Cart

Recent Posts

Is Minic Geanúil Gránna!

Ní raibh i mBreandán Ó Beacháin (Brendan Beahan) ach buachaill sé bliana deag d’aois nuair a chéad cuireadh i bpriosún é, i Learphoill Shasana. Fuarathas mianach pléascáin ina sheilbh i dteach lóistín in Everton. Tugadh YPs (Young Prisoners) ortha agus bhíodh sciathán fé leith aca ag an am.

Breis is deich mbliana feichead ó shoin, scríobh Breandán alt ag cur síos ar eachtra a bhain dó nuair a bhí sé istig agus táim-se anois chun cnámha an scéil sin a thabhairt dhaoibh. Na focail atá idir lúibíní is le Breandán iad.

“Tráthnóna amháin bhí mé fhéin agus YP eile darbh ainm Reggie Meyers ag ní an urláir i “C wing,” agus muid sásta go leor leis an gcion oibre bhí á dhéanamh againn. Mar bhí rial an tost daingean i bPríosún Learphoill. Dá bhfaighfí ag caint thú, fiú amháin ag cogarnaíl, gheobhfá trí lá in Uimhir a hAon ar uisce agus arán, go siúráilte.”

“Bhíomar ag obair le huisce fuar, agus ar lámha dubh-ghorm leis an fhuacht, ach bhíomar comh sásta is dá mbeimís cois teine, mar bhíomar in ann cainnt a dhéanamh gan éinne ag cur isteach orainn. Bhíomar ag cogarnaíl is ag gáire mar is dual do dhaoine óga, go dtí gur chualamar coiscéim taobh thiar dinn.”

“Bhuel, a bhuachaillí, adúirt an guth seo. D’fhéachamar suas, agus níorbh duine des’ na “screws” bhí ann cor ar bith, ach sean-fhear cneasta a bhí ag caitheamh éadaigh dhubha agus a raibh gáire beag lách ar a aghaidh aige. “Evening sir,” adeir Reggie leis. “Evening boys” adeir an sean-fhear.

“Ní dúirt mise tada mar ba shean eolas dom an t-am sin, i dtaobh oifigigh príosúin agus príosúnaigh fhéin nárbh áil leo an blas Éireannach.” Do chuir an sean-fhear cuile shórt ceiste ar Reggie agus mhol sé dhó litir a scríobh abhaile gach seachtain. Ansan thosnuigh sé ar Bhreandán a cheistú.

“Anois cad as duit fhéin a bhuachaill?” As Éirinn mé a dhuine uasail” agus mé an-amhrasach faoin fhaid a leanfadh ár gcaradas nuair a chloisfeadh sé sin. Ach níorbh amhlaidh dó. “An eadh” adeir sé go sásta, “Bhfuil fhios agat Baile Atha Cliath?” “Is Bleá Cliathach mé, a dhuine uasail.” “Bhuel, bhuel, an bhfuil fhios agat Neary’s i Chatham Streed?” “Tá ” arsa mise. “Is maith liomsa Baile Atha Cliath agus is minic a bhíos thall ansan ar ghnó.”

Lean an duine uasal á gceistiú ar fead tamaill agus ansan thóg sé mála milseán amach as a phóca agus thairg sé dóibh iad. “Thógamar cúpla ceann agus ghabhamar buíochas leis.” “Slán leat ” arsa mise díreach ins na focail sin, mar cheap mé nár mhiste leis beannacht Gaeilge nuair bhí sé chomh ceanúil sin ar Éirinn agus a muintir.

“Bhuel, cén sort cruinniú máthar atá ar siúl anseo?” arsa an screw go fíochmhar. “Is cén sórt bídh atá á chogaint agaibh?” “Cá bhfuair sibh é? ” Níl ann ach cúpla “acid drops” a thug sean-fhear deas dúinn,” arsa Reggie. Ghlaoidh sé ar “screw” eile agus dúirt. “Fuaireadar milseáin ó shean-fhear deas, “acid drops a fuair siad uaidh”.

“M’anam ” arsa an duine eile, “go bhfaighidh siad “drop” eile uaidh, muna n-athraíonn siad a gcuid béasa.”

Is é bhí ann dáiríre ná Uilliam Pierropoint an crochadóir.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.