|
Bunaíodh Seirbhís Fhomhuirí Stáit Aontaithe Mheiriceá
ar 11 Aibreán 1900, nuair a cheannaigh Rannóg an Chabhlaigh, an
bád-fó-thuinn, Holland VI, ón bhfear a cheap agus a thóg
í --- John P. Holland. Thairg Holland pleannanna fomhuireáin don
Chabhlach cúig bliana fichead roimis sin ach chuireadar suas díobh.
Thugadar "fantastic scheme of a civilian landsman," orthu. Faoi 1900 bhí
fomhuireán de shaghas éigin ag cabhlaigh na Fraince agus bhí na
Sasanaigh ag baint triail as ceann dá gcuid féin. Ghlac eagla na
Meiriceánaigh agus chuireadar scairt ar an "civilian landsman" chun teacht
i gcabhair orthu.
Saolaíodh John P. Holland i Lios Ceanúir i gCo. an Chláir, 24 Feabhra
1841. Bhí triúr deartháir aige Albert, Robert agus MĚcheál.
Fuair Robert bás sa Ghorta Mór. Ba í an Ghaeilge gnáth theanga
an teallaigh agus níor chuir John eolas ar an mBéarla go raibh sé
ar an Scoil Náisiúnta i Lios Ceannúir. Chuaigh sé ar aghaidh
ón scoil sin go dtí na Bráithre Críostaí in Inis
Díomáin. Garsún ábalta éirimiúl ab ea é
agus de réir gach tuairisce bhí ana ghreim aige ar chúrsaí
eolaíochta.
Ní raibh sé ach dhá bhliain déag d'aois nuair a fuair a
athair bás. Bhí an saol go hainnis acu ina dhiaidh sin. Ó thaobh
oideachais dhe, chabhraigh na Bráithre leo. Sa bhliain 1858 chuaigh John go
Sráid Sexton i gcathair Luimní mar ar ghlac sé móideanna
tosaigh na mBráithre Críostaí. Rinneadh múinteoir de.
Thug sé blianta ag múineadh i scoileanna na mBráthar, sa Mhainistir
Thuaidh i gCorcaigh, i bPortlaoise, i nDroichead átha agus i nDún Dealgan.
De réir an scéil ba shár-mhúinteoir é agus fara sin
ba cheoltóir le dealramh é. Ach ar feadh an ama bhí rud eile ar
fad ag dó na geirbe aige.
Bhí suim mhór aige sa bhfarraige agus sna báid-fó-thuinn.
Bhí staidéar domhain déanta aige orthu agus chuir gníomhartha
na bhfomhuireán, sa Chogadh Cathartha i Meiriceá, go mór lena spéis
iontu. Éireannach eile, John McClintock, a dhear an fomhuireán Huntley a
chuir an long chogaidh US Housatonic go grinneall, ós comhair Charlestown amach,
le linn an chogaidh sin. I ndeireadh na seascaidí thosnuigh Holland ag crothú
mionsamhlacha agus á dtriail i ndabhach i nDún Dealgan.
Ní raibh an tsláinte go maith riamh aige agus i dtosach na seachtóidí
thosnuigh sí ag teip air arís. Ó nách raibh na móideanna
deireanacha glactha aige fós fuair sé cead ón Ord éirí
as agus i 1873 thug sé a aghaidh ar Bhoston mar a raibh Mícheál an
duine ab óige den chlann. Bhí Mícheál ina bhall dena
Fíníní agus chuir sé John in aithne dona ceannairí.
Chuireadar siúd ana shuim ina chuid oibre. D'aistrigh John go Paterson, NJ, mar a
bhfuair sé post mar mhúinteoir i Scoil Pharóiste Naomh Eoin. D'fhan
sé ansan go dtí 1879 nuair a tháinig na Fíníní
chuige le tairiscint nárbh fhéidir leis a diúltú.
Mar dúras thuas chuir John Devoy agus a lucht leanúna suim sna fomhuireáin.
Thuigeadar go maith gur bhraith cumhacht Impireacht na Breataine ar an gcabhlach. Seans
go bhféadfaidís an cabhlach fabhlach san a scriosadh le cabhair ó Holland.
Bhí an t-airgead acu agus chuireadar Holland ag obair. D'íochadar as an
"Fenian Ram" agus dhá bhád eile. Ag bun sráid 13 Thiar, i gCathair Nua
Eabhrac i gceárta an Delamater Iron Company a tógadh iad. D'éirigh go
maith leis an Fenian Ram lá na dtrialacha.
