé an slua chuige agus fuadar
futhu. Dhírigh sé an gunna ar Crispus Attucks, an duine ba
ghoire dó, agus chrom sé ar "Cabhair, cabhair!" a
ghlaoch in árd a chinn is a ghutha. "Má scaoileann
tú leis, crocfar thú cinnte," arsa Henry Knox leis. Rugadh
Knox i mBéal Feriste agus bhí siopa leabhar aige i mBoston.
"Séidfidh mé an intinn as," arsa Montgomery. Ansan
díreach tháinigh Captaen Preston aníos an tsráid
agus seachtar "cótaí dearga" armtha fairis. Dob
Ultach Preston freisin. I measc na gcótaí dearga bhí
Matthew Kilroy agus ceathrar Baile Atha Cliathach eile. Shocraíodar
beaignití agus sheasadar taobh le Montgomery, a bhí fós
sa mbothán.
"An bhfuil sé ar intinn
agat scaoileadh leis na daoine seo." arsa Knox le Preston.?
"Níl," ar sé. Bhí cuid des na daoine ag
caitheamh liathróidí sneachta leis na saighdiúirí.
Thug Montgomery ina cheann teacht amach as an mbothán ag an bpointe
sin agus d'ísligh sé a ghunna sa tslí amach dó.
Thug Crispus sonc dó agus chaill sé a ghreim ar an ngunna. Rug
an fear gorm greim barróige air agus chuir sé ar fhleasc a
dhroma ar an dtalamh é. "Tairigí airm," arsa Preston.
Tháinig ciúnas ar an slua. "Scaoiligí" arsa
guth ó dhuine éigin des na saighdiúirí. Níl
fhios againn go dtí an lá atá inniu ann, cé
dúirt "Scaoiligí". Niorbh é Preston a labhair
de réir na bhfinnéithe. Is air a bhí cuid mhór
den slua ag faire, ag an am. Ceapann go leor staireolaithe gurbh é
Kilroy a labhair . Chonnaic Kilroy Samuel Gray sa tslua agus chuir sé
urchar ina cheann. D'admhuigh sé an méid sin sa chúirt.
Scaoil Montgomery le Crispus Attucks agus mharbh sé é.
Maraíodh triúr ar an dtoirt agus fuair beirt bás
dá gcneácha. Ortha siúd bhí Padraig Carr a
goineadh sa bholg agus a fuair bás naoi lá ina dhiaidh sin.
B'é Pádraig Carr a
shábháil na saighdiúirí ón gcroich mar thug
sé fianaise nách rabhadar ach á gcosaint féin,
nuair a scaoileadar leis an slua. Chreid sé go raibh an slua ag
bagairt ar na saighdiúirí. Níor thóg sé
orthu, é féin a lamhach, agus mhaith sé dhóibh
é. Bhí 96 finné eile agus a mhalairt de scéal ar
fad aca. Thugadar an leabhar nách raibh éinne ag bagairt ar na
cótaí dearga agus go raibh an slua go ciuin dea-bhéasach
i rith an ama. Chreid an coiste Carr agus fuarthas na
saighdiúirí neamhchiontach i n-dúnmharú. Fuarthas
Montgomery agus Kilroy ciontach i ndúnorgain (manslaughter). Cuireadh
comhartha M ar a n-órdóga le hiarann dearg. Thug na
himeachtaí seo tuille lóin chogaidh do Sam Adams. Bhí na
mairtírigh aige anois. Ní bhíonn réabhlóid
gan mhairtírigh. Bhí an lasóg sa bharrach faoi dheire.
Agus b'é Kilroy a las.
Is maith is eol dom go bhfuil daoine ag
léamh an ailt seo, a bhfuil eolas doimhin aca ar stair Mheiriceá
agus ar na hÉireannaigh a lonnaigh sa tír seo. Ní
staireólaí mé ach tá suim mhór agam sa
stair. Spreag daoine mar Ken Nilsen, John Ridge, Willie Mahon agus Des
Johnson mé, dul i mbun staidéir. B' fhéidir go spreagfadh
na píosaí beaga seo cúpla duine eile. Tá mianach
óir amuigh ansin.
Le Barra Ó Donnabháin.
|