Daltai na Gaeilge

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin

Téann an Gobán Saor comh fada siar is atá siar ann i stair litríocht na hÉireann. Dia de chuid na dTuatha Dé Dannan ab eadh é ar dtús. Goibniú an t-ainm a bhí air agus bhí sé ina ghabha ag na Tuatha Dé. Castar orainn é i gCath Maige Tuired agus é ag obair sa cheárta -- " roboi (bhí) Goibnenn goba isin cerdchai ag dénam calc agus gai agus sleg."

Ach sna scéalta béaloideasa, is mar shaor cloiche nó siúinéir den scoth is mó a fheicimid é. Is ó Chúige Laigheann na scéalta is túisce atá againn faoi, ach le himeacht aimsire leath a chlú agus a cháil ar fuaid na hÉireann agus na hAlban.

De réir dealraimh bhíodh an tóir air mar ní raibh a shárú le fáil mar cheárdaí. Níl aon teora leis an méid oibre a rinne sé lena ré. Deir na sean daoine gurbh é a thóg caisleán lastoir d' Chuan Dor im thaobh-se tíre. Tá scéal ag gabháil leis an dtógáil sin agus leis an rí ar leis an caisleán.

Chuaigh an Gobán chun margaidh leis an rí faoi chaisleán a thógáil ar suim airithe airgid. Ar aon chuma bhí an obair chóir a bheith déanta agus bhí an rí lán sásta leis an áit nua. Ach ní raibh an rí sásta leis an méid airgid a bhí á lorg ag an nGobán. Dúirt an rí gur chóir an Gobán Daor a bheith mar ainm air -- bhí sé gasta leis na focail. Ní bhogfadh an Gobán. Rinneadh an margadh, agus dar leis an Gobán níor cheart don rí dul siar air. Nách sleamhain iad leacha an tighe mhóir?

Cheap an Gobán go raibh leis agus an lá dar gcionn, go moch ar maidin, bhí sé ag cur a chomhartha féin, cat le dhá eireaball, ar an gcloich dheireannach. Tháinigh an rí agus beirt shaighdiúirí amach agus sciobadar an dréimre agus d'fágadar an Gobán tréigthe ar bharr an chaisleáin.

"Tá deire lem chuid damhsa anois murab ionann is riamh," arsa an Gobán leis féin. D'fhan mar a raibh aige ar fead tamaill fhada ag machnamh ar a chás. Bhí an ghrian ag dul fé nuair a chuala sé guth ón mbóthar -- "Cad tá agat á dhéanamh thuas ansin gan dréimre ná faic?" Amadán a bhí ann agus é ar a bhealach go Sasana. " Nead atá déanta agam anso agus táim ag breith ubh ann" arsa an Gobán go searbh.

Lean an t-amadán ag féachaint air agus fé dheire d' innis an Gobán an scéal go léir dó. "Tusa a thóg an caisleán?," arsa an t-amadán. "Is mé go deimhin," arsa an Gobán. "Nách bhfuil sé níos fusa trí chloch a chaitheamh síos ná ceann amháin a chur suas" arsa an t-amadán agus as go brách leis an bothar soir. Rug an Gobán ar a chasúr agus chuir sé chuige.

Nuair a chuala an rí an rí-rá go léir amuigh, amach leis. Thuig sé cad a bhí ar siúl nuair a chonaic sé cioth cloch ag teacht anuas. "Stad!" ar sé, "Iocfaidh mé as do chuid oibre." Chríochnuigh an Gobán a chuid oibre go slachtmhar, fuair sé an t-airgead agus bhailigh sé leis as an gceanntar.

Bhí Dia leis an nGobán an lá úd nuair a chasadh an t-amadán leis. Ní facthas amadán in Iarthar Chorcaí ó shoin i leith!!

Le Barra Ó Donnabháin


NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar "Súil Siar".  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá "Súil Siar" le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.

 

Return to Articles.