John Holland féin a bhí ag an stiúir agus bhí slua mór
bailithe ar an gcaladh i mBrooklyn. Bhí Holland ar tí tumtha nuair a mheas
sé gur chuala sé daoine ag screadach ón gcaladh. Tháinig sé
aníos agus d'oscail an chomhla. Cad a chonaic sé ach buachaill gorm
scéiniúil agus greim an fhir bháite aige ar an dtúirín.
Mheall Holland isteach sa bhád é agus lean leis an dtriail. Níos
déanaí nuair a tháinig sé aníos arís chonaic beirt
fhear i mbád iad ag teach as an dtúirín agus chuadarsan láithreach
go dtí na póilíní leis an scéal --- go bhfacadar an
diabhal féin agus a dheisceabal ag teacht as béal ollphéiste sa chuan.
D'éirigh dream dena Fíníní mífhoighneach le Holland agus oíche dhorca
i Mí na Samhna 1883 ghoideadar an Fenian Ram agus an Fenian Junior leagan beag den cheann eile agus
sheoladar i dtreo Connecticut. Ar a slí dóibh tháinig athrú ar an aimsir agus chailleadar
an ceann beag. Shroiseadar Connecticut leis an Fenian Ram. Bhíodar ag súil le hí a thabhairt
go hÉirinn ach thuigeadar nách raibh go leor cleachtadh fós acu chuige sin. Lá dá
rabhadar ag cleactadh ar an abhainn ghabh na póilíní iad agus coigistíodh an bád.
Tá an "Fenian Ram" le feiscint fós i Westside Park, Patterson, NJ. Dála an scéil cuireadh
ar taispeáint í, ar feadh tamaill, i Madison Square Gardens, taréis Éirí Amach na
Cásca 1916, nuair a bhí na Fíníní ag bailiú airgid chun cabhraithe leo thall.
Chaith Holland tamall ina dhréachtóir ag Roland's Iron Works agus ag
cúpla comhlacht eile. Ní raibh an t-airgead riamh aige chun na smaointe
a bhí ina cheann aige a chur chun críche. Phós sé
Maighréad Ní Fhoghlú i mBrooklyn i 1887. Seachtar clainne a
bhí acu. Mhair duine acu Marguerite go dtí 1960. I Feabhrú na
bliana 1893 chabhraigh dlíodóir dárbh ainm Elihu B. Frost leis an
"Holland Torpedo Boat Co." a chur ar bun. Sa bhliain chéanna bhuaigh Holland
comórtas a chuir an Cabhlach ar bun ag tairiscint deontais ar an bhfomhuireán
ab fhóintí. Ní bhfuair sé an t-airgead de dheasca mhaorlathais.
Bhuaigh sé arís i 1895 agus thóg sé an fomhuireán
"Plunger" dóibh. I gcoinne tola Holland d'athraigh innealtóirí de
chuid an Chabhlaigh an oiread sin stuif sa Plunger gur scriosadar ar fad í agus
d'éirigh an Cabhlach as an gconradh. In 1898 thug Rúnai an Chabhlaigh
Teddy Roosevelt tacaíocht dá Holland VI. Dhá bhliain ina dhiaidh
sin cheannaíodar í agus d'ordaíodar sé cinn eile. Bhí
a chuid aráin fuinte faoi dheireadh. As sin amach ba ghnó mór,
tógáil fomhuireán. Ar ndóigh thóg comhlacht Holland
báid dona Rúisigh agus dona Seapánaigh freisin ---- bhí a
chathú san orthu níos déanaí. I ndiaidh a chéile
tháinig na dlíodóirí agus na fir ghnó chun tosaigh
sa chomhlach agus ruaigeadar Holland as. D'fhág sé slán acu i 1907.
Ó am go chéile thug sé faoi chomhlacht eile a bhunú ach bhí
na dlíodóirí ró-ghasta dhó. Mar sin féin
níor fhan sé díamhaoin. Idir 1907 agus bliain a bháis, 1914,
bhí obair i bhfad níos tabhtachaí na tógáil
fomhuireán ar siúl aige. Chaith sé na blianta deireanacha san ag
múineadh Gaeilge dona Gaeil Mheiriceánacha i dTrenton.
Gluais: Fomhuireán = submarine. Coigistigh = confiscate.
Dear = design. Mionsampla = minature. Dréachtoir = draftsman.
Bhí a chuid aráin fuinte = his bread was kneeded, i.e. his ship had come in.
Chuir siad suas de = They turned it down. Maorlathas = bureaucracy.
Le Barra Ó Donnabháin.
|