Daltai na Gaeilge

John Holland

Bunaíodh Seirbhís Fhomhuirí Stáit Aontaithe Mheiriceá ar 11 Aibreán 1900, nuair a cheannaigh Rannóg an Chabhlaigh, an bád-fó-thuinn, Holland VI, ón bhfear a cheap agus a thóg í --- John P. Holland. Thairg Holland pleannanna fomhuireáin don Chabhlach cúig bliana fichead roimis sin ach chuireadar suas díobh. Thugadar "fantastic scheme of a civilian landsman," orthu. Faoi 1900 bhí fomhuireán de shaghas éigin ag cabhlaigh na Fraince agus bhí na Sasanaigh ag baint triail as ceann dá gcuid féin. Ghlac eagla na Meiriceánaigh agus chuireadar scairt ar an "civilian landsman" chun teacht i gcabhair orthu.

Saolaíodh John P. Holland i Lios Ceanúir i gCo. an Chláir, 24 Feabhra 1841. Bhí triúr deartháir aige Albert, Robert agus MÌcheál. Fuair Robert bás sa Ghorta Mór. Ba í an Ghaeilge gnáth theanga an teallaigh agus níor chuir John eolas ar an mBéarla go raibh sé ar an Scoil Náisiúnta i Lios Ceannúir. Chuaigh sé ar aghaidh ón scoil sin go dtí na Bráithre Críostaí in Inis Díomáin. Garsún ábalta éirimiúl ab ea é agus de réir gach tuairisce bhí ana ghreim aige ar chúrsaí eolaíochta.

Ní raibh sé ach dhá bhliain déag d'aois nuair a fuair a athair bás. Bhí an saol go hainnis acu ina dhiaidh sin. Ó thaobh oideachais dhe, chabhraigh na Bráithre leo. Sa bhliain 1858 chuaigh John go Sráid Sexton i gcathair Luimní mar ar ghlac sé móideanna tosaigh na mBráithre Críostaí. Rinneadh múinteoir de. Thug sé blianta ag múineadh i scoileanna na mBráthar, sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh, i bPortlaoise, i nDroichead átha agus i nDún Dealgan. De réir an scéil ba shár-mhúinteoir é agus fara sin ba cheoltóir le dealramh é. Ach ar feadh an ama bhí rud eile ar fad ag dó na geirbe aige.

Bhí suim mhór aige sa bhfarraige agus sna báid-fó-thuinn. Bhí staidéar domhain déanta aige orthu agus chuir gníomhartha na bhfomhuireán, sa Chogadh Cathartha i Meiriceá, go mór lena spéis iontu. Éireannach eile, John McClintock, a dhear an fomhuireán Huntley a chuir an long chogaidh US Housatonic go grinneall, ós comhair Charlestown amach, le linn an chogaidh sin. I ndeireadh na seascaidí thosnuigh Holland ag crothú mionsamhlacha agus á dtriail i ndabhach i nDún Dealgan.

Ní raibh an tsláinte go maith riamh aige agus i dtosach na seachtóidí thosnuigh sí ag teip air arís. Ó nách raibh na móideanna deireanacha glactha aige fós fuair sé cead ón Ord éirí as agus i 1873 thug sé a aghaidh ar Bhoston mar a raibh Mícheál an duine ab óige den chlann. Bhí Mícheál ina bhall dena Fíníní agus chuir sé John in aithne dona ceannairí. Chuireadar siúd ana shuim ina chuid oibre. D'aistrigh John go Paterson, NJ, mar a bhfuair sé post mar mhúinteoir i Scoil Pharóiste Naomh Eoin. D'fhan sé ansan go dtí 1879 nuair a tháinig na Fíníní chuige le tairiscint nárbh fhéidir leis a diúltú.

Mar dúras thuas chuir John Devoy agus a lucht leanúna suim sna fomhuireáin. Thuigeadar go maith gur bhraith cumhacht Impireacht na Breataine ar an gcabhlach. Seans go bhféadfaidís an cabhlach fabhlach san a scriosadh le cabhair ó Holland. Bhí an t-airgead acu agus chuireadar Holland ag obair. D'íochadar as an "Fenian Ram" agus dhá bhád eile. Ag bun sráid 13 Thiar, i gCathair Nua Eabhrac i gceárta an Delamater Iron Company a tógadh iad. D'éirigh go maith leis an Fenian Ram lá na dtrialacha.

John Holland féin a bhí ag an stiúir agus bhí slua mór bailithe ar an gcaladh i mBrooklyn. Bhí Holland ar tí tumtha nuair a mheas sé gur chuala sé daoine ag screadach ón gcaladh. Tháinig sé aníos agus d'oscail an chomhla. Cad a chonaic sé ach buachaill gorm scéiniúil agus greim an fhir bháite aige ar an dtúirín. Mheall Holland isteach sa bhád é agus lean leis an dtriail. Níos déanaí nuair a tháinig sé aníos arís chonaic beirt fhear i mbád iad ag teach as an dtúirín agus chuadarsan láithreach go dtí na póilíní leis an scéal --- go bhfacadar an diabhal féin agus a dheisceabal ag teacht as béal ollphéiste sa chuan.

D'éirigh dream dena Fíníní mífhoighneach le Holland agus oíche dhorca i Mí na Samhna 1883 ghoideadar an Fenian Ram agus an Fenian Junior leagan beag den cheann eile agus sheoladar i dtreo Connecticut. Ar a slí dóibh tháinig athrú ar an aimsir agus chailleadar an ceann beag. Shroiseadar Connecticut leis an Fenian Ram. Bhíodar ag súil le hí a thabhairt go hÉirinn ach thuigeadar nách raibh go leor cleachtadh fós acu chuige sin. Lá dá rabhadar ag cleactadh ar an abhainn ghabh na póilíní iad agus coigistíodh an bád. Tá an "Fenian Ram" le feiscint fós i Westside Park, Patterson, NJ. Dála an scéil cuireadh ar taispeáint í, ar feadh tamaill, i Madison Square Gardens, taréis Éirí Amach na Cásca 1916, nuair a bhí na Fíníní ag bailiú airgid chun cabhraithe leo thall.

Chaith Holland tamall ina dhréachtóir ag Roland's Iron Works agus ag cúpla comhlacht eile. Ní raibh an t-airgead riamh aige chun na smaointe a bhí ina cheann aige a chur chun críche. Phós sé Maighréad Ní Fhoghlú i mBrooklyn i 1887. Seachtar clainne a bhí acu. Mhair duine acu Marguerite go dtí 1960. I Feabhrú na bliana 1893 chabhraigh dlíodóir dárbh ainm Elihu B. Frost leis an "Holland Torpedo Boat Co." a chur ar bun. Sa bhliain chéanna bhuaigh Holland comórtas a chuir an Cabhlach ar bun ag tairiscint deontais ar an bhfomhuireán ab fhóintí. Ní bhfuair sé an t-airgead de dheasca mhaorlathais. Bhuaigh sé arís i 1895 agus thóg sé an fomhuireán "Plunger" dóibh. I gcoinne tola Holland d'athraigh innealtóirí de chuid an Chabhlaigh an oiread sin stuif sa Plunger gur scriosadar ar fad í agus d'éirigh an Cabhlach as an gconradh. In 1898 thug Rúnai an Chabhlaigh Teddy Roosevelt tacaíocht dá Holland VI. Dhá bhliain ina dhiaidh sin cheannaíodar í agus d'ordaíodar sé cinn eile. Bhí a chuid aráin fuinte faoi dheireadh. As sin amach ba ghnó mór, tógáil fomhuireán. Ar ndóigh thóg comhlacht Holland báid dona Rúisigh agus dona Seapánaigh freisin ---- bhí a chathú san orthu níos déanaí. I ndiaidh a chéile tháinig na dlíodóirí agus na fir ghnó chun tosaigh sa chomhlach agus ruaigeadar Holland as. D'fhág sé slán acu i 1907.

Ó am go chéile thug sé faoi chomhlacht eile a bhunú ach bhí na dlíodóirí ró-ghasta dhó. Mar sin féin níor fhan sé díamhaoin. Idir 1907 agus bliain a bháis, 1914, bhí obair i bhfad níos tabhtachaí na tógáil fomhuireán ar siúl aige. Chaith sé na blianta deireanacha san ag múineadh Gaeilge dona Gaeil Mheiriceánacha i dTrenton.

Gluais: Fomhuireán = submarine. Coigistigh = confiscate. Dear = design. Mionsampla = minature. Dréachtoir = draftsman. Bhí a chuid aráin fuinte = his bread was kneeded, i.e. his ship had come in. Chuir siad suas de = They turned it down. Maorlathas = bureaucracy.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar "Súil Siar".  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá "Súil Siar" le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.

 

Return to Articles.